386
Aḃ GAOḊAL
ne 's an uisge, ṫainic (came) tonn ṁór
a ṫug (brought) air filleaḋ leis ṫú; &
d'imiġis (you went) le fána leis an t-
sruṫ no gur ṫuirling tú air ċarraig;
ann sin do ṡnáṁas-sa do ḋiaiġ & ṫug
a steaċ do 'n tráiġ ṫusa leaṫ-ḃeo mar
ḃíḋis? 10. Is fíor gur cuiṁin liom-sa
go maiṫ an lá ud, & beiḋ cuiṁne agam
air go deo; is air an áḋḃar sin, tá a¬
gam-sa a g-coṁnuiḋe, gean agus cionn
mór ort-sa buiḋeaċ fa an meud rinne
tú ḋam. 11. Naċ raiḃ buaċalla óga
eile linn-ne an lá sin? 12. Ḃí go cin¬
te (certainly) ; aċt níor ṁian le ceaċ¬
tar díoḃ ḋul ann aġaiḋ na d-tonn
faoċṁar (angry billows). 13. Buḋ
ṁaiṫ do rinneadar sin é Ó ṫárla
[whereas) gur ṫosuiġ tú aig caint orr¬
ṫu, cia ṡiad na fir óga a ḃí ann aon¬
ḟeaċt linn an lá sin? 14. Ḃí Aind¬
rias Mac Padraic, Seorsa Mac Uill¬
iam, & Tomás Mac Doṁnaill, triúr ag
a raiḃ fios le snáṁ go h-an-ṁaiṫ. 15.
Ḃ-fuilid uile beo go fóill? 16. Ní ḃ-
fuilid; fuair beirt [couple] díoḃ bás;
aċt tá Tomás Ua Doṁnaill beo fós;
& tá, ní ṡé aṁáin 'nna ḟear ṁaiṫ, aċt
óide árd-ṁúinte [highly learned] 'gus
saoi árdċéimeaċ. 17 Is maiṫ liom
sin; an ḃ-fuil sé a ḃ-fad ó ċualaiḋ
[heard] tú uaiḋ? 18. Oċ, tá; níor
ċualas uaiḋ le cúig bliaġna. 19. Cia'n
ċosaṁlaċt [like, appearance] duine ḃí
ann, ionnas go ḃ-feicim an cuiṁin liom
é. 20. Ḃí sé 'nna ḟear árd, timċioll
sé troiġṫe; dearg ann a aġaiḋ ; lonn¬
raċ ann a ṡúil, sgiaṁaċ, fad-leiceanaċ
a ṁalaiḋ cruinn, & a ġruag air ḋaiṫ 'n
óir, a ḋreaċ seiṁ [mild], tlaċtṁar
[handsome]. 21. Tá fios maiṫ agam
anois air; is an-ṁaiṫ an ċuiṁne tá a¬
gad-sa 22. Naċ raiḃ deirḃḟiur aige
d'ar b' ainm Siḃéal — an ṡé sin a h-
ainm? 23. Is Siḃéal ḃí mar ainm air-
ṫi. 24. Ḃ-fuil tú tuirseaċ [tired] d'eis
d' aisdire [journey]? 25. Ní'lim. 26
Tig linn ne [we can; literally, it comes
with us] mar sin, siúḃal ṫríd an garr¬
ḋa; tá an tráṫnóna [evening] ċo
breáġ sin. 27. Is maiṫ liom-sa é, má
's maiṫ leat-sa. 28. Cinte is maiṫ
liom-sa é. Cia leis an garrḋa so? 29.
liom-sa. 30. Feicim gur mór an saor.
talṁan [agriculturist] ṫú. 31. Ní ḃíḋ¬
im leis go minic, aċt ó am go h-am.
32. Tarr a steaċ & feuċ air na bláṫ¬
aiḃ. 33. Raċfad a's fáilte.
GAIMBÍN ÓIR.
le A. Mulala.
Ṫoisiġ Sasanaiġ cruinniuġaḋ saiḃris
Ag marḃuġaḋ braiṫre 'gus mánaiġ,
'S ó ṡoin tá sí caṫaḋ imris
Le gaimbín óir is bannaiḋ.
"Meilleann muilte na n-Deáḋ foilleaċ
Gíḋ go meilleann siad deas, mín."
Ó! is iomḋa cosgain acu le meilt
Dá meillidís gaimbín.
Ní h-iongnaḋ sgáile 'n ṁíoḟortúin
Ḃeiṫ scanrúġ' ar d-tír breáġ úr,
Óir ní'l neart againn píġinn a ḋeunaḋ
Gan cead ó ċeaṫraṁnaiḃ an óir.
Tá misneaċ euluiġṫe ó luċt gnóṫaiḋe,
'S tír-ġráḋ fir-oibre fás fuar;
Tá 'n stoirm a coṫuġaḋ go cinnte
Ċuirfeas deire le gaimbín óir.
Tá Dia i ḃ-feirg leis na náisiúin
Annsa leaṫ ṡiar de 'n ċruinne,
'Náit i ḃ-fuil na cnuic 'sna gleannta
Tasga 'n meud ṫeastuiġeas ó ḋuine.
Aċ tá siad a g-coṁnuiḋe díol bonnaḋ,
'G iarraiḋ 'n cisde ċonġḃáil lán
Le h-aġaiḋ luċd gaimbín ṁallaiġṫe
Ċuireas fir-oibre leis an ḃ-fán.
Buḋ naoṁṫa, críonna 'n fear Maoise
An t-am a ṫreoir sé pobul Eaḃra
Ṫríd an ḃ-fásaiġ triall do 'n talaṁ
Do ḃí líonta le míl 'gus bainne.
'S tá sé sgríoḃṫa san t-sean Ḃíobla
Gur ḋóirt ordúġaḋ fuil go leor,
A sgoṫ a g-cinn de Eaḃrainn
Ḃí taḃairt aḋraḋ do 'n Ġaḃainn Óir.
Aċ ḃí Maoise a g-coṁnuiḋe áḋaṁuil,
'S ní raḃ na páipéir air a ṫóir,
D'a ṁaslúġaḋ 'gus d'a ḋíblúġaḋ
Faoi ḃeiṫ anaġaiḋ an Ġaḃain Óir.
O'Faherty's Siamsa an Ġeiṁriḋ, re¬
viewed In the Gaoḋal recently, is for
sale by Mr P. O'Brien, 46 Cuffe St.
Dublin. The price in cloth is 2s: in
wrapper, 1s 6d.
