(35)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
AIBREÁN.
1893.
AN AINSPIORAID.
le Pádraig Ó'Laoḋaire.
Le h-ais áṫa áiriġṫe buḋ ġnáṫ le h-
ainspioraid í féin do ṫaisbeánaḋ do
luċt triallta an róid air a m-béarfaḋ
an oiḋċe sul ar ṫig leó a d-tiġṫe féin
do roctain. Fa ḋeiriḋ do ġaḃ an oir-
ead eagla na daoine do ċóṁnuiġ mór
ṫímċioll air, mar d'imir sí brón báis,
⁊ beag-ṡaoġail ar a lán díoḃ, gur ċoi-
méadadar glan de ar fad, ar ṁóḋ gur
fada fánaċ an te ġaḃaḋ ann san lá
gan áirioṁ air an oiḋċe.
Tamall ó'n áṫ ḃí baile mar a m-bíoḋ
bíotáille ag a díol ⁊ gan gó ní raiḃ
maiṫ ná meanma ins an té naċ raċfaḋ
ċum dalla no diuir d'ól. Aċt ḃí a lán
naċ raiḃ sásta le "braon"; do luiġidís
air an n-diġ i sliġe gur ġeárr go g-caiṫ-
eaḋ buaiḋ a briġe ⁊ breáġaċt a blais
brioċt tar galar guinte a m-bróin ⁊
gaillṁiard géar a m-buaiḋearṫa agus
téiḋeaḋ an eagla agus an t-uṁan ḃíoḋ
roiṁ an ainspioraid i muġa ar ṁeisg
ṁeallta na meisge. Aċt "dá faid lá
tagann a ḋeireaḋ," ⁊ ṫáinic an oiḋċe
⁊ maille léi uain uilc na h-ainspioraide
dob éigion do luċt an óil triall aḃaile
⁊ ní ḃídís air a seaċaint ar an áṫ mar
do rinniṫís aġaiḋ air go cruínn ceart
ag ceáfaráil le n-a maidiḋiḃ agus ag
gairm go h-airṫionnaċ air an ainspior-
aid teaċt ⁊ a neart d'ḟéaċain leó.
Ḃí sí dona a dóṫain gan ċur ċúici ar
aon ċor ⁊ gan líomnaḋ bréige dá uair
níos measa tráṫ ḃíḋtí ag a céasaḋ ⁊
ag a ciapaḋ mar seo. Am do ġlacaḋ
sí fa ḃun a cúraim gaċ niḋ do ċuirtí
ion a leiṫ; am eile do ḃaineaḋ sí díol
daingion díoḃ ag cur móráin le mart-
araḋ tuille le mearaiḋe ⁊ ag taḃairt
a letéid sin do ṁuraċaḋ ṁarḃṫaċ do
ċuid eile aca nár cailleadar a ċuiṁne
gur ċuireadar amaċ liúnta na beaṫa.
