AN GAOḊAL.
381
The following piece was composed by Capt. Norris,
and recited by him at the annual entertainment of the P
Celtic Society, N York, at Clarendon Hall on April 20
Breaṫnuġaḋ air Stáid Láiṫreaċ na h-Éireann.
Ḃíḋeas sealad go seunṁar, 's gan leunduḃ am' inntinn,
Ann áit 'na raiḃ tréin-ḟir cois Léinloiċ na míontoinn,
A d-tír ġlas na h-Éirionn, na spéirḃean 's na saoiṫe —
A d-taḃairfiḋ mo Ḋia ḋam aon raḋarc airṫi ċoiḋċe?
Annsúd do ḃíḋeaḋ imirt go cliste air an m-bán,
A's an liaṫróid d'a cloiṫe go fras le comán;
An píobaire ag seinm, 'san maċaire lán
De brinneallaiḃ gleoite a's d'óig-ḟearaiḃ aḋarṫa,
A greadaḋ na ḃ-fód n-glas le fórsa go meaḋraċ.
Annsúd do ḃí 'n ċráiḃeaċt, gan cráiteaċd ar ḋaoiniḃ,
Ag cleaċd na suḃáilcíḋe 's na n-grása dai-ríriḃ,
Ḃí raṫ air na bántaiḃ 's gaċ fás réir a ṡíl ann,
'San t-aer mar ba ġnáṫ leis, taḃairt sláinte gan díṫ ann;
Fuair an díl Eaglais ḃeannuiġṫe meas a's ómós,
A's na h-easbuig 's na sagairt ann úṁlaċt gan tóṁas;
Ḃí bráiṫre agus manaiġ a teagasg na n-óg;
Na mná riaġalta naoṁṫa ag tréigeann an t-saoiġil ann.
A d-teaċaiḃ leo féin, ag taḃairt léiġin do leanḃaiḃ ann.
'S ann t-Saṁraḋ buḋ ḃreáġ leat na páirceanna míne,
Faoi ċúmraċd na m-bláṫ n-geal, falláinte le mílse;
An drúċd ar na bántaiḃ, 's na fáis ġlasa a'd ṫímċioll,
Ḃeir feaḃas na h-anála do 'n árd a's do 'n ísiol.
Na h-éin ḃinne 'g cantainn go blasda air an g-craoiḃ,
'Na sluaḋtaiḃ air ċrannaiḃ, a's ní tasg liom a ṁaoiḋeaṁ,
Gur ṡaṁail le flaiṫeas an t-aiteas do ḃiḋeaḋ,
'Measg capall a's bó, ar an ḃ-fód uaiṫne feuraċ,
'S na h-uain ḃeaga óga a spórt 'measg na g-caoraċ.
Ní gáḋ dam a ráḋ liḃ, a ċáirde mo ċroíḋe-se —
A maoin a's a m-breáġṫaċt ní'l sáiṁe gan saoirse, —
'Gus m' aṫuirsne cráiḋte, is náireaċ le maoiḋeaṁ é,
Gur gamairleaċ tláṫ-lag tá stáidiḃ ar n-daoineaḋ;
Is ró ḟurus a mealla 's is deacair a g-cráḋ',
A's ní ṫigeann aon ċealg 'na measg le míoḋáġ:
A Ṁic Naoṁṫa na b-flaiṫios, fuair panaid 'san ṗáis —
Taḃair fuasgailt gan taise 'r ar n-aicme iomruagṫa,
'S cuir tóir air na Gallaiḃ as críċ ġlas na Fóḋla.
Mo ċreaċ fada cráiḋte 's mo ċás doilḃ deoraċ,
Ná maireann an sáirḟear ḃí dána onóireaċ,
Do ṫóig na boċdáin, ḃí gan áird, as an luaiṫre,
'S do ċuir iad go h-árd suas a n-dáil na coróine :
A Ṗarnell, dá m-beiḋṫeá 'n do ḃeaṫa anois slán.
Ní ḃéiḋeaḋ (Gladstone) an magaire sóġaċ 'na ċaisleán,
Do ḃeiḋeaḋ Éire ḃoċd cosanta 's tusa gan ċáiṁ,
Nó 'g fulang faoi ċórdaiḃ, do'd stór grinn go foiġideaċ,
Aṁuil Emett, an leoṁan groíḋe 'san Garalṫaċ greaḋnaċ
