AN GAOḊAL
287
Má tá mé calcaḋ anns an b-peacaḋ,
Óir níor ċreid mise ariaṁ ann
Gur dóiḃ aṁáin ċruṫuiġ tú 'n talaṁ.
'Nois d'ḟacaiḋ mé uaim anonn
'N-a ṡeasaḋ ag bun crann sceiṫe
Fear, d' ḟacas dom buḋ ḃreáġṫa
Ċuir ariaṁ uisge air a ṁaluiḋe;
Ḃí dlaoiġ ċruiṫneaċd in a láiṁ ċlí
Agus cloiḋeaṁ soluis in a ḋeasuiġ;
Agus ḃí a ċulaiḋ eudaiġ de 'n am ársa,
Geárr ḃríste agus casóg,
Ḃí na cnaipiḋe ag a ġlúiniḃ
Lonnraḋ mar ṗeurluḋe seacaḋ,
Agus ḃí lásaiḋe le n-a ċába ṫart,
Ḃí daiṫte mar tuar-ceaṫa —
Buḋ í an ċulaiḋ í buḋ ḃreáġṫa
D' ḟacaiḋ súil ríġ nó prionsa,
Agus ní raḃ scáṫ air nó náire
Laḃairt i nGaeḋilge mar so liom-sa,
"Músgail suas, a Ṡeáġain," ar sé,
"Agus ná bí ráṁaille in do ċodlaḋ,
Tá lá breáġ na h-Éireann a fáinniuġaḋ
'Gus tá obair róṁat le deánaḋ."
AN NEASCÓID ĊLÉIḂE.
I n-deire na h-aoise ċuaiḋ ṫarrainn
ḃí duine uasal, oiġre mór dúṫaiġe, ⁊ é
an t-saiḋḃir, 'na ċóṁnuiḋe i g-Contae
na Gailliṁe naċ raḃ aige ach aon inġean
aṁáin — óigḃean ḃreáġ, ġeanaṁuil, ḟóġ¬
luimte, sgíoṁaċ na raḃ a léiṫid le fáġ¬
ail 'san ríoġaċt. Do ġlaċ an inġean
tinneas & ṡáruiġ sé inntleaċt liaiġ na
cúige fuairim do ṫaḃairt d'a áḋḃar.
Faoi ḋeire, de ḃriġ go raḃ an inġean a
caoiḋeaḋ & ag cnaoiḋeaḋ ó ló go ló, do
ṫug a h-aṫair cuireaḋ do liaiġiḃ na
tíre a ṫeaċt i g-coṁairle le súil go
noċdóċaidís áḋḃar a tinnis & a h-éag
caoine. Do ċruinniḋ an ċóṁairle agus
tar éis na h-óigṁná do ċeistiuġaḋ i d-
taoḃ a h-aicíde do ṫugadar a móide
gur neascóid ċléiḃe ḃí aici, & naċ raḃ
aon léiġeas n-dán di muna ḃ-feudfuiḋe
an neascóid sin a ḃriseaḋ. Do ċuir
laudraḋ na cóṁairle buaiḋreaḋ & brón
mór air an duine uasal óir ní raḃ aon
oiġre eile aige d'a ṁaoin ṁór ṡaoġalta
aċ an inġean seo, agus ḃí sé ċo práin¬
neaċ agus ċo cioneaṁuil uirre agus ḃí
sé air aṁarc a ṡúl. In sin d'ḟuagair
sé go d-tiuḃarfaḋ sé meáḋaċan na h-
inġíne de ór ḃuiḋe do aon liaiġ a léiġ¬
easfaḋ í. Air an áḋḃar sin, ċruinniġ
na leaġa buḋ ṁó cailiḋeaċd sa tír a
friṫeolaḋ uirre, aċ dá ṁeud a n-dio¬
cuis ċum an duais ṁór a geallaḋ air
ṡon a léiġis do ṡaoṫruġaḋ, ní raḃ an
óigḃean i fáġail bisiġe
Faoi ḋeire, lá áiriġe do ḃí liaiġ óg
tar éis a ġeindiúireaḋ ḟáġail i g-coláis¬
te na Gailliṁe. Le muinín ann a inn¬
tleaċt féin & neaṁṡuimeaṁuil i sean-
nósaiḃ leaġa na cúige, duḃairt sé leis
féin' "Raċfaḋ & feuċaiḋ mé cia 'r tá
air an mnaoi óig seo, & má léiġeasaim
í raċfaiḋ mo ċáil i ḃ-fad 'sa ngeárr &
béiḋ mé saiḋḃir go deo"
D'imṫiġ leis go d-tainic sé go cais¬
leán an duine uasail & ag insint do 'n
doirseoir fáṫ a ċuartaḋ leigeaḋ as¬
teaċ é & tugaḋ a láṫair na h-óig-mná
é. Tar éis a feuċana, & ag fiafruġ¬
aḋ ḋi cia 'n ċaoi ar ṁoṫuiġ,sí duḃairt,
"Ní'l aon ṁaiṫ in do ċuid liaiġ; ní'l aon
eolas acu, dá m-beiḋeaḋ ḃéiḋṫeá léiġ¬
easta ḃ-fad roiṁe seo." Do ḋearḃuiġ
an óigḃean ḋó naċ h-aṁlaḋ ḃí, go raḃ
na leaġa b'áirde cliú san ríoġaċt friṫ-
eolaḋ ḋi. "Má tá, ars an liaiġ óg, tig
leo gnéṫe na m-bricneaḋ a ċaiṫeas tusa
insint: Tionsglóċaiḋ mise bricniḋ os
do ċoinne; beiḋ fios agad air a gnéṫiḃ
& má noċtuiġid duit iad, in sin beiḋ mé
sástaḋ go ḃ-fuil fios a ngóṫuiḋe acu"
Ḃí go maiṫ. Fuair an liaiġ óg aoileaċ
muice & ṡuaiṫ sé é le gráinne siúcra &
beagán plúir; ċuir in aiġeann os cionn
na teine é, & nuair i ḃí sé leaṫ-ṫirm d'
fuin sé é & ċeap é 'na ḃricniḋ beaga, &
ann a cóṁair ċuir sé iad i m-buiscín &
ṫug ḋi é. In sin d'ḟiafruiġ sé ḋi cia'n
uair i m-beiḋeaḋ na leaġa cruinniġṫe i
g-cóṁairle iona láṫair, & d'ḟreagair sí
go m-beidís ann air maidin an ṁáraiġ
ag an deiċ-a-ċlog. In sin duḃairt an
liaiġ óg leiṫe,
"Air do ṁarṫuinn nó h-innis dó éin¬
neaċ beo go ḃ-fuil an busca-bricne seo
agad go d-tigiḋ na leaġa in seo amár¬
aċ & go m-béiḋid i g-coṁairle. In sin
