AN GAOḊAL
361
Tá an ġrian re smuit fé ḋuḃa ḃrat daoilċis,
Ag ealta ní'l geoin sas feóḋta fíoḋḃa.
46
Do ḃrúċt an Ṁáig do ġáir an díle,
Do sgéiḋig aḃa leacaiḋe acaisiḋe timpċioll.
A gcurraiḋṫiḃ anaig ní'l seamair nar críonaig
Go Cunnaill ó taisgeaḋ fá leacaiḃ mo riġ flaṫ
47
An bás ó geallag gan seaċaint dár ṡíolṫaig
Anuas ó Adam ársaḋ an aoiḃlis;
Stadfad dam obair is goilfead air Iosa
Gaċ bearna doscailt do ambrogaiḃ na díḋeaċta.
48
Sirim is aicim an taṫair sa naoiṁ spiorad
Mac na h-óġ fuair leona air ruinnċruis,
Aingil is apstail dá ġlaca le coiṁirse
Adtaisge na ḃflaṫas is Amen liom guiḋigse
An Feart Laoiḋ.
As meiḋir ṡeín duit abeil-leaċ "cia doilḃis liom"
Sáḋair ṗearla deiġ-ṁéineaċ ḃeiṫ fosdaiġṫe fút,
A's teinn créaċtaċ dona faonaiḃ agcoḃair sa gcúl
Taḋg gléigeal Ó Leanaċáin coigilte an iúir.
Fór Ċeann.
Tomás Ua Gríoṁṫa.
An Droiġneán Donn.
Saoileann ceud fear gur leo féin mé nuair ólaim lionn,
'S téiḋeann dá dtrian síos díom ag smaoine ar do ġean,
Do ċum is míne 'na an síoda air Ṡliaḃ Ui Ḟloinn,
'S go ḃ-fuil mo ġráḋ-sa mar bláṫ 'n áirne ar an droiġneán
[donn.
Agus slán feasta do'n ḃaile údaiġ, ṡiar ameasg na gcrann
Is ann sin atá mo ṫarraingt go luaṫ 'gus go mall,
'S iomḋa anaċ fliuċ salaċ agus bóiṫrín cam
Gaḃail idir mé 's an baile ḃ-fuil mo stóirín ann.
Tá ribín ó mo ċeud-searc ann mo ṗóca ṡíos,
Agus fir Éireann ní leiġeasfaidís mo ḃrón, faraor!
Tá mé réiḋ leat go ndeuntar dam cóṁra caol
'S go ḃfásaiḋ ann feur 'nn a ḋiaiġ sin ṫríd mo lár aníos.
'S a Ṗaidiḋ an misde leat mé beiṫ tinn,
No a Ṗaidiḋ an misde leat mé ḋul 'sa g-cill?
A Ṗaidiḋ an ċúil ċeangailte 's é do ḃeul atá binn,
'S go dté'm 'san talaṁ béiḋ mo ġean ort fád' ċoṁráḋ liom
Is fear gan ċéill i raċfaḋ i dréim leis 'n gcloiḋ' ḃeiṫ' árd
'S cloiḋe ísioll le n-a ṫaoḃ air a leagfaḋ sé a láṁ,
Ciḋ gur árd é 'n crann caorṫainn ḃíonn sé searḃ as a ḃárr
'S fásann sméara 's súġcraoḃa air 'n gcrann is ísle bláṫ
'S Ṁuire ḋílis créad ḋeunṫas mé má imṫiġeann tú uaim,
Ní'l eolas ċum do ṫiġe agam, ċum d'agaird nó do ċruaiċ,
Coṁairle ḋilis do ṫug mo ṁuintir ḋam gan eulóġ leat,
'S go raḃ ceud cor in do ċroiḋe-stiġ 'gus na mílte cleas.
See Hyde's "Love Songs," p. 30. idem
