AN GAOḊAL
365
UAIṀ NA LADRÓN.
(Sgeul Gearmanaċ)
le M. Ua C.
Am eigin ḃí fear & a ḃainċéile ann,
darab aca aċd leanḃ aṁáin, agus do
ṁaireadar i n-gleann aoiḃinn imċian,
go h-iomlán aonaraċa. Do ṫarla lá
eigin gur ċuaiḋ an ṁáṫair 'san ċoill le
cruinniuġaḋ sprios giuḃais, & rug sé léi
a mac beag Hans.
Dob é a n-aimsir an earraiġ, & do
ríṫ an buaċaill do ḃí uim ḋá ḃliaḋain
d' aois, ṫríd an ċoill aig piocaḋ na m-
blaṫa iol-daṫaċa in uile sónas leanḃ¬
iuġeaċda Go prap do léim as na sgeaċ¬
aiḃ orṫa ḋá ladron, gur sgiobadar &
iomċaradar amaċ leó an ṁáṫair 's an
mac go doiṁneaċd na friṫe, nar ċuaiḋ
duine ariaṁ ann, aċd na ladróin féin
Buḋ diomaoin é gur ġuíḋe an ṁaṫair
boċd air na ladrónaiḃ do léigean amaċ
í féin agus a mac. Ḃí aca croíḋṫe na
cloiċe, & ní éistfidís le na guiḋṫiḃ no
aṫċuingiḃ, aċd do rugadar amaċ an
beirt le fóirneart.
Iar a d-tarraing tre luaiṫre agus
sgeaċaiḃ, beag naċ ḋá uair, do ranga¬
dar carraig mór mar do ḃí dorus ann,
air ar ḃuail na ladróin. Ḃí fosgailte an
dorus go prap, & iar ngaḃáil dóiḃ tre
bealaċ fada dorċa, do rangadar uaiṁ
ṁór, ḃí soillsiġṫe le teine ṁóir aig
dóiteaḋ air an dteaġlaċ. Air d-taoiḃ
na h-uaiṁe do ċroċ claiḋime, daigéir,
& uirlise eile marḃṫa, do ḃí soilléarṫa
le leus na teineaḋ. I g-ceartlár ṡeas
clár duḃ, aig a ṡuiḋe ceaṫar ladróin
eile aig imirt cluiṫċe, & ceann díoḃ
nna ċeap-ladrón.
Do ṫáinic sé a láṫair 'nuair ċonn¬
airc sé 'n ḃean, & do laḃáir go caoin
léi D' innis ḋí a ḃéiṫ í síoṫċán, agus
gan mioṡuaiṁneas air biṫ, oir naċ n-
deunfaḋ aonneaċ urċóid dí in a uaiṁ.
Is é 'n t-iomlán a n-iarrfáiḋe dí, cúr¬
am a ṫógḃáil uiri air an teaċ dóiḃ, &
má congḃailtear gaċ níḋ í ríaġal ní
ḃéiḋeaḋ a cioingioll ċo h-olc. An uair
sin tugaḋ ḋí bíaḋ re n-iṫeaḋ, & tais¬
beanaḋ ḋí leaba 'nnar mb'ḟéidir í féin
& a mac do ċódlaḋ. Do ṁáir an ḃean
iomḋa bliaḋanta leis na ladronaiḃ
ionar ḟás Hans go h-árd & go láidir
D' innis a ṁáṫair sgeulta ḋo, & do
ṁúin é do léiġeaḋ ó sean leaḃar na
gaisge, dar fuair sí insan uaiṁ. An
uair ḃí Hans fá ṫuairim naoi m-bliaḋ¬
ana d'aois do riġne sé ḋo féin bata
mór láidir ó ġeug giuḃais, a's do ċeil
é air ḋeire a leaba An uair sin ṫái¬
nic sé d'a ṁáṫair, & aduḃairt.
"A ṁáṫar ionṁuin taḃair fios dom-
ca h-áit ann a ḃ-fuil m' aṫair, tá teas¬
dail go mór uaim é ḟeicsin."
Aċd ḃí a ṁáṫair na tosd, ní inseó¬
ċaḋ sí ḋó é, óir buḋ eagal dí go g¬
cruiṫeóċaḋ sé mianġas do ḃaile ann, &
ḃí fios naċ léigfeaḋ amaċ na ladróin
mioṫrocaraċa as an uaiṁ é; fós ḃí sí
croíḋḃriste nar ḟeud Hans dul ċuiga
aṫair.
Oiḋċe ċéadna mar do ċas na lad¬
róin ó na n-imṫeaċdaiḃ seaċránaċa
rug Hans air a ḃata, & air seasaḋ dó
roiṁ an ceap-ladrón do ġáir sé,
"Tá teasdáil uaim faisneis cá h-áit
ann a ḃ-fuil mo aṫair, & muna n-inseó¬
ċaḋ dom é buailfead síos ṫú."
Do smig an ladrón, aċd ṫug sé buile
do'n ḃuaċaill do ċuir fá 'n g-clár é.
D' éiriġ Hans go prap gan focal a ráḋ,
& do smuain leis féin,
"Fanfad bliaḋain eile no go n-iar¬
faiḋ mé arís — réiteóċaiḋ mé níos
feárr an dara feaċd."
Do ċuaiḋ ṫart an ḃliaḋain & ġleus
Hans é féin ċum diṫċille eile. Do rug
air a ḃata, do ġlan an luaiṫre ar &
d'a sgrudaḋ go cúramaċ, duḃairt,
"Is bata beag cálma, cumasaċ é."
Oiḋċe ċeadna ċas na ladróin aḃaile
in deáġ-spioradaiḃ, óir rugadar creaċ
ṁór leó, gur óladar fíon fáirsing
Fá ḋeire ṫosaiḋ a g-cinn do ċroċaḋ &
a súile a ḃeiṫ trom. Anuair sin ġlac
Hans suas a ḃata, & ag seasaḋ rómpa
go dána, d'iarr sé arís ca h-áit ann
a raiḃ a aṫair. ṫug an ceap-ladrón
buille uaṫḃásaċ ḋó air an g-cluais, gur
