246
AN GAOḊAL.
Is coṁarṫa fíor mo ċreidiṁ é gan gó
'S an Tríonóid ṁóir a ċruṫuiġ inn araon;
Is coṁarṫa fíor mo ṫíre é noċ tá
'N a maṫair agam, 's í mo ġráḋ go deo;
Ní 'l bláṫ no tír is áilne liom faoi 'n ngréin.
Sean-Éire a's a Seamróg ḃeag go bráṫ.
BRATAĊ NA h-ÉIREANN.
[Leis an nGaḃar Donn]
Síorleanuíġ ḃur m-brataċ, a ḟeara na h-Éireann;
Síorleanuíġ go dluṫ é, go díleas, go groíḋe,
Feuċ! Feuċ! óir atá 'nois breáġ-ṡolus ar n-Dé-ne
Ag soillsiuġaḋ go geal air, gan claonaḋ, gan fiar.
Ar n-díl-ḃrataċ uaiṫne le beag-cláirsiġ órḋa
'N a ċeartlár ag lonnraḋ go glórṁar air árd;
Is cóir linn é ċosnaṁ ó ṁaslaḋ a g-cóṁnuiḋe;
Is cóir linn é d' iomċar go h-uaiḃreaċ 's an g-cáṫ.
'Sé brataċ díl Éireann, gealḃrataċ ar d-tíre,
Faoi ġlóir ṁóir caiṫréimeaċ go m-buḋ sé go síorruiḋe.
Caiṫréimeaċ do ḃí sé go minic a n-Éirinn;
Caiṫréimeaċ do ḃí sé go minic a g-céin;
Giḋ claoiḋte a's scapṫa ar g cine, fa ḋéireaḋ
Béiḋ dílḃrataċ Éireann arís faoi ċaiṫréim.
Arís béiḋ ar m-brataċ go n-deiṫfriġ an lá sin],
Faoi ċlú a's onóir mar is dual dó gan ḃréig
Go buaḋaċ 's an g-caṫ, 's ag foluamain go bráṫ, bráṫ,
A n-aer saor na h-Éireann faoi ḃrataċ buan Dé.
CÓṀAIRLE DO ṀAC MO ĊOṀURSAN.
air Petrie's A.I.M.
No 1437
A Ṡeaġain a ṁic mo ċóṁursain má tá tú dul a pósaḋ,
Seo niḋ ná'r ḋuḃairt mé fós leat, téiḋre go Suiḋefinn;
Ġeoḃair airgead a's ór ann & maṫchanuiḋe go leor ann,
Buḋ ṁinic cailín cóir ann naċ ndeunfaḋ troid nó bruiḋin.
Feasda bí air do ġárda agus imir ceart do ċárda,
Mar g-casfaiḋe ort aċt páirti de ċailíniḋe 'na suiḋeaḋ,
Bí ag greann 'sag spáirneáil 'sa brúġ asteaċ 'sa g-cárnán,
'Sis geárr go m-béiḋ tú ag áirneán, raċfaḋ mise faoi.
Is deas an rud deáġinntinn a ḃeiṫ ag bean go cinnte,
Sin agus na puinntiḋe a ḃeiṫ go maiṫ 'san t-saoġal;
Aċ i g-cúrsa áideóig niṁniġ naċ dtiúrfa ḋuit suiḋ siṁnis
Is deacair d'anró insint má ġreamuiġ'nn tú do'n tsrtaoill,
Má ṗósann tusa 'n ḃáirseaċ béiḋ aiṫḃeul do ṡáiṫ ort,
Béiḋ do ṁalaiḋe geárrṫa 'gus do ċneaḋ a deunaḋ braoin,
Aċ congḃa ṫusa 'n drawers ort 'sná taḃ'r 'n péir' s feárr dí
No béarfaiḋ saoġal geárr ort, raċfaiḋ mise faoi.
Má ṫeiḋeann tú go tiġ an ósta taḃair asteaċ ag ól í,
Cuir 'na suiḋeair stól í 'gus do láṁ faoi na cum;
Má ṫeiḋeann tú seal d'a treórúġ ṫart le claḋ na teórainn
(Continued on p. 249)
