an ḟir ṁóir ḋuiḃ air ċolaḋ an ḃóṫair
in aice na muice Annsin, do ṫuig sé
gur ab é seo do ḃí ag deunaṁ baillséi¬
re (ballsgéig) de, aċt ḃí an oiread
feirge air nár ḃ' ḟéidir leis stadaḋ
gan cogaḋ cainte do ċur air an ḃfear
duḃ.
"In ainm Dé," ar sé, "Cia ṫú, nó
ceud do ċas annso ṫú" ? D'ḟreagair
an tais,
"Ní duine saoġalta mise, aċt crea¬
túr atá ag cur na h-aimsire ṫart go
d-tí lá an ḃreiṫeaṁnais. Atá sé d'
ḟiaċaiḃ orm do ḋul in áit ar biṫ a g-
cuirfear mé."
D' orduiġ an fear ḋó a ḋul faoi ḋroiċ¬
ṫidín an áṫa ḟada go raċfaḋ an ċeud
pearsa-eagluise ṫart. Cia ḃuailfeaḋ
an bóṫar le fáinne (nó fáinniuġaḋ) 'n
lae air maidin aċt minsteuraiḋ (min¬
istéir, & air do ḃeiṫ go díreaċ ag an
sruṫán ḋó, do ṡeas a ċopall. Do ḃí
an tais 'na ṡeasaṁ air ṡlait an droiċ¬
ṫidín in eideaḋ duine saoġalta. Do
ḃeannuiġ an ministeuraiḋ go tláiṫ,
(tlaiṫ) plásaċ, ḋó, & d' ḟiafruiġ ḋe
ceurd do ċas amaċ ċoṁ moċ soin é
maidin ġeiṁriġ. Do ṁíniġ an tais a
sgeul cruaiḋ, cráiḋte ó ḃun go bárr
dó, ag ráḋ leis freisin gur cuireaḋ é
ag iarruiḋ áit-ċoṁnuiḋe faoi 'na ċoim¬
irc & ċuṁaċt. Ḃí Gort na g-Caḋan,
eaḋon, áit atá in aice an t-sruṫáin,
bán san am soin, & do ṫuit amaċ * go
raiḃ sé mar ḟeilm ag an ministeir.
Do smuaintiġ sé an tais do ċur i d¬
teaċ an ṁaoir ag cúṁdaċ na feilme
leis.
I réir mar ḃí muintir an tiġe ag éir¬
iġe teann air Ċloiṫrín (i. an tais), &
eisean orra-san, do ḃí sé ag taḃairt
tuairisge dóiḃ faoi go leor de na nei¬
ṫiḃ seo air a raḃadar neiṁeolgaċ Dá
m-beiḋeaḋ aonduine tinn san g-coṁur¬
sanaċt, d'inneosaḋ Cloiṫrín an raiḃ
sé le n'imṫeaċt. Is iomaḋ caoi ḃí aige
cum so do ḋeunaḋ. Do ṡaoilfeá go
m-beiḋeaḋ sé ag cur cónra (cóṁra) le
ċéile, nó ag deunaḋ uaiġe ag an dor¬
us-iadta. Ó ḃeiṫ mar súd dó, do ṫois¬
iġ sé ag deunaṁ leaṫ-ṁailise, .i ag ca-
aḋ cor-ḋairteog lé muintir an giġe, &
ag dul ó áit go h-áit air fud na g-có¬
ṁursan i súil le greann d'ḟaġḃáil as¬
ta; aċd, dá n-éireoċaḋ leis an g-coil¬
eaċ do ḃeiṫ ar an g-cliaṫ sul má d¬
tiocfaḋ Cloiṫrín i ḃaile, do ḃeiḋeaḋ
teaċ an ṁaoir gan aon ċolóid an oiḋ¬
ċe sin.
Tráṫnóna d'a raiḃ Cloiṫrín istiġ go
h-an luaṫ, ṫárla go d-tánaig ḋá ċeann¬
uiḋe-mála ag iarraiḋ lóisdín. Aduḃ¬
airt an maor go d-tiuraḋ sé sin dóiḃ
& fáilte, aċt go m-b' ḟéidir nár ṁaiṫ
leo cur suas i d-teaċ a raiḃ tais ann.
"Cia 'n doċar," ar fear acu. "is
feárr do ḃeiṫ in áit ar biṫ ioná 'n ar
g-codlaḋ ċois ċlaiḋ go maidin."
Ḃí go maiṫ & ní raiḃ go h-olc, do
leagadar ṫart a m-bugáisde, & ṫoisiġ
siad orra ag caint & ag cóṁráḋ le
fear an tiġe go d-ti am ċodalta. Do
ṡocruiġ siad leabóg san g-clúid & is¬
teaċ leo innti. Ḃí péire nuaḋ bróg ag
duine acu & aduḃairt sé leis féin go
m-b' ḟeárr dó iad do ċur faoi n-a
ċeann Níor ḃeag soin le múisiom
[musán] do ċur air Ċloiṫrín. Rug sé
air na brógaiḃ & ċaiṫ sé air ċúl na
teineaḋ iad.
An uair do ċonnarcadar na ceann¬
uiḋṫe an beart so, do ċuir gaċ fear
a ċeann faoi 'n b-pluid, aċt níor ḃ'
ḟada dóiḃ aṁlaiġ gur rugaḋ greim
cluaise orra, & do cuireaḋ a g-cinn
san áit ċeart arís. Seo amaċ an
ḃeirt, gan ceist air ċolainn aca, go d¬
tangadar ċoṁ fada le teaċ eile do ḃí
leiṫ-ṁíle ar an áit. D'inniseadar a
sgeul annso & do cuireaḋ ċóir ċodal¬
ta orra, aċt ní túisge do ḃíḋeadar
socruiġṫe ná ṫoisiġ Cloiṫrín ag bual¬
aḋ os a g-cionn le súiste i raċt go m¬
b' éigin dóiḃ éiriġ arís & filleaḋ air a
n-ais. Ann sin ṫug sé foras dóiḃ gur
ġluaiseadar air maidin.
Aon lá féil Sdeaṗáin aṁáin ḃí fear
ag dul go Dún Ṁór le braon d'ól. Do
ċuir sé féin & Cloiṫrín caint air a
ċéile, aċt sé an rud do b' easḃaiḋ ó'n
ḃ-fear píosa magaiḋ do ḋeunaṁ de
Ċloiṫrín ag ráḋ leis go d-troidfeaḋ
cogar.
