256
AN GAOḊAL
Extracts From Seanċus Mór,
(Ancient Brehon Laws)
by T. D. Norriss — Continued.
Original as in Seanċus Mór.
(To get the proper sense, please always read the
extract which previously appeared)
Is sed tuiġther triasin mbreiṫsea
anuas, ro faillsiġ Dia do Dubthaċ, i.
tiaċtain itir dilgud & indechad: uair
indechaḋ ro bi ria Patraic i n-Éirinn,
ocus dilgud tuc Patraic lais, .i. Nua¬
da do marbaḋ ina ċinaiḋ, ocus nem o
Patraic do. Aċt ata dilguḋ isin m¬
breiṫ sen, ocus ata indechaḋ. Is é
tiaċtain itir dilguḋ ocus indechaḋ do
nither inniu, uair nach fuil comus nime
ac neoch inniu, amuil ro boi in la sin,
cen duine do marḃaḋ ina cintaib com¬
raiti, an cein fogaba eiric; ocus cach
uair na fuigbe eric, a marbaḋ ina cin¬
taib comraiti, ocus a chur ar muir ina
ċintaiḃ anfoit ocus indeithbire torbu;
ocus fognam uad ina ċor ocus ina
ċundrad.
Iarsin m-breiṫ sin tra ro forcongrad
o Patraic for feraiḃ Eirenn ar co tis¬
tais co haen maigin sri haentaid im¬
aċ[a]lma do. Iar tiaċtain imurro doib
don dail ro pritċad soscela Crist
doib uili; ocus ot cuas ḋferaiḃ Eirenn
marbaḋ na mbeo ocus beouġaḋ na
mar, ocus uili comaċta Patraic, iar
tiaċtain do i n-Eirinn; ocus ot ċond¬
catar Laegaire cona druidib do sar¬
uġaḋ tria firta ocus mirbaile derma¬
ra i fiadnaisi fer n-Erend, roslectsat
for, ogreir De ocus Patraic.
Is and asbert Laegaire: Ricṫai a
les, a firu Eirenn, suidiuġaḋ ocus ord¬
uġaḋ cach rechta lind [cid cenmoṫa in
ni seo"]. "Is ferr a denam" ol Patraic.
Is and sin tarrcomlad caċ aes dana
la hErind co tarfen cach a ceird fia
Patraic, ar bélaiḃ caċa flaṫa la hEr¬
ind.
Modern Form.
Is é tuigṫear tré an m-breiṫ so tug¬
ṫa ṡuas, gur ḟoillsiġ Dia do Ḋuḃṫaċ, .i
teaċt idir ḋilġeaḋ 1 agus indeaċaḋ 2 :
Óir is indeaċaḋ do ḃí roiṁ ṫeaċt Ṗád¬
raic a n-Éirinn, agus buḋ ḋílgeaḋ ṫug
Pádraic leis, .i. Nuaḋa do ṁarḃaḋ 'nna
ċiontaiḃ, agus neaṁ ó Ṗádraic do.
Aċd atá dilġeaḋ anns an m-breiṫ sin,
agus atá indeaċaḋ innte mar an g¬
céadna. Is tiaċtain 3 idir ḋilġeaḋ agus
indeaċaḋ do gníġṫear a niu, 'nuair náċ
ḃ-fuil cumas neaṁ do ṫaḃairt aig neaċ
a niu, aṁail do ḃí an lá sin (aig Pád¬
raic) gan duine do ṁarḃaḋ 'nna ċion¬
taiḃ cóṁráite, 4 an ċein 5 faġtar eir¬
ic; 6 agus cáċ 'nuair náċ fuiġtear eir¬
ic, a marḃaḋ 'nna ċiontaiḃ cóṁráite,
agus a ċur air muir 'nna ċiontaiḃ an-
fóit (i. éagċoir) agus indeiṫḃire 8 tor¬
ba; 9 agus foġnaṁ 10 uaiḋ 'nna ċor 11
agus 'nna ċonnráḋ. 12
Iars an m-breiṫ sin tráṫ do fórcon¬
graḋ 13 [cóṁarluíġeaḋ] ó Ṗádraic for
14 [air] ḟearaiḃ Éirionn tiseaḋ 15 [i.
teaċd] go haon ṁáiġín 16 [áit nó mín-
tír, le haontaċd cóṁráiḋ leis. Iar
ṫiaċtain iomorro, dóiḃ do 'n dáil do
priotċaḋ 17 soisgeala 18 Ċríost dóiḃ
uile; agus air ċuas 19 d-ḟearaiḃ Éir¬
ionn marḃaḋ na m-beo agus beoṫuġaḋ
na marḃ, agus uile ċóṁaċda Ṗádraic,
iar ṫiaċtain do a n-Éirinn; agus 'nuair
ċoncadar Laoġaire gona druiḋṫiḃ d'a
ṡárúġaḋ tre ḟeartaiḃ agus miorḃuil¬
iḋiḃ 20 dearṁaraċa 21 a ḃ-fiaḋnuise ḃ-
fear n-Éirionn, do ṡleaċdadar do réir
Dé agus Ṗádraic.
Is anns- an a dúḃairt Laoġaire; "Tá
sé riaċdanaċ, a ḟeara Éirionn, go m-
beiḋeaḋ suiḋiúġaḋ agus órdúġaḋ gaċ
reaċda 23 linn, cíḋ 24 ceinṁioṫa 25 an
níḋ seo." "Is feárr a ḋéanaṁ," ol 26
Pádraic. Is anns-an do tarcoṁlaḋ 27
gaċ aes dána a n-Éirinn, go d-tairfen
28 cáċ a ċeárd fiaḋ 29 Ṗádraic, air
ḃeulaiḃ 30 gaċa flaṫa ann Éirinn.
NOTES.
1 dilġeaḋ, n. m. forgiving, forgiveness
2 indeaċaḋ, n. m. revenge, etc.
3 tiaċtain, n. m., coming, arrival, etc.
4 cóṁráite, adj, intentional (with ma¬
lice prepense).
5 cein, adv., while, as long as.
6 eiric, n. f., a fine for killing, mulet,
reparation forfeit, etc.
