(9)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 9
IUIL
1894.
CLÓIṪRÍN.
Ó Ḟear ar Ceanntar Ṫuama
Is sean-ḟocal é gur bean muc ⁊ múille
na trí neiṫe naċ féidir a múnaḋ. Iarr
air ṁuic do ḋul soir, ⁊ tig leat do
ḃeiṫ cinnte gur siar do ḃeurfaḋ sí a
h-aġaiḋ Ná taḃair iarraċt smaċt do
ċur air ṁnaoi nó air ṁúille :Ní ḟuig-
fiḋ ceann aca liobar leaṫair ort ⁊
raċaiḋ an ceann eile ag gaḃáil d'a
ṫóin in áirde. Aċt dá ḋona iad, atá
bárr ag tais, taiḃse ⁊ púca orra.
Ḃí fear, tamall maiṫ o ṡoin, 'na
ċoṁnuiḋe i b-práisde Dúin Ṁóir, ⁊
ṫárla go raiḃ sé dul air aonaċ éigin
de ṡiúḃal oiḋċe, ⁊ suḃán muice aige le
díol. Do ḃí sé dul air aġaiḋ go saiṁ,
socair, suaiṁneaċ, an uair do casaḋ
fear de 'n ḃaile leis d'ḟiafruiġ ḋe an
raiḃ sé ag dul air an aonaċ.
"Éisd" ! a deir fear na muice, "nó
cloisfiḋ an ṁuc ṫú, nó fillfiḋ sí air a
h-ais."
Ní ḋeárnaḋ an fear eile aċt gáire,
⁊ ḃog fear na muice leis.
Ní ḋeaċaiḋ sé i ḃ-fad nó n-geárr
gur ṡaoil an ṁuc iontóḋ siar, ⁊ a
ṡeaċt ḋiṫċioll ní ċuirfeaḋ air a h-aġaiḋ
í arís. Do ṫoisiġ an fear ag gaḃáil
uirri gur ċlis a neart, aċt ní raiḃ aon
ṁaiṫ ḋó ann.
"Maiseaḋ," adeir sé, "gan mo ċúig
ṁíle ġeur-de ṫobuisde na bliaḋna ort,
mar mór do ṫasduiġ, uait 'ráḋ gur
un an (ċum) aonaiġ ḃí mé ag dul."
Do ḃí sé 'na ṡeasaṁ air an m-bóṫar
ag geuruiġeaċt & ag ascaointam i g-
caoi nár ċualais dall nó bacaċ ariaṁ
go raibh lán pota curṫa as a ċroiḋe
aige, ⁊ h-uile ṁionna-mór ċoṁ millteaċ
a's go lasfaḋ sé coinnioll.
Tar éis a neart do ḃeiṫ taḃarṫa ag
rúsgaḋ ⁊ ag losgaḋ mionna-mór d'
ḟeuċ sé ṫart, ⁊ do ċonnairc sé toirt
