UILLIAM RUAḊ MAC COITIR cct AR ḂÁS ṠÉAMUIS
Óig Ṁic Ċoitir Do Básuġaḋ a g-Corcuiġ, A. D. 1720.
(Leanta)
35
Ruipe nár ṫeiḃ angléic na agcoiṁeasgair
Raiḃ nar ċrap aġlac ó ḋaonaċt
Reiṫ-ṫeoir ceas don lag is sgaoilteaċ,
Daoirse is doiċte do ḃoċtaiḃ le coiṁirse.
36
Soirḃ fear suaimneaċ suairc nár ċínnte,
Do sgaipeaċ air ḋáiṁ sa taḃairne fíonnta,
Nar ṫréig aċomirc sa ċumann na claoinfeaċ
Air ṫairḃe an tsaoġail don té bo gnaoi leis.
37
Triaṫ gan meaḃall gan ċealg gan ċlaoine,
Tiagar seasaiḃ is taca ná fillfeaċ;
Láṁ na lónn ó cóip na daoirse,
Is dfuasglaċ práinn is gaḃa na ḃfiorḃoċt.
38
Níor ḃaiṫniḋ aloċt muna loċt an ṁíne,
Múine is béasa féile is saoirse,
Greann is páirt is gráḋ neaṁ ċoiṁseaċ,
Is cneasdaċt tar bárr le h-arsaig ċríona.
39
Sa tsraid sin anaig níl aitios na aoiḃnios,
Aċt gárrṫa bróin go deoraċ caointeaċ;
An t-óg sa fean an lag sa laoiċra,
An ionaraiḃ cúṁa san uir ó sínneaḋ.
40
Blaiṫ na macaoḃ gcleasḃfaoḃar gcraoiḋṁear,
Na raiḃ caor ar lasa na leacain trí lítis
Gluise na rosg is ḟolt go trinnseaċ,
Camarsaċ cablaċ faineaċ síos leis.
41
Bo ḋeas aṡeasaṁ ar faiṫċe ameasg saoiṫe,
Níor ṫaoḃa spairnn cas caismirt na bruiġeanta;
Do ṁeiḋir liom aṁarc aṗearsan air caoil eaċ
Alorg na ngaḋar go meiḋreaċ ríngceaċ.
42
Níḋ h-ionga an ḃean tug laċt acíoċ do
Sa taṫair noċ d'ḟág gan áird ná cuiṁne;
Aleiġe na mbraonaiḃ déis aṡínnte,
Claoiḋte fuar an uaig fa ḋíḋean lic.
43
Sa líaḋaċt fear is bean naċ feas angaoiḋil leis,
Ó soinninn na seol go bórd na laoi soir
Go déaraċ dearg-ruisg ceasnaiḋṫe caointeaċ
Ó leagag an leóġan so aḃflós aṡaoiġil.
44
Ta uail ag innsíḋe bán ċíoċ ṁínlaċ
Do sgairt Aine, Gráine is Clíoḋna,
Meiḋḃ na ruag mór Ċluana is Aoiḃioll
Rioġan anaice is sgata ná h-innsim.
45
Ní'l sugra ar móin ní'l ceol am binn-ċruit,
A gcaise ní'l éisg, ná feur air innísiḃ;
