9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10. MÁRT. 1893.
MÚIN DÚINN AN ĠAEḊILGE.
BY A LALLY.
Múin dúinn an Ġaeḋilge gan an Béarla,
Tá áit 'san t-soagal so do gaċ uile níḋ;
Beiḋmid díol sa ċeanneaċt san teanga
Ġallda,
Óir is le ḃeiṫ cruinniúġ' saiḋḃris a
cumaḋ í;
Aċ seasfuiḋ 'n Ġaeḋilge le caint air
Éire.
Molaḋ Dé 's congḃáil a ċuiṁne buan
san g-croiḋe.
Tá sé soilléir go ḃ-fuil anam 'san n-
Gaeḋilge
Do ḃeir slán í as gaċ gaḃ a's baoġal,
Óir ḃí 'n Ġall 'san diaḃal ḃ-fad an éin-
feaċt
Ag iarruiḋ a díbirt as an t-saoġal;
Aċ ḃuail sé 'n péire measg sléiḃte Éi-
reann,
'Gus tá sí nois mur ḃí ó aṁrus saor,
Molaḋ Dé 'gus Íosa Críosda anns gaċ
tír.
A ṁic an Ġael ná ceill an Ġaeḋilge,
'San ríoġaċt mór so ann a ḃ-fuil tú
saor,
Suiḋ a's léiġ í — tóig am a's sgríoḃ í,
Congḃaiḋ ḃ-feiḋm í go deire 'n t-saoġ-
ail;
Nuair ṡeasas fear saoġalta n-aġaiḋ
Íosa Ċríosda
Beiḋ obair le déanaḋ aig teanga an
Ġaoḋail.
A ḟir mo ṫír', ná fág i m-brón í —
Laḃair amaċ go teann a's go h-árd í;
Do 'n t-sean nó óg ní áḋḃar náir' í,
Sa m-beul fear gan léiġean ní contaḃ-
airt í;
Múin g-coláiste faoi riaġail na gcléir í;
Óir geineaḋ 'n duine g-cruṫ diaḋaċta
Críosta,
'S níor ísliġ 'n Ġaeḋilge riaṁ an briġ
sin.
(34)
