﻿268
AN GAOḊAL
into English. We expect a translation from all
our students ; and as it is an interesting piece in any
language, we shall publish that which may appear
to us to be the best. Now let our old indolent stu¬
dents exert themselves. — Translate into English :—
MUILEANN AN LUIPREAĊAIN.
le U. O'B.
An uair ḃiḋeas ceann micléiġin crom
air leaḃraiḃ, is mór an sóġ ḋó siúḃal
amaċ treas na tire. Ní miste é an t
aer do ṫógḃáil agus a ḃaill do ṡíneaḋ.
So rud do ṁeasas an-ṁór & nár ḟan¬
as uaiḋ fós a riaṁ dá ḃ'ḟéidir liom é.
Go minic buḋ ṁó mo ḋúil feuċaint air
áit ḋeas ná an ċolann do ċongṁáil
in orduġaḋ, aċt 'sé an cás ceudna ḋi
má deuntar i g-caoi air biṫ é so. An
t-am do ḃiḋeas i g-coláisde Ṫúma, ní
raiḃ aon spaisteoireaċt i b'ḟeárr liom
ná ḃeiṫ in aice Muilionn-an-Luipreaċ¬
áin, timċioll míle go leiṫ as an m-baile
mór.
So sruṫ uisge ar nós leis tiormuġ¬
aḋ ins an t-Saṁraḋ aċt biḋeann sé
'nna scardán ḋeas uile Ġeiṁreaḋ.
Téiḋeann sé faoi ṫalaṁ i lár cairrge
garḃa in dá áit. Mar ġeall air an
ḃ-formán atá aig an uisge, do ṡaoil¬
feá go ḃ-fuil muilionn ann ṡíos.
Do saoileaḋ ameasg na sean-daoin¬
eaḋ go raiḃ so aṁlaiḋ. Duḃradar gur
ṁéil sé arḃar in aimsir a n-aṫraċ, &
naċ raiḃ air ḟear aċt mála d' ḟágáil
i g-coṁair an scardáin, a's go m-beiḋ¬
eaḋ sé 'nna ṁin air maidin.
Faoi ḋeoiġ, do ċuaiḋ sean truaill¬
eánaċ aṁrasaċ aig meáḋaiġeaḋ a ṁá¬
la, le go m-beiḋeaḋ fios aige cia ṁeud
an dliġeaḋ a baineaḋ amaċ. Le linn
an ċleasa sin d'éiriġ fearg air an
muilleoir síġe agus níor ṁéil sé do
ḋaoiniḃ na h-áite ó 'n lá sin amaċ.
Is áit de'n t-sórt so ar áil le daoi¬
niḃ ḋul ċuige, mar is mian linn go h-
uile do ḃeiṫ in áit ar ċualamar sean-
sguel 'na leiṫ. Is mór é mo nádúr go
Ṁuilionn-an-Luipreaċáin; niḋ naċ iong¬
naḋ, óir is iomḋa lá breáġ do ċuaḋas
go d-ti é in éinfeaċt le mo ċáirdiḃ
croiḋeaṁla !
Béiḋ m'arran agus mo ḃríġ eulaiġṫe
uaim go fóill, aċt béiḋ cuiṁne na h-áite
so buan in mo ċroiḋe go lá déiġionaċ
mo ṡaoġail.
Nuair is Cruaiḋ do'n Ċailliġ Caiṫ¬
fiḋ Sí Riṫ.
Ó Leaḃar an Ḟaṫarta
Siamsa
an Ġeimriḋ
'Nuair is cruaiḋ do 'n ċailliġ caiṫ¬
fiḋ sí riṫ." Is sean-ḟocal é so imeasg
na ndaoineaḋ ṡiar, & sé a ṁínuġaḋ go
n-deunann ḋuine d-teanata gníoṁarṫa
dóiċreidṫe mar rinne cailleaċ an sgéil:
I ḃ-fad ó ṡoin, ins an t-seanaimsir,
ḃí sagart & a ṁáṫair 'na g-cóṁnuiḋe
i d-teaċ in aice le roilig. Ḃí 'n ṁáṫair
aosta, & 'na cláiríneaċ. Ḃí an-ḟait¬
ċíos uirre ó 'n m-bás, & ḃéarfaḋ sí a
saiḋḃreas saoġalta air eolas ḟáġail ó
neaċ éigin d' ar cuireaḋ san roilig cia
'n sórt áite ḃí acu air an t-saoġal ei¬
le, mar naċ raḃ sí lán-ṡásta le teag¬
asg na sagart d' a ṫaoḃ.
Ḃí go maiṫ: do ṫárlaiġ sé faoi 'n
am sin go ḃ-fuair fear bás a raḃ beusa
aisteaṁla aige, & d' ḟág sé le uġaċd
mála cnóḋ ċur san g-cóṁra leis, mar
do ḃí an-spéis aige ionnta in imṫeaċt
a ṡaoġail. Do rinne muintir a ṫeallaiġ
mar d' orduiġ sé, & ċuireadar an má¬
la cnóḋ faoi n-a ċeann san g-cóṁra.
Ḃí go maiṫ: Ḃí bean torraċ san áit
do ċuir dúil i g-cnáiḃ, aċt ní raḃ aon
ċnó le fáġail aici. Níor ṫug sí sgíṫ nó
stad d' a fear d'a m-bárr ; aċt ni raḃ
aon ċnó le fáġail muna raċfaḋ sé &
an corpán a ṫógḃáil. Faoi ḋeire b'éig¬
in dó a ṫoil a ṫaḃairt leis sin a ḋeun¬
aḋ. D' éiriġ sé san meaḋon-oiḋċe &
d' imṫiġ sé leis ċum an uaiġ d'ḟosglaḋ
& na cná ḃí faoi ċeann an duine ṁairḃ
a ṫaḃairt a ḃaile leis.
Nuair a ḃí sé ag triall air an roilig
casaḋ fear eile leis air an m-bóṫar.
Ċuir siad caint a's caidreas air a
ċéile. "Creud a ċas amaċ ṫú an tráṫ
so d'oiḋċe? ars an dara fear. "Inn¬
seoċaiḋ mé é sin duit má innsiġeann
tusa ḋam cad do ċas amaċ ṫú féin,"
ars an fear eile "Maiseaḋ, tá mé
dul ag goid caoraċ," ars an dara fear.
