siḃ féin ar bun iomad de ċumannaiḃ
ar an nós céadna, & go mbéiḋmid uile
ceangailte le ċéile i nglasaiḃ daingne
dlúṫa cáirdeasa & caidriḃ. Má ṫioc¬
faiḋ sé seo ċum ċríċe gan aṁras gan
agó béiḋ cúis na Gaeḋilge ag dul ar aġ¬
aiḋ ó 'n lá go ċéile de lúiṫ-ṗreabann¬
aiḃ lána láidre.
Mise do ċara 'san gcúis naoṁṫa
faoi ḋeaḃaḋ & faoi ḋéiṫneas,
Seosap H. Laoide.
Cóṁráḋ an tSaoi Díolún J. mic Ċor¬
maic, leanta ó 'n nGaoḋal déiġionaċ.
fóġluim. An cioṫramaċ tútaċ, dá m¬
ba liomsaḋ deurfaḋ sé sin ḃrisfinn, a
ḃeul. 'Sé a léiṫid sin a ṡeasas air
ċornéil na sráideanaiḃ deunaḋ balls¬
geige dóiḃ ḟéin — deunaḋ oilleartaċ a
gcáid & taṫaoireaċt ar an te laḃaras
Gaoḋailge & naċ ḃ-fuil a cur amaċ an
ṁadaiḋ acu féin i m-Béarla nó nGaoḋ¬
aile. Aċ is cóir alúntas a ṫaḃairt
ḋóiḃ mar naċ ḃ-fuil fios níos feárr
acu. Feiceann siad an nós ar ṁarḃ¬
uiġ na Tóruiġe breun tuataċ d-teaċ
na mbruid an bille le na Riaġail féin
do ṫaḃairt go Éire ḃoċt atá faoi ṡáil
iarruinn ag na Tóraiġiḃ tuataċ' leis
na céadtaiġ bliaḋan, & naċ ḃ-fuil aon
smaoineaḋ acu a láṁa ḃaint ó sgor¬
nach na h-Éireann nó go n-díbriġe sí i g¬
coigċríoċ roinn d'a muintir & go g-cuir¬
iḋ sí an ḃáis an ċuid eile acu, le ucras
— agus air a g-croic, & a taḃairt bás
failliġeaċ go 'n ċuid eile acu san b¬
príosún le gort agus anró — mar rinn
sí le n-ar g-cuiṁne féin, anns na laeṫ¬
iḃ leaṫtromaċ an ar loḃ na fataiḋ i-
n-Éirin, & a ċuir scapṫaḋ & fán as ar
d-tír féin orrainn. Feicim anois naċ
mian leis na Tóraiḃ rubáiliġ a ngreim
a sgaoileaḋ go Éirinn nó go g-ceangliġ¬
eaḋ sí a marḃaḋ-fáisg air ċeann agus
smig gaċ Éirionnaċ d'a ḃ-fuil in Éirinn
ca ḟaid a's léigfeas an diaḃal a srian
leoṫa. Go d-tugaiḋ Dia díoltas trom
orṫa faoi n- ndiaḃaluiġeaċt. Tá súil
le Dia agam gur fogus dúinn an lá go
n-díbriḋe Dia a g-cúṁaċt as Éirinn,
gan filleaḋ air ais go bráċ. Ná'r ċóir
go g-cuirfeaḋ an díoltanas sin a fuar¬
amar ó 'n t-Sasanaċ tuataċ ciall agus
réasún ionnainn le meas a ḃeiṫ againn
air ċéile & an teang Ġaeḋilge a ċleaċ¬
tuġaḋ?
Tá ar ndóṫain eascara san tír so
& gaċ tír eile ionn ar n-aġaiḋ agus gan
sinn féin do ḃeiṫ ag cur a n-aġaiḋ a
ċéile; aċ is gnás go ċuid de na h-Éir¬
eannaiḃ ḃeiṫ mar sin — mar naċ ḃ-fuil
fisnis fáir acu. Ċonnairc mé ins na
páipéir an t-seaċtṁain a ċuaiḋ ṫart
go ḃ-fuil teaċtairiḋe ó 'n diaḃul i g¬
cosaṁlaċt Orangemen ag triall air
fuid na státaiḋe ag cur sgeulta an
diaḃail air ċuid do na Produstúin d'a
m-brosduġad le caṫa ḋeunaḋ a n-aġaiḋ
na g-Caitilic. Tá 'n diaḃal ag caṫa
leis an Eagluis Ċaitiliceaċ ó 'n lá ar
laḃair ar Slánuiġṫeoir Iosa Críost le
Naoṁ Peadar nuair a ṫug Sé eoċair
na ḃ-flaṫas dó & duḃairt leis, "Deir¬
im-se riot Peadar & gurab ar an g¬
carruig-seo ṫóigeas mise m' eagluis, &
naċ m-beurfaiḋ geatuiḋe ifrinn buaiḋ
uirri; ní mó ná sin a ġeaḃfas truilliġ
tuataċ an A. P. A. geuga loḃṫa de na
Nonothings, buaiḋ uirre; ḃeurfaiḋ an
diaḃal leis iad mar ṫug sé leis an
dream ar ṫuirling siad uaṫa, na Nono¬
things. Feiceamar na droċ ḃriaṫra &
na droċ gníoṁarṫa tá siad ag deunaḋ
gaċ lá & oiḋċe in ar n-aġaiḋ — d'ar n¬
díbírt as obair inn gaċ balla & bóṫar
iona ḃ-fuil cúṁaċt acu. Naċ cóir go
d-tiuḃarfaḋ léiṫid sin go ṁíorún 'nar
n-aġaiḋ ciall dúinn a ḃeiṫ nios dlúṫte
dílse d'a ċéile? Dá m-beiḋeaḋ sinn
mar sin ba ċuma linn dá d-tiocfaḋ gaċ
ḃ-fuil go A. P. A's i g-Canada ḃeiḋeaḋ
sinn ábulta ar b-páirt ḟéin a ṡeasaḋ,
aċ, faraoir, ní'l muid mar sin. Tá
súil le Dia agam go d-tuitfiḋ an scam¬
ul ó ṡúiliḃ na n-Éirionnaċ atá dallta
& naċ leur dóiḃ an bealaċ; ḃeirim fuag¬
raḋ ann so ḋóiḃ go ḃ-fuil an t-am ag
deasuġaḋ linn ar cóir do gaċ Éirionn¬
aċ do ḃeiṫ dílis d'a céile. Tá sé riaċ¬
danaċ dúinn a ḃeiṫ réiḋ le seasaḋ taoḃ
le taoḃ & guala le gualain, in sin béiḋ¬
mid 'nan traisa le n-ar náṁaid.
