340
AN GAOḊAL
BRIĠID NÍ DHONNAĊAḊ.
A léiġṫeoir, ná caiṫ droċṁeas air
obair ġrabaire a ḃ-fuil dúil aige do
ḃeiṫ ag Gaeḋilgeoireaċt go mion & go
minic. Atá rud aṁáin ag cur as dó
nó do ḃeiḋeaḋ ann a ṫeanga féin do
sgrioḃ níos feárr. Atá sé in áit a ḃ-
fuil a ṡáiṫ ṁór le deunaṁ aige d-taoiḃ
léiġin & naċ m-biḋeann de uain aige
air Ġaeḋilge d'ḟoġluim aċt i réir mar
atá orduiġṫe ḋó.
Air seo do ḃeiṫ aṁlaiḋ ná saoil go
ḃ-fuiġḃir an t-aḃrán so i nós "Ḋán
Díreaċ" na m-bárd ná fós mar ċaint
ḃlasta na seanaċaiḋ aċt tá sé 'mar
tógḃaḋ é ó 'n t-sean-ṁuintir ċoṁnuiġ¬
eas ṫimċioll Thuama. Ní ḟuil filiḋ¬
eaċt no stuaim ann aċt gur Gaeḋilge
na focla Seáġan Ṁac Cosáin is úġ¬
dar do 'n t-Sacsḃeurla a ḃ-fuil sé air
driġṫe uaiṫ, & is dóiġ naċ ḃ-fuil go leor
de aḃránaiḃ na teangaḋ soin atá ċóṁ
coitċionn i m-beul muintire na h-Éir¬
eann 'sa m-baile.
I
Is ṡíos i g-condae Chiaraiḋe, seal
geárr ó condae 'n Chláir,
'Tá 'n dream óg is aeraiġe, i b-patrún
is mó gáir,
Is ainm do'n áit Cill Lurgan, caoṁ¬
áit aċt 'tá a ċlú
'Ḃárr béasa moḋaṁuil, múinte, mo
Bhriġd' ní Dhonnaċaḋ.
An luinneog.
A Ḃriġid ní Ḋonnaċaḋ, go dearḃ gráḋ¬
uiġim ṫú,
Giḋ go ḃ-fuil mé i Mericá, 'tá mo
ċean ort-sa dlúṫ dlúṫ.
II
Ḃí a h-aṫair 'na ḟear siopa, fear fiúġ¬
antaċ ó n-a ċroiḋe,
Faoi ṁeas air fud na n-daoine ó Ċill
Lurgan go Tráiġ Léiṫ.
Dia Doṁnaiġ ag teaċt ó 'n Aifrionn,
fairtear uirre go grinn,
Faoi ċoinne Bhriġde in san t-sliġiḋ ḃí
uile ḋuine cruinn.
III
Do ċuir mé ioṁaiġ go d-tí í, aċt fós
má ċuireas féin,
Níor ṡaṁail doṁ-sa do ḃí ann aċt io¬
ṁaiġ flaiṫ na n-eun,
B'é ioṁaiġ iolair Mherica, "Briġid ní
Dhonnaċaḋ,
Faoi ċumann an t-éin seo deirim gur
seunṁar ḃeiḋeas tú."
An Píobaire Mineaḋ.
SEINÉID — OISÍN,
Leis an nGaḃar Donn.
A ḃáird a ṡeinn i n-Éirinn ġlas fad ó,
Is mór do ċlú a n-diú, is mór d'onóir
Ameasg na nGaoḋal, a's tá sé mar
is cóir,
Óir 's tú an bárd ameasg na m-bárd is
mó.
I ngráḋ, i ngliaṫ ní raiḃ aon ḟear níos
teó
'Ná ṫú, laoċḃáird, a ṫug d'ar g-cláir¬
siġ glóir;
Fíġtear um d'ainim sgeulta geala
óir;
Ní raċfaiḋ ṫart do ġlóir nó clú go deo.
"A Oisín uasail ṁóir, a ṁic an ríġ,"
Atá do spiorad beo 'n ar measg an-
ḋiú,
Óir seinneann báird 'n ar measg aḃ¬
ráin a ṁúin
Tú ḋóiḃ, — aḃráin na saoirse, gráḋ'' gaċ
ċroiḋe. —
Seal tá an Ġaeḋilge beo, béiḋ buan
do ċlú
A's cluinfiḋ sinn gaċ aon do ġuṫ
ḃinn ċiúin.
[ Is ait linn an molaḋ seo air ar g¬
cáirde gaoil. Oisin. Buḋ ċóir dúinn
ḟéin do ḃeiṫ 'nar m-bárd ṁaiṫ, a teaċt
ó Oisín air aon taoḃ, & ó Lóċán air an
taoḃ eile; aċ ní h-aṁlaḋ tá. — F G ]
Quite a number here and there ordered the Gael
some time ago who have not made returns yet. Re¬
member friends that we have to pay for the paper
and postage before the Gael is mailed. Clear up
your Gael commencing the New Year. We hope
our Brooklyn friends will make amends — they are
all well to do and have no excuse but inattention.
