féin & nuair ṫiocfas an t-am le n-ar
g-ceart a ċosnuġaḋ, biḋeaḋ siḃ réiḋ."
Anois go d-te do ḃaraṁuil go ḃiṫ¬
eaṁnaċ d'a ṡórt ċuirfeaḋ i g-céill go
ḃ-fuil saṁail anaṁaċ, & go ḃ-fuil an
diaḃal d'a ṡeolaḋ féin & a ṫreuḃ ar 'n
m-bóṫar go h-Ifrionn, eidearḃṫa tútaċ
Breaṫnuġaḋ ar an saoġal fánaċ so
gaḃail ṫarrainn; a smuainiuġaḋ ar an
leus geárr atá againn ar an t-saoġal
so, & laḋad an t-seirḃís a rinneamar
d'ar nDia, d'ar d-tír, & air son an
teanga Ġaoḋailge ċongḃáil ó 'n m-bás
(aċ creid mé ná'r ḃ'é 'r leisg ná air
loċt é aċ loċt ṁuintir an ḟuair ċráḋ
naċ d-tugann aon ċongnaṁ linn). Cuir¬
im anois cuntas ċugad le fios a ṫaḃ¬
airt ḋuit go ṁ-biḋeann fáilte ṁór ag¬
ainn ar an nGaoḋal an trá ṫigeann
sé ar láiṁ. Cuireann sé i g cuiṁne mé
an uair a ḃiḋeas a léiġeaṁ na Gaeḋil¬
ge, & na dánta breáġ ḃiḋeas ann, ar
a n-am a raḃ mé ag éiriġe suas ion mo
ġarsún san m-baile 'g éisteaċt le sean
ḟir & le sean ṁná ráḋ aḃráin & sgeul¬
ta gaċ aon oiḋċe ġeiḃriġ go m-beiḋeaḋ
sé ngar go lá Má leanamuid do'n o¬
bair ṁaiṫ san am le teaċt — mar rinn¬
eamar ó ṫosuġaḋ fáġail ċostuim éir¬
igċa do'n Ġaoḋal — 'sé mo ḃaraḃuil naċ
m-beiḋ áḋḃar casaoide agad'nar n-aġ¬
aiḋ. Ní ḃeiḋinn sárṫuiġ ċoiḋċe léiġeaḋ
dánta agus sgeulta breáġ Gaeḋilge ó
ṗeann an Ġaḃair Ḋoinn & fileaḋ éif¬
eaċtaċ eile sgríoḃas ċum an Ġaoḋail;
mar tá Doughar, Mac Ḃáird, de Nor¬
raḋ, Gríoṁṫa, Glasáin, Mulala, & go
leor eile; &, gan aṁrus, ní cóir ḋam
dearmad a ḋeunaḋ air úġdar an sgéil
ḃreáġ úd, "Hanns Doodledee," M. Ua
C. Tá fileaḋ éifeaċtaċ eile a m-buḋ
ṁaiṫ liom roinn de ḋántaiḃ ḟeicsint
san nGaoḋal uaiḋ — Padruic H. Buir¬
éúd, as Merriam Parc, Naoṁ Pól,
Minneseota. Riġ sgoláire Gaeḋilge
tá ann gan aṁrus. 'Sé mo ċráḋ naċ
ḃfuil gaċ Éireannaċ ċo dílis d'a dtír
& ċo cionṁar ar an teanga Ġaeḋilge
leis na filiḋe os cionn d ar ainmiġeas
aċ faraor ní'l, as tá faitċíos orm naċ
m-beiḋ ċoiḋċe. Ní ḟeicim aċ aon loċt
aṁáin ar an nGaoḋal, sé sin, a laḋad
Dá m-beiḋeaḋ sé ċo mór arís a's tá
sé ar nós go d-tiocfaḋ leat tuilleaḋ
go sgeulta & dántaiḃ breáġ Gaeḋilge
na hÉireann a ċlóḃualaḋ ann. Aċt
anois cuirim a g-cás go d-tiuḃarfaḋ
gaċ muine tá tógḃáil an Ġaoḋail dol¬
léir sa m-bliaḋain le n-a ḟóirleaṫnuġ',
ḃeiḋaḋ páipeur in sin againn ar ḃróid
dúinn é. Tá roinn ċréatúr truailliġ¬
ṫe Éirionnaċ ann so ar ċóir go m-beiḋ
dís an aon ḃád leis an O'Neill Ruiséal
aċ. 'Sé duḃairt sampla acu an lá fa
ḋeireaḋ le Antoine Mullalla naċ g¬
cainteann nó naċ léiġeann aon ndaoine
Gaeḋilge aċ daoine gan tugsint no eol¬
as.
Fanaim go diliseaċ do ṡearḃḟonta.
D. J. McC.
Our friend McCormick (Wheeling) has written a
good deal more but our Gaelic type has run out here
DO 'N ĠAOḊAL,
An Leabhar Lán de Ġaoḋailge,
le P. D. Ua Crónáin.
Táim mórálaċ dom' leaḃar lán de Ġao¬
ḋailge,
An teanga sin ġráḋaim óm' ċroiḋe,
An t-onóir sin go léir duit, a Ṡaoi Ló¬
ċáin,
Is tú an t-uaċdarán ar d-túis ċuir í a
ḃ-feiḋm.
Anns an d-tús buḋ cruaiḋ é do ḃóṫar
Aċ le fórsa 'gus fuinneaḋ do ċroiḋe,
Duḃrais le Seáġan Teirḃ 'sa ċáirde,
Go m-brisfeaċ an Gaoḋal beag a ċroiḋe
Do ṫugais na buaċailliġe ċum ċéile —
Do ċualamar d'ḟuaim anns a n-gaoiṫ,
Gan cúntas ar ṫeanga ar sinnsir,
A n-daoirseaċt do ṁairfeamuis ċoiḋċ'
Anois támuid sása dod laeṫiḃ,
Mar ṫóigis an Ġaoḋailge arís,
Éireoċaiḋ do sgoláiriḋe an uaċtar,
Is béiḋ d' ainm i stáiriḃ a d-tír'.
We thank our Spokane friend for his complimen¬
tary little poem.
