Codail go suaiṁneaċ, a ṁic mo ċléiḃ,
Gíḋ go ḃ-fuil an smólaċ ameasg na g-craoḃ
Ag seinim a g-ceoil go sulṫṁar, séiṁ.
Codail go sáṁ.
Codail go suaiṁnuaċ, tá aingle Dé
Ag faire os cionn do ċliaḃáin ġlé,
Tá glóir a sgiaṫán mar ġlóir an lae.
Codail go sáṁ
FÁINNE AN LAE,
Leis an nGaḃar Donn.
Is duḃ an lá, gan gréin ar árd,
A's cluinim trá duairc-ċeol do ḃárd
Mar spioradaiḃ ameasg na g-crann ag caoi,
'Nuair táir-se ins an g-cré go lag ad' luiḋe.
Is duḃ an oíḋ', gan ġealaiġ ḃáin;
Éist! cluinim síġ is duairc a dáin,
Biḋeann eagla orm gaċ am a ċluinim í;
'Nuair táir-se ins an g-cré go tréiġ ad luíḋe.
Aċt tá an uair is dorċa, duiḃe
An uair roiṁ ġlóir is soġ na neiṁe
'S éireóċaiḋ tú ó 'n g-cré, a ġráḋ mo ċroíḋe,
Ní ḃeiḋ tú feasta, Éire ḋíl, ad' luiḋe.
NA PLÚRAIḂ DO ṪAIṪNIĠEAS LINN.
le A. Mulala-
Anns a ḃFrainc is sé an liliḋ
Atá mar riġ os cionn na b-plúraiḃ,
'S biḋeann Francaiḋ gul 's gáire
Le gráḋ air a duiliúraiḃ.
Tá an rós air ḃrolaiḃ na ḃ-fear
Anns an g-cruinniuġaḋ Sasanaċ,
Ionann is séalaḋ a g-cumann buan
d'a d-tír ḋúiṫċe 's d'a riġ,
'S a d-tíriḃ úir na cruinne
Tá fir maiṫe ag sean 's óg,
Air ainm an ċinneaḋ dílis
A ġráḋuiġeas an t-seamróg, —
Mian Albanaiġ an foġṫanán,
Do ṫáiṫfeaḋ dealg ann do ṡáil,
Aċ America 'sé 'n "Dollar bill"
An plúr is deise ṫig linn ḟáġail.
