AN GAOḊAL
377
ċraiṫ an teaċ ó ṡail go taoḃán. Duḃ¬
airt Árdeaspog Mac h-Aoil leis na
Sasanaiġiḃ a n-diṫċioll & a n-dúḃlán a
ḋeunaḋ, aċt naċ d-tiuḃartaoi aon áird
air a n-dliġe.
Ḃí go maiṫ. Rinneaḋ an dliġe, &
an uair a ṫáinig sé 'mac ḃí na h-eas¬
poig air feiṫeaṁ go ḃ-feicfidís céurd
d ḋeunfaḋ Árdeaspog Mac h-Aoil.
Ní raḃ a ḃ-fad le fanaṁuint acu. Go
h-aiṫġeárr a n-ḋiaġ 'n dliġe a ṫeaċt
amaċ ḃí leitir i b-páipeur i m-Bail-áṫ-
cliaṫ & an coṁarṫa, mar buḋ ġnáṫaċ,
faoi n-a bun, — Seáġan Mac h-Aoil,
Árdeaspog Ṫuama."
Ó 'n lá sin amaċ ḃí cos buailte air
an dliġe. Ní ċiurfeaḋ arm na ban-
ríoġna air aġaiḋ é. Ní ḃeiḋeaḋ aon
ṁaiṫ dóiḃ Árdeaspog Mac h-Aoil do
ċur i b-príosún, narra da g-cuirfeaḋ
ní'l fear nó bean nó páisde i g-Conn¬
aċt naċ m-beiḋeaḋ istiġ go d-tiġ é, 's
ca ḃ-fuiġṫi príosún a ċongḃóġṫaḋ an
méid sin.
Tiocfaiḋ an t-am go fóill ann naċ
m-béiḋ caint nó tráċt air na Sasan¬
aiġiḃ atá anois a cur i n-aġaiḋ ṁuin¬
tir na h-Éireann, nó fios nó tuaraisg
cé 'n tír a m-b'as iad; aċt béiḋ ainm
Ṡeáġain Ṁic h-Aoil, an uair sin, mar
atá sé andiu, faoi ċliú & faoi ṁeas.
Agus béiḋ muintir na h-Éireann agus
muintir Ṁeiricá a molaḋ Ṡeáġain Ṁic
h-Aoil & a cur beannaċda le n-a anam¬
an uair a ḃeiḋeas muintir an do¬
ṁain air fad ag cáineaḋ náṁad na h-
Éireann & a taḃairt fuaṫ d'a n-ainm.
An uair naċ m-béiḋ ríġ nó banríoġan,
prionnsa nó tiġearna i Sasanaiḋ, &
an uair a ḃeiḋeas a ríoġaċt spíonnta,
sgapuiġṫe, briste, brúiġte, raobṫa &
leagṫa air lár; gan cloċ air ċloiċ ann
a g-cuid tiġṫe, nó a lorg le fáġail, aċ
foṫannáin & neanntóg ann a n-áit, &
gan tuairisg le fáġail air aonduine
d'a sloinne, beo nó márḃ, nó aonduine
le ráḋ go m-buḋ ṁór an sgeul iad do
ḃeiṫ imiġṫe, aċt béiḋ ainm Ṡeáġain
Ṁic h-Aoil, Árdeaspog Ṫuama, cong¬
ḃaiġṫe suas an uair sin & d'a ṁolaḋ i
nGaeḋilge, ’s ní mar tá sé anois aċt
seaċt n-uaire níos feárr (an ġreadaḋ
bos & síor ġárṫaḋ).
By request of Mr Godfrey Downey,
Lincoln Centre, Kan., we give the
Irish of the following list of names
which be submits, also, the pronuncia¬
tion, —
ankle, rúitín, rooiteen.
a saw, sáḃ (raḋaḋ), saw-uv.
bark of a tree, croiceann an ċrainn.
boots, ocraiḋe, ok-ree.
barrell, stanna, sthann-eh
coat, cosóg, kosoug.
cellar, soileur, sellair.
cup, corn, kurn.
dust, luaiṫrioḃán, lhoo-riwaun
fryingpan, gríosóir, gree iss-oir.
gimlet, buiḃiol, buibul.
hat, baireud, bawireudh.
handerchief, naipcín, nhaipkeen,
harness, luiḃre, lhuivreh.
hatchet, tuaġ, thoo-eh.
kettle, coire, kuireh.
necktie, carḃat, korwath.
nails, tairrngiḋe, thoringee.
plane, locar, lhucar.
pincers, greamaire, gramreh,
pot, cuireaḋ, kuir-eh.
rope, geoc (teud), geo-uk.
saucer, fiuraṫar, fewraher.
scissors, deiṁeas, dhivuss.
shawl, fallaing, fawlhing.
screws, biḋis, bee-ish.
slops, slodáin, shlud-awin.
spoon, liaċ, lhee-ugh.
spectacles, dearcaċáin, dharkachawin
stockings, asain, ass-in
table-fork, grapa-boird, grapa-buird
turnscrew, iompóġ-biḋise, umpobeishe.
waist, caol-cuime, kayul-kuime
weeds luiḃearnaċ, lhuivurnagh.
waistcoat, eudaċcuirp, aydhughcuirp
wrist, taḋal (ruiṫe), thighul, riheh
It is nearly impossible to convey
the pronunciation by means of the
English sounds of the letters.
Subscribers are invited to make en¬
quiries such as the foregoing.
The Philadelphia Philo-Celtic Society meets at
Philopatrian Hall, 211 S. 12th St., every Sunday
evening, where it imparts free instruction to all
who desire to cultivate a knowledge of the Celtic
tongue.
