AN GAOḊAL.
261
la agad. Ḃí fios aige-san naċ raḃ foc¬
al aici-si aċ Gaeḋilge cúig ráiṫe roiṁ¬
e sin. Sé sin an nós ceudna le mórán
de na Gaoḋailiḃ in seo. Má laḃruiġim
i nGaeḋilge le ċuid acu freagroċaiḋ
siad i m-Béarla; síleann gur náire
dóiḃ an Ġaeḋilge laḃairt i láṫair Gaoḋ¬
ail.
A ċara ḋílis, tá dúil le Dia agam
gur goirid dúinn an lá a d-tóigfiġ Éire
a h-áit féin ameasg náisiúin an doṁ¬
ain. Sé mo ḋóiġ go m-béiḋ gáirdeaċus
air gaċ Gaaḋal amuiċ & a m-baile an
lá sin. Cuireann sé brón mór orm an
tráṫ léiġim ins na páipéiriḃ an nós a
ḃ-fuil na Gaoḋail a ċur ṫre na ċéile &
ag imirt a g-cárdaḋ i láṁaiḃ na Sac¬
sanaċ, & ċo fada 's ḃéiḋ siad roinnte
ionnta féin, ní gnóiṫid a Riaġail féin
go h-eug — "An ċaṫair ḃeiḋeas roinnte
'na h-aġaiḋ féin ní ṡeasuiġ sí aċ tuit¬
fiḋ sí." Aċ is dóiġ liom go ḃ-feicfiḋ
siad a míoṫapaḋ nuair ḃéiḋeas sé mall.
Gan aṁrus is fíor aduḃairt an t-Aṫ¬
air Maritín Laḃrás O'Murċuġaḋ nuair
aduḃairt ionna leitir san nGaoḋal go
raḃ faitċíos air nach ḃ-feicfeaḋ sé an
lá sin mar naċ ḃ-fuil siad in aonḋaċt
le ċéile inn Éirinn nó 'sa tír seo leis.
Críoċnóċaiḋ mé mo leitir le ċur cu¬
gad-sa míniuġaḋ na seaċt Sacramuin¬
te mar d'ḟoġluim mé iad ar leaḃar
Teagasg Críostaiġe Ṡeáġain Árd Eas¬
buig Ṫuama:
Baisdeaḋ, ḟolaċas sinn ó ṗeacaḋ Aḋ¬
aiṁ,
Dul faoi láiṁ easbuig, neartuiġeas
sinn n-aġaiḋ gáḋ,
Corp Ċríosta, tá de ġrása 's beaṫa
lán,
'S an aiṫriġ niġeaḋ ó ṗeacaiḋ gniḋ sinn
slán,
An ola spreagas sinn faoi ṫinneas
fann
Le deáġ ḃás 's buaiḋ ḟáġail air ar
náṁaid ṫeann.
Ord ó d-tig uġdras Eagluis Ċríost go
léir
'S ḃeir beannuġaḋ inn gaċ uile am do
'n ċléir;
Pósaḋ ċongḃas slioċt ó re go re,
Seaċt sruṫa naoṁṫa sgeiṫeas páis
ṁic Dé.
Tá mórán Éireannaċ naċ ḃ-fuil an
méid seo acu.
Fuirim go dílis do ċara,
D. J. Mc Cormac.
4 Conyngham Road, Phoenix Park,
Dublin, Ireland, 18. 2. '93.
A Ṡaoi Ḋíl,
Cuiriḋ sé áṫas mór orm díol do
ċur ċuġat air son an Ġaoḋail air feaḋ
na bliaḋna so ċugainn. Connairc mé
do ṗaipeir deas an ċeud uair ag tiġ
ceann doṁ ḋaoine muintearḋa air a
ḃ-fuil aiṫin maiṫ agat, darb ainm Pad¬
raig Ua Briain, an cloḋadóir Gaoḋal¬
aċ, agus is le deaġ-ċroiḋe do ġeileas
d'a ċoṁairle nuair d'iarr sé orm m'
ḟaoi-scríḃinn do ċur ċuġat.
Táim ag cur ċuġat mar an g-ceadna
anmanna agus díol o ṫriúr eile gur
maiṫ leó an Gaoḋal d'ḟáġail go míos¬
aṁail.
Deunfad mo ḋiṫċioll duit anns gaċ
sliġe 'nar féidir liom é.
Leat-sa.
Séamus Mac Cógáin.
BEANNAĊT NA MUṀAN.
Le Naoṁ Pádraic,
Ó Leaḃairín an Aṫar Ó'Graṁna
Beannaċt ar ḟearaiḃ Muṁan,
Ḟearaiḃ ṁacaiḃ ṁnáiḃ,
Beannaċt air an talṁain
Do ḃeir toraḋ ḋóiḃ.
Beannaċt ar gaċ ionṁus
Geintear ar a m-bruġaiḃ,
Gan aen-neaċ ar eugcoḃair,
Beannaċt Dé ar Ṁuṁain.
Beannaċt ar a m-beannaiḃ,
Ar a leacaiḃ loma;
Beannaċt ar a ngleannaiḃ,
Beannaċt ar a n-dromaiḃ.
Gaineaṁ lir fó longaiḃ
Go raiḃ go deo a d-teallaiġ!
I ḃ-fánaiḃ, i réiḋiḃ,
I sléiḃiḃ, i m-beannaiḃ, — Beannaċt
