AN GAOḊAL.
245
AḊLACAḊ an t-SAOI ṠEÁĠAIN Uí MÓRḊA.
Translation, by M. Ua C., Allegheny, Pa.
1
Ní raiḃ druma cluinte, ná nóta brónaċ,
Mar a ċorp do 'n dún do ḋeifríġeamar;
Ní léig aon sáiġdeur a láṁaċ deirionaċ
Ós an uaiṁ mar ar luan do aḋlacamar.
2
D' aḋlacamar go dorċa é i g-ciúineas na h-oíḋċ',
An fód le n-ar lansaiḃ aig casaḋ;
Tre léus ceóḋaċ gaeṫeaḋ gealaiġ saoṫraiġ,
'S an lóchran go dorċa aig lasaḋ.
3
Níor ġlac cóṁra neiṁféiḋmeaṁual a ċom,
Ná í m-bratlin no marḃfáisg do ceanglaḋ é;
Aċd do luíḋe sé mar luan a' glacaḋ a ṡuain
Ann a ḃrat cogaṁail do ṫimċioll é!
4
Is tearc 's is geárr ḃí ar n-urnaiġ' air an marḃ,
'Sníor laḃramar aon ḟocal brónaċ;
Aċd dluṫ-ḋearcamar go buan air aġaiḋ an ṁairḃ,
A's do smuaineamar go searḃ air an máraċ.
5
Do smuain sinn mar do ċuasamar a leaba doċd,
'S mar ṁiníġeamar síos a aḋart coir;
Go saltróċaḋ an náṁaid 'san coigcríḋeaċ ṫar a
[ċorp,
Air m-beiṫ dúinn amuiġ air an mór-ṁuir.
6
Go h-éadtrom laiḃeóraid air a spíorad fíor,
'Gus ṫar a luaiṫre fuar' mḋeargfaid é;
Aċd is beag leis má léigid é do ṡuanaḋ go síor
Ins an uaiṁ mar ar ċuir an Breaṫnaċ é.
7
Ní raiḃ deunta aċd leaṫ ar n-oibre trom'
Gur do ḃuail clog an uair le casaḋ;
A's ḃí fíos dúinn ó'n gunna mearḃail imċían
Gur aig láṁaċ ḃí an náṁaid go gruama.
8
Do léigeamar síos é go brónaċ 's go mall,
Úr is fuilteaċ ó'n ḃfáiṫċe a ṁórḋa;
Níor ṫógamar líag air, na ġearamar lín',
Aċd d'ḟágamar 'nna aonar é 'nna ġlóire.
SEINÉID — AN t-SEAMRÓG.
(Leis an nGaḃar Donn).
Ameasg na m-bláṫ tá bláiṫín deas ag fás,
Ní 'l bláṫ air biṫ is feárr lem' ċroiḋe 'ná é,
Is bláṫ na h-Éireann, é a lonnruiġeas glé
Ameasg an ḟéir — a leaba áluinn glas.
Trí duille beaga dílse air aon ġas;
Ceann áluinn bán ag aṁarc air spéir ġoirm Dé;
Air lá mór Ṗadruig tógaim é ó 'n g-cré
'Sé a m' ḃaireud cuirim ésean faoi ṁór-ṁeas.
