na h-Éireannaiġiḃ dóiḃ féin mar ná'r
ċongḃaiḋ siad an Ġaeḋilge i g-cleaċta
& i g-cuiṁne. Má ḃraṫnuiġeann siad
air an nós a ḃ-fuil muintir náisiúnta
eile a gcoinġioll & ag congnuġaḋ le n-a
d-teangtaiḃ, & d'a laḃairt, buḋ ċóir
sampluġaḋ leo, & dá d-tiúḃraidís rionn
de'n airgead ċuireas siad amúġa cean¬
naċ páipéar & leaḃar breugaċ le cong¬
naḋ ṫaḃairt leis an Ġaoḋal a ṁeudúġ'
níor ḃ'ḟada go m-beiḋeaḋ páipéar do
'r g-creideaṁ & do 'r d-teanga féin a¬
gainn go m-ba meas & onóir dúinn é.
Tá mé lán ċinnte go n-deunfaḋ sé
maiṫ ṁór air ṡon an Gaoḋal ḟóir-
leaṫnuġaḋ dá d-tugfaḋ na sagairt
Éireannaċ san tír so focal meisniġ d'a
b-pobal an Gaoḋal a ṫógḃáil air sgáṫ
60c. Is fiú an t-airgead an nós ar noċ¬
duiġ tú daltaċt & míċreideaṁ Alban¬
aċ Ċondae Ṁaiġeo. Tá an Gaoḋal
saor air dolléir 'sa m-bliaḋain. Ní
ḃéiġinn d'a easṁuiḋe air ḋá dolleir ní
ṡé 'ṁáin 60c. So dualgas is cóir do
gaċ Éireannaċ ċuir air féin, congnaṁ
ṫaḃairt de réir a ṁaoine leis a nGao¬
ḋal a leaṫnuġaḋ, mar naċ ḃ-fuil aon
ṗáipeur Gaeḋilge sa tír so aċ é, is ba
ċóir dúinn ar n-díṫċioll a ḋeunaḋ le
toġaḋ páipeur ḋeunaḋ ḋe. An ṁuin¬
tir a ċuireas i g-céill go ḃ-fuil a g¬
croiḋe & a n-anam i g-cion air Éirinn
le n-a g-cuid glámaireaċd & grágaoill,
'siad is lúġa ṫugas congnaṁ leis an
teanga Ġaeḋilge leaṫnuġaḋ.
Dá m-beiḋinn-se ċo urlaḃarṫa no ċo
duileaṁuil le daoiniḃ eile sgríoḃeas
ċum an Gaoḋal, ċuirfinn ċugad litreaċ¬
a go h-an ṁinic le có-oibriuġaḋ leat.
Tá gáirdeaċas mór orm faoi do ċaiṫ¬
réim os cionn na n-daoineaḋ m-buḋ
ṁaiṫ leo féastraċ ċuir ann do ḃeul
air nós naċ g-caiṫfiḋ tú aon ṗáirt do
ṫógḃáil i bpolitics, gan a ráḋ aċ seaḋ
no ní ṡeaḋ. Cuiṁniġdís gur tír í seo
iona d-tig le gaċ caṫruiġṫeoir d'a ḃ-
fuil inte Dia a ġuiḋe de réir a ċoin¬
siais & gaċ niḋ is toil leis a laḃairt a
ḋeunaḋ gan faitċíos féastraċ a ċur
in a ḃeul no a ċaiṫeaḋ i b-príosún. Ná
tugaḋ aon neaċ eugcóir uaiḋ do'n ḟear
ṁaiṫ tá deunaḋ níos mó ná aon ḟear
eile sa tír so air son an Gaeḋilge
leaṫnuġaḋ le dúṫraċd & intleaċt ċinn.
Ní ḋeunan sé doċar sáiteán beag a
ṫrḃairt do'n dream a tá i g-cúṁaċta
le ḃótaiġ na n-Éireannaċ le cur n-iúl
dóiḃ go ḃ fuil ceart ṁaiṫ aig Éireann¬
aiḃ roinn ṁór de 'na h-oifigiḋ 's feárr
sa tír d' ḟáġail, is ní ṡé sin aṁáin, aċ
go d-tugamuid le taisbeánaḋ dóiḃ gur
cúṁaċta láidir sinn & naċ buiḋeaċas
linn ar gceart ḟáġail. Ar an áḋḃar sin
cóṁoibriġe muid leis agus tóigeamuid
roinn de 'n ualaċ ḋe le n-ar b-peann &
le n-ar b-purse air nós & go g-cuirfiḋ
sé n-iúl do'n ṁuintir naċ ḃ-fuil air ar
d-taoḃ naċ ḃ-fuilid ag iarruiġ aċ ar
g-ceart, & sin caiṫfeaumid ḟáġail gan
buiḋeaċas.
Tá dólás croiḋe air gaċ sagart &
gaċ Caitiliceaċ & air go leor Pradus¬
túin san stát so mar ġeall go ḃ-fuil
ar n-easbog d'a aṫruġaḋ as so gó St.
Louis, mar naċ furasta fear ḟáġail
líonfas áit sa g-cranġile. Aċ ó ċaiṫ¬
fiḋ sinn sgaraḋ leis is maiṫ linn go ḃ-
fuil sé d'a onóruġaḋ le Árd-easpoig a
ḋeunaḋ ḋe. Cuirimid go léir ar m-
beannaċt leis, & iarramuid impiġe air
Ḋia saoġal fada ṫaḃairt ḋó le frioṫ¬
ólaḋ do'n treud ḃeiḋeas faoi n-a ċúr¬
am.
Tá mé do go h-oibliogáideaċ do ṡear¬
ḃḟónta.
D. J. McC.
[Naċ h-áluinn agus naċ blasda an
cainteoir Dillon J. McCormick ? agus
naċ ciallṁar? Tá ceann fada aige.
* Dá m-beiḋeaḋ siad a g-cóṁair an
ṗuibliġe ag iarruiḋ oifige, ní ḃeiḋdís
ró-ṡean ag glacaḋ toġa na nGaoḋal.]
Sean ráiḋte.
Is mac duit do ṁac go b-póstar é,
Aċ is inġean duit d'inġean go d-téiḋ
sí faoi 'n g-cré.
Is furas fuineaḋ in aice na mine.
Fiúġantas gan faḃaltas bánuiġeann
sé teaċ.
