366
AN GAOḊAL.
léig air lár é air an talaṁ. Ḃí sé
suas i móiment, a's do ḃuail builliḋ
luaṫa orṫa air gaċ taoiḃ, go raḃadar
go tapaiḋ air lár, a's gan cuṁaċd aca
láiṁ no cos a ċorruġaḋ, air m-beiṫ
dóiḃ ċoṁsáruiġṫe sin leis an ḃ-fíon 's
leis na builliḋiḃ. Do ṡeas a ṁáṫair
san g-cúinne, lán d' iongantas fá ġaisge
& neart a mic. An uair ḃí coiṁlíonta
a obair, ṫáinic sé d'a ṁáṫair, & aduḃ¬
airt,
"Do ḃíḋeas go duṫraċdaċ an uair
so, & is éigin dom d' aiṫin anois ca h-
áit ann a ḃ-fuil mo aṫair."
"A Hans ionṁuin," do ḟreagair sí,
"raċamuid d'a iarraiḋ no go ḃ-fáġ¬
maoid é."
Ġlacadar eoċair doruis ó ṗóca an
ċeap-ladróin & rug Hans sac mór iona
ċarnaiḋ sé ór & airgead, & mórán nei¬
ṫeaḋ sgiaṁaċa, go raiḃ an sac líonta,
noċ do ṫóg sé air a ḋruim. An uair
d' ḟágadar an uaiṁ, ḃí malairt ó ḋor¬
ċadas go leus ċo mór sin gur beagnaċ
nár dallaḋ iad; aċd cos air ċois ġna¬
ṫuiġeadar do'n leus, a's do'n ċoill
ġlas. Do luaṫġáir na bláṫa soillseaċa,
aṁrán na n-eun, & an ġrian 'soillseaḋ
in san spéir croíḋe an ḃuaċalla. Do
ṡeas sé aig feuċain ṫart 'nna ṫimċiol
le uaṫḃás, mar nár ḃ'féidir leis é
ṫuigsint.
Aċd do ṫreóruiġ amaċ a ṁáṫair é,
& air feaḋ ḋá uair do ṡeaċránadar
timċiol sul ḟeud siad bealaċ do n-a
m-boṫán d'ḟáġail. Fá ḋeire rangadar
go sónuiḋe i ngleann uaigneaċ, & ansin
do ṡeas a m-baile rómpa, agus aṫair
Hans 'na ṡuiḋeaḋ aig an dorus.
An uair d'aiṫin sé a ḃainċéile, agus
duḃraḋ leis go mb'é Hans a ṁac, do ġuil
sé le luaṫġáir, óir is fada do smuain
sé go raiḃ marḃ an ḃeirt. Giḋ gur
raib Hans aċd ḋá ḃliaḋain deug d'aois,
ḃí sé ní b'áirde ná a aṫair le ceann.
Do ċuadar go h-uile asteaċ 'san árus
beag, & ċo luaṫ a's léig Hans an sac
air an m-beinnse, ṫosaiḋ ballaiḋ an
tíġe do sgaoileaḋ. Ḃris síos an beinn-
se air d-tús, & fá ḋeire an t-urlár.
"Beannaċt orm, do ġáir an t-aṫair,
"tá 'n teaċ aig titim uim ar g-cluas¬
aiḃ — cad é tá tú ag deunaḋ a Hans?"
"Ná bac leis, aṫair," ars an t-ógláċ,
"na léig aon ġruaige liaṫa a fásaḋ ós
an trúblóid sin. Tá níos mó ann mo
ṡac ná do ḋíolfaḋ do ṫeaċ níos feárr
ná é so,"
Mar naċ raiḃ sé slán cóṁnuiḋe 'san
sean teaċ, do ṫosuiḋ Hans & a aṫair
teaċ nuaḋ a ṫógḃáil. Ċríoċnuiġ siad
an teaċ aig cuir nuaḋ trusgan maiṫ
ann, ċeannuiġ siad fearann níos mó, &
morán arnéise, aṫnuadar na fala, a's
ċuireadar gaċ níḋ i riaġal, & fá ḋeire
ḃí aca baile sóna. Leis an am so ṫáin¬
ic an t-earraċ, aċt d' ḟás Hans go
tuirseaċ de'n uaigneas, & buḋ ṁian
leis do ṡiuḃal le feuċain an doṁain, &
a ḟortúin a iarraiḋ. Ní ḟeud sé ḃeiṫ
coṁairliġṫe do ḟanaċd. Do ḃrónn sé
d'a aṫair an ṁaoin do rug sé ó uaiṁ
na ladrón,
"Óir," ar sé, "bata trom air siuḃal
is an t-iomlán tá tasduiġṫe uaim."
Do ṫaisdiol sé air aġaiḋ do d-táiniċ
sé do frit dorċa coillteaċ.
Do láṫair ċluin sé briseaḋ geuga,
& air feuċain suas ḋó, do ḋearc sé
giolla mór anḟásuiġṫe aig casaḋ téid
uim crann giuḃais, a's dá lúbaḋ
mar do m-beiḋeadh sé 'nna ṡlat sailiġ,
"Heló," ar Hans, "cad é a tá tú aig
deunaḋ ṡuas an sin?"
"Do ċruinniġ mé sprios ande agus
táim a' tarraing síos an crainn go h-
iomlán andiu."
"Is áil liom sud," do smuain Hans,
"tá go leór neirt aige," & do ġáir air
an ngiolla do ṫuirling ó 'n g-crann, &
do ṫeaċt leis. Ṫuirling an giolla, &
air seasaḋ ḋó air ṫaoiḃ de Hans, ḃí
sé níos áirde ná é le ceann, giḋ gur
fear mór Hans féin.
"Goirféar 'Castaċ-giuḃas' ort," ar
Hans, mar do ṡiuḃaladar amaċ araon.
'Néis aisdriġeaḋ seal do ċluin siad
builliḋe láidre gur do gac buille do
ċraiṫ an talaṁ, & mar do ṡiuḃaladar
air aġaiḋ, do ḋearc aṫaċ ag buaileaḋ
(Le ḃeiṫ leanta)
