"is naoṁṫa 'n cúram é, cúram teangaḋ na tíre."
Fuaras an dán a leanas ó 'n g-Craoiḃín Aoiḃinn. 'Sé
Mártan P. Mac-an-Ḃáird, San Francisco, do ċuir ċuige é.
“The care of the National Language is a Sacred trust." —SCHLEGEL.
"No Language, no Nation,” — Dutch saying.
AN SÚISÍN BÁN.
Fonn — Síos go Sligeaċ
Buḋ ṡíos a Sligeaċ do ċuir mé eolas ar na mnáiḃ,
'Gus ṡuas i nGailliḃ d' ól mé leo mo ṡáiṫ,
Dar ḃriġ mo ḃaisdiġ mar leigfear dam-sa seal mar táim
Deunfad cleas a ċuirfeas buaiḋreaḋ ar a lán'
Riġne mé cleas i d-tiġ uí Ḋóṁnaill a réir,
'Gus an dara cleas i d-tiġ uí Raġailliġ le n-a ṫaoḃ,
An tríoṁaḋ cleas ní maiṫ ḋam adṁuġaḋ inn mo sgeul,
Aċt ní mealltar bean go g-caiṫtear boḋlaċt léi.
Buḋ ait liom bean d'ḟanfaḋ bliaḋain le n-a gráḋ,
Buḋ ait liom bean d'ḟanfaḋ bliaḋain eile mar tá,
Níor b'ait liom bean ḃeoċ leat-sa 's liom-sa rís ar ball,
Aċt mo ġráḋ an ḃean d'ḟanfaḋ ar aon stáid aṁáin.
A Ṁáire a ṫaisge 's tú 'n ḃean 's ansa liom 'sa t-saoġal,
'S gur ṫug tú 'n sgéiṁ ó ṁnáiḃ do ċineaḋ uile go léir,
'S gur fág tú mise ag sileaḋ na súl go dúḃaċ ad' ḋiaiġ,
'S gurab í 'n uaiġ mo leabaḋ anois ó d'ḟág tú mé.
Tá mo ċeann duḃ liaṫ, 's á Ḋia cia 'n náire dam é,
Ní ḃeaṫuiġeann na briaṫra gan biaḋ na bráiṫre féin,
Táim ad' ḋiaiġ le bliaḋain, go fóil ní'l d'ḟáġail agam féin,
'Gus gur cosaṁuil le h-iasg a n-diaiġ na h-árṫaiġ mé.
Dá m-beiḋeaḋ spré ag a g-cat is maiṫ a pósaiḋe é,
Aċt faraor ní'l nó ag an té buḋ ċóra é,
Tá inġean na cailliḋe gubaiġe duḃbuiġe póstaḋ ó réir,
'Gus mo ċailín deas gan fios cé d'iarrfaḋ í.
"Cad é 'n caṫ mara * ċas 'san áit i d-taoḃ leo mé,
'Gus liaċdaiḋe cailín deas i d' ḟág mé ann mo ḋiaiġ?
Nuair ṫainic mé 'steaċ 'sa teaċ i raḃ gráḋ geal mo ċléiḃ
Ċuir an ċailleaċ amaċ le casaḋ an t-súgáin mé.
Má ḃiḋeann tú liom, bí liom de ló 'gus d' oiḋċ',
Má ḃíḋeann tú liom, bi liom a g-cóṁnuiḋe 'gus a ċoiḋċ',
Má ḃíonn tú liom, a's gur liom gaċ orlaċ ann do ċroiḋe;
Aċt mo leun 'smo lom ní liom Dia Doṁnaiġ gráḋ mo ċroiḋe.
Ṫreaḃfainn, d'ḟuirseoċainn, 'gus ċuirfinn síol 'san g-cré,
'Gus ṡeolfainn ba ar an smealtraḋ is milse feur,
Ċuirfinn crúḋ faoi an eaċ is deise ṡiúḃal talaṁ i riaṁ,
'Gus d'eolóċ' bean le fear naċ n-deunfaḋ 'n méid sin féin,
Máirtín P. Mac-an-Ḃáird.
Caṫair Naoiṁ Ṗroinsiais, Deire 'n Ḟóġṁair, 1893.
A stranded cat, an expression still used in West Connaught for straying.
"Ṡíos i Sligeaċ
ċuisle
b-furas domsa aiṫne ar
