354
AN GAOḊAL
Rúnṁar réimeaċ reiġeaċ gan ruiġneas,
Ruaig is ráig is gaḃa na ḃfíorḃoċt.
24
Saoi ġlan soilḃir soċa neaṁpuimpeaċ,
Do sgaipeaċ aṁaiṫios ar ṫaisdiollaċ tíorṫa,
Taca tiġearnaṁuil, triaiṫeaṁuil, taoiseaċ,
Tug agreann don tseannraċt naoṁṫa.
25
Ailmseaċ ardaṁuil áigriúin dílios,
Annsaċt barran, is taiṫnioṁ na ríoba,
Arṫaċ saor na féile is reiġ-ġas,
Aġṁar séiṁ gan taod na claoine.
26
Borbḟlaiṫ béasaċ caoṁ neaṁċínnte,
Bráġ re basga na neaċtránn gcoiṁṫeaċ,
Briġ na ḃfaon ag céimiḃ díosgair,
Is binn ḟear buḋaċ deaġ-iompair aoiḃin.
27
Ceap na fairsinge an dragan so ṁaoiḋim liḃ,
Coḃair is ceann na ḃfann an iorġuil,
Cléireaċ cliste do ṡiosgaċ gaċ sgríḃinn,
Is creaċ na mboċt iar gclos na daoirse.
28
Dardaig éag an ḟeinnig ċroiḋeaṁuil,
Doilḃis duairc is gruaiḋm gan sgaoile,
Doir ċioċt doirḃ is orċra caointeaċ,
Andealbaiḃ béiṫe cleir is draoiġṫe.
29
Fionnflaiṫ fróṁṫa leonta laoiġṫeaċ,
Fear gan táṁaċt a stát na amaoinaiḃ,
Fuair clú agus gradam is ceansus ó ṡaoiṫiḃ,
Le feaḃus a ṫreiġṫe a ṁéin sa ninntinn.
30
Gas nár ḟan re meaṫ ná críne,
Geag do ġearraḋ sul deasgair a ḋlaoiġṫe,
Nár ġiorraig an bás a ḃláṫ sa míndreaċ,
D'ḟúig glaiṁ is golairt sa ṗobul mar ṫímpċioll.
31
Lonnaġas áig do ġráḋuig deaġ-ġníoṁarṫa,
Lúṫ is láṁaċ glan ċáil is mílseaċ,
Ḃí lán do ḋaonaċd céim bo ċuiḃe ḋo
Le ár ṫuill foġar is greann na ndaoine.
32
Mínḟear múinte múirneaċ d'ḟíorsgoṫ,
Taoiseaċ saorga deíngeaċ tíġios ṁaiṫ,
Ariar na mboċt is go coisgeaċ íota,
Taisdiolaċ fáġain go deaġ-ṫeaċ saoirseaċ
33
Nósuiġe tuigsionaċ iniḃ neaṁ claoiḋte,
Lán do ġreann gan leaṁus na laoiḋṫiḃ,
Dá ḟeaḃus do ġluais ó cuaine taoiseaċ,
Do rug bárr ó áig a ṡínnsir.
34
Pola nár staon aċt céim do ḋrús,
Le fearta ṁic Ṁuire do milleaḋ air spínnċruis,
Tug searc suim saor do ṫréiġṫiḃ dísle,
Is do lean gaċ rod deaġsamplaċ díreaċ
(To be continued.)
