306
AN GAOḊAL
AN m-BRUINNIOLL ÁLUINN ÓG.
le Tomás Ua Gríoṁṫa.
Fonn — Baḋb na g-Craoḃ.
Maidin ḃreáġ ṡaṁraiġ is mise
Taisdeal go ciúin sa ród,
An drúċd air bárr gaċ ribe,
'S na h-éinínniḋ seinim a g-ceóil;
Do ḋearca-sa 'n Ċuillean am ċoinne
Bo ḋeise 's bo ḃreáġṫa snóḋ
Ná Déirdre, Hélen, sa tuille
Dá g-cuirid na dáiṁ a g-clóḋ.
Ḃí cuaċa na n-dualaiḃ le tuitim
Na sruṫaiḃ ó ċúl go bróig,
A h-éadan, a béul, 's a mala,
Sa pearsa gan smúid gan ċeo —
Ḃí déid tiuḃ mion glégeal, mar ṡneaċta
Do ṫuiteann air craoiḃ sa ḃfóṁar,
'S mantel do'n t-síoda air an ainḋir
Bo ġlaise ná 'n féur air móin.
A nuair ṫeárnaḋ 'n spéirḃean am aice
'S ḋearcus a sgéiṁ sa clóḋ,
Ḃí caorṫa trí lítis na leacain
Sa sneaċta air snáṁ na snóḋ;
Ḃí fallaing mar réiltiḃ air lasa
Le fleasgaḋ do cruiḋ-ḋearg óír,
'S a bróga le ór leaċta niġte
Air a m-bruinnioll ro áluinn óg.
D' ḟiafraiġeas féin do'n m-bruinniol
Go cneasta le friotal mo ḃeóil,
Ar ḃ' aon í do ḃéiṫe na Sacson,
Nó an Ainḋir ṫug áir ar ṫreoín;
'S búḃaċ blasda béusaċ do laḃair —
"Tá m'ḟearaiḃ air fáġan go fóil,
Anois glaoḋfad mo tréan ḟir tar cal¬
aiṫ
'S béiḋ gradaim ag Gránne róṁainn.
'S binn milis, arís d'ḟreagair
An ainḋir mé a nGaoḋailge ċóir —
"Tá mo ḃréiṫre, mo nós, is mo ṫeanga,
Faoi sgamal le tréimsi ṁór —
Do ṫréigeadar mo léiġion is mo ṫeag¬
asg
Air ṁalairt an Ḃéurla nuaḋ,
Aċt gan ḃuiḋeaċas dom náṁaid is don
t-Sacson,
Béiḋ mo ṫeanga faoi ċáil go deo."
FÁN AGAM, A STÓIRÍN.
Leis an nGaḃar Donn.
Fan agam, a stóirín, is uaigneaċ mo
ċroíḋe-se;
Is mian liom cóṁluadar a ḋeunaḋ leat
ċoíḋċe,
Is suairc liom do ċaint-se, 's nuair tá
tú lem' ṫaoiḃ-se
Is breáġ liom an saoġal, a's is áil liom
na daoine.
Bíḋeann gráḋ fíor ad' ṡúiliḃ, mo ṁúir¬
nín, a g-cóṁnuiḋe
Mar reultaiḃ na spéire ag dríṫleaḋ
go glórṁar;
'S mar sruṫannaiḃ Éireann is binn
liom do ġlór-sa;
Fán agam, a ṡearcġráḋ, a's cuirfiḋ tú
bróid orm.
Fán agam, a ṡeoidín, a ṡúirín, a ṁúir¬
nín,
Deun caint liom a g-cóṁnuiḋe go sult¬
ṁar, sáṁ, súgaċ,
A's brúċtfaiḋ gealaṫas mo ċroiḋe
'stiġ 'n a ṡluaiġtiḃ
Ṫú d'éisteaċt ag caint liom, a rúin
ġil gan gruaim ort.
Ní cóir duit mé ṫréigean, ní ṫréigfiḋ
mé ṫú-sa;
'S tú solus mo ḃeaṫa; is deas liom do
ċrúṫ-sa;
Ceangeolaḋ mé féin leat gaċ móimid
níos dlúiṫe,
'S am' ġeugaiḃ is mian liom tú ġlacaḋ
an uair seo.
Only a few individuals, really, guide the destinies
of nations, Gaels are sufficiently numerous to guide
theirs if they only work with energy. Nothing de¬
monstrates this so forcibly as the public press's en¬
comiums on the Gael ; and these encomiums are ir¬
resistibly accorded because the Gael is a living sub¬
stantial evidence of the reality of what had been
treated as a pleasing romance ; namely, the ancient
learning and civilization of the Irish race. Hence,
any Irishman who does not endeavor to circulate
this evidence fails in his duty to his offspring ; and
if he proclaim himself a patriotic Irishman, he lies,
and his actions prove that he does.
Gaels naturally feel some pride because of the
encominms which the public press, from Texas to
the Highlands of Scotland, shower on their little
journal.
