AN GAOḊAL.
531
Do ḃ'ḟeárr liom ḃeiṫ laṁ liḃ
D'a canaḋ arís
Ná páirt don stat sd
'Sa doṁan gan cíos.
Gairm cuġat-sa, ṫeangain úṁal ġlic,
Gaċ buaċaill deas,
Is óigḃean ċlúḋaṁail, ata múinte
Ad ḃréiṫriḃ beaċt —
Gaċ flaiṫ is prionnsa ṫug a rún duit,
A n-Éirinn seal,
Teaċt ar g-congnaḋ ċum do ċlú-sa,
Cuir go h-árd ṫar lear.
An Ceangal.
Gairm Iosa ċeap na tíorṫa
'Sa ṁuir ṁór ḃreáġ,
Is ċuir go h-aoiḃinn solus fíor-ġlan
Sa spéir gaċ lá. —
Do ċeannuiġ daoine le fuil a g-croiḋe
stuiġ
Go daor sa ṗáis
Gan an Ġaoḋailge ḋíbirt ċaoiḋċe
As ċlár leaṫan Fáil.
DROĊ ĠAOḊAILGE.
A Ċáirde Ḃlácliaṫ,
Creud i ċialluiġeas é seo. —
"Conraḋ na Gaeḋilge ar n-a ċur ar
bun ċum na Gaeḋilge do ċongḃáil d'á
laḃairt i n-Éirinn"?
Muna m-beiḋeaḋ go ḃ-fuil tuairim
againn cad buḋ ṁian leis an sgríḃneoir
do ċur in iúl dúinn, ní ṫuigfeaḋ sinn
suim na ḃ-focal "Ar n-a ċur ar bun."
Anois, a ċáirde, ní ṡé ḃur g-conn¬
raḋ-sa an ċéad ċumann Gaoḋailge do
cuireaḋ air bun i saoṫar na Gaoḋail¬
ge, agus, air an áḋḃar sin, ní ṡé Conn¬
raḋ na Gaeḋilge é — go simpliḋe — is
connraḋ Gaoḋailge ḃur g-cumann.
Ċuir muidne connraḋ Gaoḋailge ar
bun 'san nGaoḋal bliaḋanta ó ṡoin —
cad a ḋéanfas siḃ leis? — connraḋ na
Gaeḋilge Éire Ṁóir, an ṡeaḋ?
Anois, d'ḟoclóċaḋ muidne ḃur g-ceann-
ḟuagraḋ mar so, —
"Connraḋ Gaeḋilge Ḃlácliaṫ, curṫa
ar bun ċum an Ġaeḋilge do ċongḃáil
d'a laḃairt i n-Éirinn."
Dá m-beiḋeaḋ connraḋ Gaoḋailge
cumṫa de Albanaiḃ agus Éireannaiġiḃ
insin feudṫaiḋe connraḋ "na" Gaeḋil¬
ge ṫaḃairt air, aċt ní ḟeudṫaiḋe 'ráḋ
go raḃ sé curṫa ar bun ċum "na" Gae¬
ḋilge, &c., aċt mar deirmíd, Ḃainmid
feur ċum an ḃó do ċongḃáil beo.
A ċáirde, iomarca cócairiḋe [bruiṫ-
eor], milleann sé an t-anḃruiṫ.
Tá muid a laḃairt Gaoḋailge ó ḃíḋ
mar bliaḋain-go-leiṫ d' aois — buḋ í an
ċéad ḟocal do laḃramar — Tá muid d'
a laḃairt ó ṡoin go d-tí seo — agus le
daoiniḃ as gaċ ceárda de Éirinn — aċ
an moḋ laḃarṫa air a ḃ fuileamar ag
géirḃreaṫnuġaḋ, níor ċualamar agus
níor léiġeamar i riaṁ.
Tuilleann siḃ molaḋ mór air son
ḃur n-díocuis láiṫreaċ i g-cúis na Gao¬
ḋailge, aċ, air son Dé, bíḋiḋ riaġalta
le na h-úġdairiḃ, a raḃ fios na teang¬
an acu, a ċuaiġ róṁaiḃ.
His Grace, Archbishop Walsh, Dub¬
lin, favors the use of Pitman's phonet¬
ic system in teaching the pronuncia¬
tion of Irish, and a Gaelic textbook
embodying the system is in course of
preparation. We have prepared a ta¬
ble of sounds but it was crushed out of
this issue. We exemplified this system
on the blackboard before the Gaelic
classes years ago. We read Pitman's
system 36 years ago and taught it in
this city. Hence, we should know
something about it; and it is our opi¬
nion that it is as easy to learn the
Gaelic sounds as Pitman's — Friends,
"There is no royal road.” We have
the grammars of seven languages be¬
fore us, and Irish is the easiest.
For the Gaelic Journal send 60 cents to the Rev
Eugene O'Growney, Maynooth co. Kildare, Ireland
F. M’COSKER,
PLUMBER, STEAM & GAS FITTING & FIX¬
TURES.
All our Work Warranted.
St., Francis' St. Cor. of Jackson, Mobile Ala.
