(1)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
IUIL.
1893.
MÍORḂUILE OILEÁIN INSE ĠLÓIRE
(Le Dillon J. MacCormac)
Air coasta [fírimioll] ṡiar d-tuaiṫ
ag Condae Ṁaiġeó, i n-gar go Ċeann-
Eirris, tá oileán Innis Glóire, ann a
ḃ-fuil tobar beannuiġṫe nár ḟeud aon
ḃean braon de 'n uisge do ṫaoḋmaḋ as
ariaṁ. Tuairim leiṫ-ċéad bliaḋain ó
ṡoin ċuaiḋ bean do ḃi dóċasaċ durab
le soċraid do 'n oileán, 's ḃí sé maoiḋ-
te go d-tóigfeaḋ sí uisge as an tobar.
Facas do 'n ṁnaoi so go d-tiocfaḋ léi
míorḃuile a ḋeunaḋ naċ n-deárnaiḋ
aon ḃean ariaṁ, róimpi ná n-a diaiḋ.
Nuair a ċuireas bean róimpi cromaḋ
le uisge ṫaoḋmaḋ as ní túisge ṫugas sí
iarraċt ná ṫiormuiġeas an t-uisge
h-íoċdar an tobair, a's ní luaiṫe,
s cúl na mná iompuiġṫe leis ná ḃíos
t-uisge ag cur ṫar a ḃruaċaiḃ arís.
Ċuaiḋ an ḃean ḋán-intinneaċ seo ⁊
do ṫug si naigín léiṫe ⁊ ṫug sí iarraċt
trí h-uaire as, g-cos-a-d-tacad. Ṫior-
maiġ an tobar gaċ h-uair d'a d-tug sí
an iarraiḋ. Faoi ḋeire, ṫainic stoirm
ḟeirge uirre, ⁊ duḃairt sí go d-tóig-
feaḋ sí deoċ as nó go g-caillfeaḋ sí
leagan leis. Ċuaiḋ sí an ceaṫraṁaḋ
h-uair a's ċo luaṫ ⁊ ċrom sí ḃí an t-
uisge ṫré íoctar an tobair, ⁊ le teann
dánaċt ṫom sí a naigín ⁊ ní raḃ léiṫe
aċ gaineaṁ. Ċaiṫ sí an soiġṫeaċ air
an talaṁ ⁊ ḃris sé é. An trá do ċon-
airc na fir do ḃí i láṫair mar do rinne
sí duḃairt léiṫe go m-beiḋeaḋ sí díoṫ-
ḃuiḋeaċ d'a dánaċt a's d'a mí-creid-
eaṁ sul d'a m-beiḋeaḋ an ḃliaḋain
caiṫtiḋ. Buḋ fíor dóiḃ; fuair sí bás
go h-aiṫġeárr 'na ḋiaiġ sin.
Ṫainic Naoṁ Brandáin go Innis
Ġlóire leis an t-oileán ⁊ an tobar do
ḃeannuġaḋ. Ní túisge ċuir sé a ċos
air ċladaċ Laic na m-Ban ná ṫainic
caorṫánaċ i g-cosaṁluċt mná ag cur
