9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
BEALTAINE.
1893.
Bean ag Gul, Bean ag Gáire, agus
Bean Eile ag Fágḃáil a Náire: Cia
Acu is Mó Ḋíol Truaiġe?
Siúd ceist a ċualamar go minic ann
ar n- óige, ⁊ nuair a ċualamar í i d-
tosaċ d'ḟreagramar air an b-puinte,
"An bean a tá ag gul." Aċ ní raḃ an
seanóir do ċuir an ceist sásta le n-ar
ḃ-freagraḋ, óir do ċraiṫ sé a ċeann ⁊
duḃairt: "Táir i múġa, mo ḃuaċaill"
In sin ṁíniġ sé ḋúinn an fáṫ a raḃa-
mar i múġa. "An ḃean a tá ag gul,"
a deir sé, "tá fios a céille aici; tá
an ḃean a tá ag fágḃáil a náire ṫair
a fuasguilte; tá an ḃean a tá 'gáire
air ṡliġe cailleaḋ a céille, ⁊ is sí is mó
díol truaiġe." Is aṁla tá muintir na
h-Éireann andiu. Táid roinnte 'na d-
trí g-cuid: na Gaoḋail, na leaṫ-Ġaill,
⁊ an dream a tá go síorruiḋe a gleo-
da ⁊ ag gárrṫa i d-taoḃ a n-Éirinneaċ-
ta. Ní'l baoġal air na Gaoḋailiḃ; tá
ḟios acu cad a táid a ḋeunaḋ; tá na
leaṫ-Ġaill caillte, ⁊ tá luċt na ngárr-
ṫa air ṡliġe a g-caillte. Seo iad an
dream a tá árd-ġlóraċ ann a g-cion
air Éirinn aċ naċ n-deunann dada le
céad-ṗríoṁa ríoġaċḋa, an teanga, do
ċosaint; seo iad an dream a tá 'na
seasaṁ air ċloiḋe na tórṫann eidir
Gaoġal ⁊ Gall, ⁊ naċ n-deunann faice
le n-a litearḋa do ċraoḃsgaoileaḋ a-
measg na n-daoineaḋ ċum a ṫaisbeán-
a ḋóiḃ gur cineaḋ foġluimte ⁊ air leiṫ
iad, aċ do ġlacas an t-siocair is lúġa
le n-a ḃaca: "Uċ, tá an Lóċánaċ ag cur
politics san nGaoḋal! Caiṫfeamuid a
ċreaplúġaḋ agus gan cead dó focal a
ráḋ aċ aṁáin 'seaḋ' nó 'ní ṡeaḋ!"
Ċiḋfid go ḃ-fuil sé ċéad páipeur ag
na Gearmánaiġ in seo; céad go-leiṫ ag
an Loċlainnín suaraċ, aċ aig an Éirean-
naċ MÓR Uaill-ġlóraċ! — an t-aonraċ-
áinín beag aṁáin, atá beagnaċ as aṁ-
arc an t-saoiġil, d'a ċongḃáil coṫuiġṫe,
air éigin, aig bun an ranga, le taca na
b-píġin ruaḋ ó Ṗádraicín ⁊ Micilín!
cuiñle i'iġe
teiniḋ ġiolánaċ
bodaiḋ ġiorta,
The
Will of Wisp
(36)
