AN GAOḊAL.
329
SEINÉID — DÁIḂIS,
Leis an nGaḃar Donn.
Do cluineaḋ gúṫ ag seinim ceoil aon uair
Níos binne fós go mór 'ná ceol na n-eun,
An ceol is suairce tá le faġáil faoi 'n ngréin,
Óir ṫug an t-saoirse ḋó a ḃinneas cóir.
"Do ṫáinic anam 'rís i n-Éirinn nuair
A ċualaiḋ sí an guṫ ameasg a péin',
Do léim sí air a cosaiḃ, 's ḃí sí treun
A saoirse d' iarraiḋ air a náṁaid diúir.
Anḟada luiḋe sí claoiḋte, tréiṫ, 's an g-cré,
Gur ċualaiḋ sí do ġuṫ, a Ḋáiḃis ḃinn,
A ġoir go calma í ċum beaṫa 'rís.
Buḋ ċúmaċtaċ do ġúṫ mar ġúṫ ṁór Dé
A ġoir ó 'n dorċadas an solus glinn:
A's béiḋ tú againne, a Ṡaoirse, mar do ḃíḋis.
SEINÉID — BÁIRD na MUṀAN.
Leis an nGaḃar Donn.
Ceud bliaḋain o ṡoin do ṡeinn na báird go binn
Do ṁolaḋ ċóir, a Éire, measg an ḟraoiċ air ṡléiḃ,
I ngleanntaiḃ doiṁne no faoi scáil na g-craoḃ,
'N a ċeileadar iad féin ó ḋliġe 's ó ċuing.
Ó ḋliġe 's ó ċuing an t-Sacsanaiġ a roinn
Gaċ n-duine ó n-a ċéile, 's air gaċ taoḃ
A ṫiontuiġ siad do fuair siad náṁaid saoḃ
Ag fuireaċ orr', 's fós ṡeinneadar go grinn!
Do ċongḃuiġ siad an Ġaeḋilge beo 'n ar measg;
Do ċongḃuiġ siad seanċeol ar g-ciniḋ beo;
Do ċongḃuiġ siad stáir na h-Éireann 'gainn gan bás,
A's gíḋ go ḃ-fuair siad ó n-ar náṁ breugṫáig;
Béiḋ 'n gráḋ is fíre aguinn orr' go deo.
'S coingḃeóċuiḋ sinn a g-cuiṁne úr a's glas.
SEINÉID — CEARḂALÁN.
Leis an nGaḃar Donn.
Éist! éist! óir cluinim ceol, ceol suairc an ċroíḋe
A ṡeinneas dúinn, mar ṫeaċtaire ó Ḋia ;
Naċ g-cluineann tú a ġúṫ? 'nois sguir ó d' ġliaṫ
A's cluinfiḋ tú an ceol is feárr air biṫ.
Gíḋ duine dall, ní dall a inntinn ġroíḋe;
Giḋ duine boċt, de'n saiḋḃreas fíor an triaṫ;
Ceanaṁail a's gráḋaċ, de 'n ḟírinne an sgiaṫ;
Do 'n ġreann síorċlaonta; de na bárdaiḃ ríġ.
A Ċearḃaláin, giḋ tú an bárd buḋ ṁó
A rug 'riaṁ cláirseaċ Éireann díl 'na láiṁ
Ó aimsear Oisín gus an lá a n-diú;
Ní tú an bárd is déireanuiġe gan gó,
Óir 's beo fós Éire a's a teanga sáṁ,
Béiḋ báird ann seal tá 'n teanga seo faoi ċlú.
