AN GAOḊAL.
385
sé é ag teaċt i ṁ-baile an uair do
ḃeiḋeaḋ a ṡáiṫ ólta aige. Air an má¬
raċ do ḃí coṁursa ḋó ag dul go Tuaim
é féin & a inġean, & do ḃíḋeaḋar le n-a
ċéile i g-cairt.
"Feuċ ṫáll," ar an inġean, ag cur
ainm air an ḃ-fear a raiḃ Cloiṫrín i g-
coṁráḋ leis.
"Ná bac leis," ar a h-aṫair, "is air
misge atá sé."
"An é sin é, a ċara?" aduḃairt guṫ
éigin.
Ċuaiḋ fear na cartaċ go dtí an
fear eile aċt ḃí sé 'na ṡeasaṁ le claḋ
mín marḃ gan sgeáṁ ann.
Do leig Cloiṫrín amaċ air féin gur
ab é do riġne an ċoir.
"Cad ċuige ar ṁarḃ tú é, naċ raiḃ
do ṡáiṫ roṁat ċeana?" ar buaċaill
an ṁaoir leis.
"Cad ċuige nár leig sé ḋam féin?"
ar Cloiṫrín; "Ní raiḃ mise ag deunaṁ
aon ċeo air an uair do ċuir sé bleid-
ċoṁráḋ orm, aċt ṫugas a ṡáiṫ de ḃun
& de ḃárr a ṁaide féin ḋó.
Ó lá go ló do ḃí Cloiṫrín ag taiṫiġ i
nGort-na-gCaḋán, & muintir na m-bail¬
te cóṁġaraċ ag taḃairt áirde air an
seanráḋ, " Craiṫ láṁ leis an droċ
ḋuine & leig an deáġ ḋuine ṫart."
Smuaintiġ bean an ṁaoir, air deir¬
eaḋ ṡiar, go m-ba náireaċ an sgeul dí
leiṫid Ċloiṫrín do ḃeiṫ air fud a tiġe
gan cóir ḋíbirte do ċur air. D'innis
sí do ḃraṫair an ċaoi a raiḃ a teaċ
'na ṗleuráca. D'ḟóġluim sí focla éig¬
in ó 'n m-bráṫair d' ḟiaḋaċ Cloiṫrín.
D'imṫiġ sé tar éis ṫré séin niṁe ġeura
ġránda do raċfaḋ ṫré ċlár daraċ.
"Ní feirde ṫú é, a ċailliġ," ar sé,
óir is beag do ḃí mé ag cur as duit, &
gan ḃuiḋeaċas beiḋead annso fós. A
táim réiḋ anois. "Slán & beannaċt le
d'ḟear, aċt mo ṁallaċt duit féin & go
ḃeul do ṁúinte ( .i. an bráṫair )
Ṫanaig tréleaġaḋ air ċuid & maoin-
ṡaoġalta na cailliġe i g-caoi naċ raiḃ
lá de ṡlaċt nó seun uirri go n-deaċaiḋ
sí i g-cré, aċt nior ḟill Cloiṫrín nó a
ṫuairisg ó an lá úd go dtí an lá atá
i láṫair.
LESSONS IN GAELIC.
(BOURKE'S)
THE GAELIC ALPHABET.
Irish.
Roman.
Sound.
Irish.
Roman.
Sound.
a
a
aw
m
m
emm
b
b
bay
n
n
enn
c
c
kay
o
o
oh
d
d
dhay
p
p
pay
e
e
ay
r
r
arr
f
f
eff
s
s
ess
g
g
gay
t
t
thay
i
i
ee
u
u
oo
l
l
ell
XXIX LESSON. —
Translation of last Exercise —
1 Cia tá an sin? 2. Mise. 3 Cia
ṫusa? 4. Séamus Ua Briain. 5. Tarr
asteaċ a Séamuis, sé do ḃeaṫa; suiḋ
síos & deun do ċoṁráḋ. 6. Is maiṫ
liom go ḃ-feicim ṫú a sláinte Is fada
an lá ó ḃi tusa & mise, roiṁ an lá n-
iuḋ, a g-cu deaċt; & go deiṁin leat tá
bróid (gladness) orm anois go ḃ-fuil¬
mid-ne ann so le ċéile — tusa aig a ḃ-
fuil mór-ċéim agus cáil air feaḋ na
cruinne; & mise, a tá ann so, ann iaċ¬
tar na tíre, ganfios gan luaḋraḋ. 6
Oċ, agraim ort, ná tosuiġ ċo luaṫ sin
do mo ṁolaḋ ; nó, sé is cóir dam a
ráḋ, a magaḋ fúm. 7. Go deiṁin ní'l
( for ní ḃ-fuil ) mise magaḋ fút; aċt
tá mé a ráḋ na fírinne; tá fios agam
go ḃ-fuil tú an-uṁal & ní laḃaróċṫad
( I shall not speak ) focal ann do ṁol¬
ta ( in your praise). Mar duḃairt mé
( as I have said ), is fada ó ḃí muidne
le ċéile aig dul (going) ann scoile an
uair ḃímar-ne i dteaċ d' aṫarṁóir ;
beannaċt Dé le n-a anam. Nár ṡiúḃal
tusa go leor de 'n doṁan ó ṡoin? 8
Ṡiúḃalas ; tá agam mórán le ráḋ air
gaċ niḋ do ċualas (I heard), & gaċ niḋ
do ċonnarcas (I saw), dá m-beiḋeaḋ
faill (opportunity) agam seal a ċaṫaḋ
( to spend ) leat. Aċt beiḋ faill agam
am eigin eile. 9. An cuiṁin leat nuair
a ḃí mise & tusa lá eigin aig siúḃal a¬
maċ ó ḃaile Ċorcaiġ, & duḃrais go m-
buḋ ṁaiṫ leat snáṁ; a's 'nuair ḃí sinn-
