376
AN GAOḊAL
Ca ḃ-fuil an prionnsa nó an duine
uasal a ḃí ċo h-uasal & ċo h-onóraċ
leis? Ca ḃ-fuiġṫí oifigeaċ airm a ḃí
ċo clisde & co seasṁaċ leis? Ca raḃ
an fear sin le fáġail a ḃí na scoláire
& 'na leaċt eoluis ċo mór leis? Ní
raḃ sé le fáġail air ṫalaṁ an doṁain
(bualaḋ bos) Dá g-cuartóċaiḋ soir &
siar, ṫáll & aḃus, anns gaċ tír & anns
gaċ réigiún faoi roṫaiḋe na gréine, a
ṁacsaṁuil ní raḃ le fáġail. Ní raḃ
sagart nó easpog le n-a linn, nó ó
ṡoin, léir mar is feasaċ liom 's léir
mar is leur liom, a ḃí ċo h-árdalaċ &
ċo h-aireaċ leis air na h-Éireannaiġiḃ.
Ḃí cion & meas aige air an duine boċt
ċo maiṫ leis an duine saiḋḃir. Agus
ní ḋeaċaiḋ aonduine ariaṁ ag iarraiḋ
cuimre nó coṁair air, dá ṁeud é a
leaṫtrom, naċ raḃ fuasgailt le fáġail
aige. Agus dá ṁeud an t-ualaċ do
ḃeiḋaḋ air an té raċfaḋ ag iarraiḋ
coṁairle air, ḃí croiḋe eudṫrom aige
'n uair a ḃeiḋeaḋ sé sgarṫaḋ leis.
Dá ḋonaċt dá ḃ-fuil na Sasanaiġe
anois & dá ṁeud an ġráin a's tá acu
air na h-Éireannaiġiḃ & an t-andúil &
an t-ainṁian atá acu Éire ḃoċt ċong¬
ḃáil síos faoi ċois & faoi ġaursmaċt,
a déanaḋ gaċ saoṫar is measa a's is
gráineaṁla ná a ċéile oirṫi, le n-a g¬
cuid braṫadóiriḋ & spíodóiriḋ a taḃ¬
airt fiaḋnuise ḃréige & leaḃra éiċe a
n-aġaiḋ na n-daoineaḋ, buḋ ṁeasa ná
sin iad tá ċúig ḃliaḋna 's dá ḟiċead ó
ṡoin. Anns an am sin buḋ deocair do
Éireannaċ a ḋul leis an dorus ċuca.
A d-tús na Saṁna tá ceiṫre bliaḋ¬
na 's dá ḟiċead ó ṡoin, seaḋ, a ċuir
Tiġearna Seáġan Ruiséal leitir ḟada
uaiḋe anns na páipéiriḃ i n-aġaiḋ úġ¬
daráis & cúṁaċta an Ṗápa. Buḋ é 'n
Naoṁṫa Pius do ḃí 'na ṗápa 'san am
sin, & 'sé 'n fearg a ġlac Ruiséal & na
Sasanaiġ leis, gur ċeap sé easpoig &
árdeaspoig i Sasanaiġ gan cead nó
toil na bainríoġna. Ċo luaḋ a's léiġ¬
eaḋ leitir an Ruiséalaiġ & tigeaḋ &
meáḋaḋ i g-ceart í, ḃí a g-ceann tóig¬
ṫe air na Sasanaiġiḃ, & ní raḃ coiṁeas
le a raḃ de ḟeirg orṫa, 's ní fearg a
ḃí orṫa aċt cuṫaċ. Ċruinniġ siad anns
na bailte móra, ċruinniġ sin, & rinne
siad cóṁairle le ċéile go g-caiṫfiḋe
bacaḋ ċur air an ḃ-Pápa a ceapaḋ na
n-easpog. Ní ḃeiḋeaḋ aon easpog nó
árdeaspog ann, má b' ḟíor ḋóiḃ é, aċt
iad féin & a g-creideaṁ féin.
Air feaḋ na bliaḋna sin & an ḃliaḋ¬
ain dár g-cionn ḃí na Sasanaiġe ruċt
an méid Éireannaċ ḃí i Sasanaiġ a ḋí¬
birt amaċ as air fad. Fa ḋeireaḋ
rinne na cumannóiriḋ cóṁairle eator¬
ra féin go dtiuḃraḋ siad dliġe nuaḋ
'maċ i d-teaċ na g-Cumann — 'Dliġe
eagluiseaṁail, a ṫug siad air — naċ
leigfeaḋ do aonduine, i n-Éirinn nó i
Sasanaiġ, easpog nó árdeaspog ċur le
n-a ainm, aċt aṁáin iad seo a ceap¬
faiḋe faoi úġdarás & le cead na bain-
ríoġna. Le sgeul geárr do ḋeunaḋ ḋe,
ní ḟeudfaḋ aonduine ḃeiṫ 'na easpog
nó 'na árdeaspog aċt a g-cineál féin.
Le cosg a ċur air an m-briseaḋ 'maċ
seo, & cóṁairle ġlacaḋ le ċéile i ruċt
go m-beidís air aon inntinn aṁáin an
uair a ṫiocfaḋ an dlíġe nuaḋ amaċ,
ċruinniġ uaisle na h-Éireann, sagairt
& easpuic, ann aon áit aṁáin i m-Baile
áṫ-cliaṫ.
De réir an dliġe seo, an ċeud uair
a ḃrisfeaḋ aonduine é, a cur easpoig
nó árdeaspoig le n-a ainm, cuirfiḋe
ċúig ceud punt foiġeanála air; & an
dara h-uair a beurfaiḋ air, deunfaiḋe
priosúnaċ air feaḋ a ṡaoġail de, &
cuirfiḋe i n-oileáinín uaigneaċ é 'sa
Doṁan Ṡoir.
Mar duḃairt mé ċeana, ḃí cruinnuġ¬
aḋ mór i m-Baile-áṫ-cliaṫ. Ḃí ann sin
sagairt & easpuic na h-Éireann. Agus
buḋ é árdeaspog Ḃail-áṫ-tliaṫ ḃí 'na
ṡuiḋeaḋ ós ag-cionn an lá sin, a's ḃí
Árdeaspog Ṫuama, niḋ naċ iongnaḋ,
'na measg; & má ḃí féin ní i n-ganḟios
do ḃí sé ann, narra is iomḋa súil a ḃí
air. Laḃair na cainteóiriḋ air fad &
ṫugadar a m-baraṁauil air an g-ceist
a ḃí i láṫair. Aċt an uair a ṡeas
árdeaspog Mac h-Aoil suas & i d'árd¬
uiġ sé a ġuṫ a caṫaḋ droċṁeas air an
dliġe nuaḋ & a deunaḋ beagán de, d'
éiriġ misneaċ & croiḋe na n-daoineaḋ,
's ċuir siad aon ġlaoḋ aṁáin asta do
