AN GAOḊAL
327
cur fuaralluis ion a ḋortaiḃ ḋe. "Ṫug¬
as," ar an m-buaċaill. "Ní inneósair
bréag go bráṫ arís," ar an riġ, ag bua¬
laḋ buille de 'n t-slaitín draoiḋeaċta
air & do rinn golláinín u glas de.
Ṫáinic críoċ an lae & na lán-bliaḋna
aċt má ṫáinic ní raiḃ miṫ ná maiṫ an
té d'imṫiġ le fán & fuaċt an t-saoġail
ar faġḃáil. Ḃí seaċtṁuin de 'n téar¬
ma gan caiṫeaṁ fós aċt ṫiallṫuiġ v sí
léi cóṁ maiṫ leis an g-cuid eile.
Annsan duḃairt dara mac na bain¬
treaḃaiġe, "A ṁáṫair beirḃ lón dom"
Do ḃeirḃ & do rinn leis mar a ḋein leis
an ḃ-fear eile. Ṫóg sé so ailcis do
roġa an ḃairġion ṁór & mallaċt a ṁá¬
ṫar, & d'imtiġ leis. Is é an rud céad¬
na ṫárluiġ do & d'a ḋearḃráṫair réaṁ-
ráiḋte.
Táinic an treas bliaḋain & ġaḃ an té
b' óige air fein imṫeaċt leis cóṁ maiṫ
céadna. Beirḃ lón dam a ṁáṫair," ar
sé. Do ḃeirḃ sí ḋá ḃairġin do aṁail
do ḋein do 'n dís eile. "Ca 'ca is
fearr leat," ar sé "an ḃairġion ṁór &
mo ṁallaċt nó an ḃairġion ḃeag & mo
ḃeannaċt?" "Tógfad," ar se, "an
ḃairġion ḃeag & do ḃeannaċt." "Go g¬
coṁnuiġiḋ & go g-caḃruiġiḋ Dia leat,"
ar sise.
Glan sé leis & níor b' ḟada gur ḟág
se a ḃaile ḋúṫċais go cian ion a ḋiaiḋ
& níor léir leis aon-niḋ dob aiṫnid do.
I lár an lae tráṫ ḃí breis teais ag luiġe
go diaċraċ do ċruideaċ air, do ṡuiḋ
sé síos, do ḃris a ḃairġion ḃeag & d'iṫ
an ṁéid ba ṁeón leis di. Agus an
ġrian beagnaċ faoi de ṡon ciúṁaisín a
ḃí ag caiṫeaṁ gaoṫa ar ḃarraiḃ na g¬
cnoc nó ag lasaḋ na néall ḃi ag teaċt
tímċioll airri ċum slán d' ḟágḃáil aici
sul a d-téiḋeaḋ sí faoi 'n tuínn, do
ċonnairc se uaiḋ ó ṁullaċ cnoic fiaḋ¬
antais caisleán fada fairsiog w fionn¬
aolta & do rinn aġaiḋ air go díreaċ
deiṫniosaċ. Sul ar ṫig leis é roċtain
casaḋ air an fear-uasal ab leis é & d'
éis beannuiġṫe dá ċéile ḋóiḃ d'ḟiafruiġ
de, an tiġearna ag iarraiḋ ḃuaċalla nó
buaċaill ag iarraiḋ tiġearna é.
"Is buaċaill ag iarraiḋ tiġearna
me," ar sé. "Tá go maiṫ," ar an tiġ¬
earna, "is fada me ag cuartaċ do
bauċaill & má 's féidir liom réiḋtioċ
leat-sa anois is dóiġ liom go n-deanfá
an gnó atá agam díot." "Agus cad
é an gnó atá agat díom?" "Ní beiḋ
le déanaṁ agat," ar an riġ-oir riġ na
h-áite b'éaḋ é — aċt trí ba d' feiġil."
An lá ar n-a ḃáireaċ leigeaḋ na ba
amaċ ċum an ḃuaċalla; taisbeánaḋ an
fearonn fiaraiġ do; duḃairt an riġ
leis iad d' feiġil ann go tráṫnóna; &
ṫug do mar ċóṁairle gan a g-cloisfeaḋ
do ċloistin & gan a ḃfeicfeaḋ d' feic¬
sint. Ṫiomáin sé na ba leis. Níor ċian
do gur ċualaiḋ sé ceól cruite & cláir¬
siġe. Do ġeit a ċroiḋe le h-áṫas aċt
do ċuiṁniġ sé ar an g-cóṁairle ṫugaḋ
ḋo & d'imṫiġ se leis le h-ais teórann
na páirce i raḋarc na m-ba sul a m¬
beiḋeaḋ sé ag faġḃáil aitis & aoiḃnis
ann. Ar an d-taoḃ eile de 'n ċloiḋe
ċonnairc se eiċ loma i b-páirc go raiḃ
fear orra go cluasaiḃ & eiċ raṁra i
b-páirc eile i naċ raiḃ aċt an ċré cíor-
ḋuḃ. I b-páirc i n-gar dóiḃ seo ḃí ḋá
fiaċ duḃ ag gobaḋ x , ag piocaḋ y , ag
scríobaḋ & ag screaḃaḋ z a ċéile, gan
síoṫ, suaiṁnios, ná sos do ṫaḃairt
dóiḃ ḋá ċéile an oiread ar aon nóim¬
iot a aṁáin. Do ġaḃ uaṁan & iongan¬
tas eision ar ḃfeicsint na neiṫeaḋ
neaṁ-gnáṫaċ san.
An t-am ṫáinic tráṫ na m-ba ṫiom¬
áint a ḃaile go g-crúiḋtí iad níor b'
aiṫreaċas leis é, mar cé go raiḃ a
ċroiḋe calma ni raiḃ sé saor ar fad
ó faitċíos do ḃeiṫ air. Ṫiomáin sé na
ba gus an maċa ṫáinic an bainrioġan
amaċ & do ċrúiḋ trí coláin do ḃainne
breaġ slím sleaṁain uaṫa "Tar slán"
ar an riġ leis go soilḃir sásta. "Innis
dom anois," ar an riġ, "cad a ċonnar-
cais feaḋ an lae?" D'innis sé ḋo gaċ
niḋ o ṫús b deireaḋ,
"Na h-eic loma do ċonnarcais," ar
an riġ, "ba tiġearnaiḋe talṁan iad ag
a raibh morán maoine aċt in aġaiḋ
leanaṁaint go díograiseaċ dian-ċóṁ¬
lannaċ ar lorg a leasa rinneadar toil
& toġa d' ainṁianaiḃ ainiarsmartaċa
