388
AN GAOḊAL
A ḃaile leo — naċ mór an ċreaċ
Tá 'ca faoi speurṫaiḃ geala!
Nuair ċluinim-se a n-dordán suairc,
Ó ḃláṫ go bláṫ ag gluasaċt
Cuirim an ġruaim óm' ċroiḋe dúr, duairc,
Saṁ-ṡult mo ċroiḋe do ḋúsaċt.
Tá cuiṁne agam ar an nglóir
Ḃí fad ó ṡoin 's an tír seo,
Nuair ḃí sí saor, sólásaċ, mór
Tre neart a's briġ a saoirse.
Roiṁ ṫáinic dí an Loċlannaċ
Le neart an tír do ṁilleaḋ;
Roiṁ ṫáinic dí an Sacsanaċ
Le ceilg a's meaḃal deiċ míle.
Ó 'n lá sin gus an lá a n-diú
Tá Éire díl ag caoineaḋ
An ċlaoċlóiḋ ṫáinic ar a cruṫ,
A's cailleaṁna a daoineaḋ,
Óir táid ag triall, ag triall, ag triall,
Ṫar ṫonntaiḃ mór' na mara,
A ḃ-fad, ḃ-fad ó n-a g-cáirdiḃ gaoil,
A ḃ-fad, ḃ-fad ó gaċ cara.
'Náit ḃí na daoine líonṁar, tiúġ,
'Náit ḃí siad sásta, seunṁar,
Tá fásaċ faon le faġáil a n-diú,
Ní 'l ann aċt daoine leunṁar.
'Náit ḃí na páistiḋe óga, trá,
Ag riṫ, ag snáṁ, ag caṫuġaḋ,
Ní 'l fuaim ar bíṫ le clos gaċ lá
Aċt toit mór balḃ gan beaṫa.
Aċt seinnim ceol ar feaḋ an lae,
Ceol binn a ṁúin an t-saoirse
Ḋam nuair ḃí agam óige ḃaoṫ,
A's sólás mór 's an tír seo.
Óir tiocfaiḋ saoirse féin arís
D' ar d-tir ó láiṁ ar nDé-ne;
Seinnim go dóṫċusaċ anois
Faoi ṫaiṫneaṁ mór na gréine.
A's cuirim-se ar g-cúl mo ḃrón,
A's cuirim díom mo ḋólás,
Gíḋ tá am' ṫimċioll gaċ a leon
Mo ċroiḋe, 'sa ṁill mo ṡólás.
'Nuair smaoinim ar an am atá
Ag teaċt, lá breáġ ár d-tíre,
'N a m-béiḋ sí glórṁar, glégeal, breáġ,
Faoi smigeaḋ saoirse fíre.
