(10)
16Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
SEAĊT-ṀÍ
1894.
A Ċáirde Gaoḋail: — Tá beagán
focal le ráḋ againn liḃ in seo — facla,
tá súil againn, a ċuirfeas siḃ i mea-
ṁair, óir béiḋid ráiḋte in ómós saoṫ-
ar ar d-teangan, niḋ ar a ḃ-fuileamar
go h-uile práiḋinneaċ
An uair a ṫionsgnaiġ sinn an Gaoḋ-
al trí bliaḋna deug ó ṡoin ní raḃ mó-
rán Éireannaċ 'nan teanga a d-tíre
léiġeaḋ. Buḋ ṁór an targaṁ do ċuir-
eamar róṁainn, aċ le díocus ⁊ muin-
ín, ḃíḋmar ábulta ḋó; ⁊ ní ṡé aṁáin
gur ċongḃamar an Gaoḋal os cóṁair
na ndaoineaḋ ⁊, leis, brataċ na tean-
gan in áirde, aċ ṫríd ar saoṫair tá,
is dóiġ linn, os cionn fiċe míle Éirean
naċ, mná, fir ⁊ malraiġ a tá 'nan an
teanga a léiġeaḋ ⁊ a scríoḃ indiu !
Íocann an stáid ṁórḋálaċ seo sinn
go fial fairsing air son ar saoṫair
san g-cúis san am atá ṫart. Ní'l ar
ngóṫuiḋe críoċnuiġṫe fós. Caiṫfimid
rud éigin a ḋeunaḋ ċum coṫuġaḋ Gao-
ḋailge ullṁuġaḋ le ḃeiṫ faoi riar i g-
coinne na mílte de 'n aos óg atá 'nois
a fóġluim na teangan in Éirinn, le na
g-congḃáil i g-cleaċtaḋ uirre, ⁊ le ḃéiṫ
acu mar ḃun-úġdair le n-a leasuġaḋ.
Ní'l móḋ ar biṫ ċo h-éifeaċtaċ le é sin
do ḋeunaḋ ná 'n Gaoḋal, do scapaḋ
go fóirleaṫan ameasg na n-daoineaḋ.
In am ġoirid, air a laiġeaḋ, béiḋ
muidne a sgaraḋ leis — sin é 'n t-aon
niḋ aṁáin ar a ḃ-fuileamar cinnte
san t-saoġal seo. Is furas an crann
atá 'na ṡeasaṁ a ċongḃál suas — cong-
ḃaiġ suas an Gaoḋal do 'n aos óg atá
ag ullṁuġaḋ faoi n-a léiṫid. Cruṫ-
uiġeann an Gaoḋal so ann do láiṁ gur
fiú é ċongḃáil suas óir ṡeas sé go dúṫ-
raċdaċ, iona aonar ann, agus líon sé
an ḃeárna ṁór ḟairsing noċ do ḃí fos-
gailte mar ṡiocair ṁíoáḋ ag féin-riaġ-
laḋ na h-Éireann.
