400.
AN GAOḊAL.
TEANGA EISÉIRIĠE na hÉIREANN.
Leis an nGaḃar Donn.
"Is cóir dom féin mo ṫír do ġráḋuġaḋ
"Os cionn gaċ uile ṫíre faoi neaṁ."
Oċ! feuċ ar ṡean-Éirinn — faraor! tá sí cráiḋte,
Gan neart in a láṁaiḃ, gan dóṫċus 'n a croíḋe.
Gan cara, gan arm, ó n-a ceart tá sí sáiṫte —
Tá a cláirseaċ go taoi ins an g-creafóg ag luiḋe.
Tá dorċadus duḃ 'nois 'n a spéir a's tá dólás
Ag líonaḋ gaċ croíḋe le h-eudóṫċus a's brón ;
Ní'l splanc soluis ann 'nois a ṫiúḃraḋ dí sólás,
Is brónaċ a's tuirseaċ a fad-ullagón.
Tá tonnta a mara ag géimniuġaḋ go brónaċ;
Tá gaoiṫe a coillte ag osnaiġeal a ċoíḋ';
Tá sruṫáin a sléiḃteaḋ ag dranntuġaḋ go gruamaċ;
Tá croíḋṫe a daoineaḋ ag briseaḋ astiġ.
Tá neulta mar ḃrat-ḃróin ag foluġaḋ a speurṫaḋ,
Duḃ, gráin, agus tiuġ ar an d-talaṁ a luiḋe,
Faoi ḃrón mór a's doilġeas tá 'r d-tír ḋílis, Éire,
Ag síor-ġul a cúise 's ag briseaḋ a croíḋe.
Ní'l caint in a beul aċt caint ċam a sgriostóiriḋ
Óir ċaill sí an Ġaeḋeilg go leisgeaṁail fad ó ;
'S nuair iarrann si coḃair air a sean-ċoḃarṫóiriḃ
Is magaḋ a ḋeunann siad fúiṫi gan gó.
Má iarrann tú 'n t-áḋḃar — a déirim, 's ní'l breug ann,
Mar ġeall ar an míṁeas a ḃ-fuair sí, an t-am
Ḃí cáirde a brollaiġ go meata d' a tréigean,
Nuair naċ raiḃ geal-ṡaoirse le faġáil ag a dream.
Do ṁasluiġ siad í giḋ go raiḃ siad a cáirde —
'S 'nois masluiġeann a náiṁide go tarċuisneaċ í?
An iongantaċ sin? — Tá 'n láṁ láidir i n-áirde,
Láṁ láidir an tSacsanaiġ, d' ar g-ceusaḋ a ċoíḋ'.
'S anois tá ar n-daoine gan anam a's meisneaċ,
Geal-ṫeanga ar n-dúṫċais a ṡáḃáil ó 'n m-bás;
Ar d-teanga — Aċ! dúisgíḋ, ná bíḋiḋ ċóṁ leisgeaċ,
Aiṫḃeóġuiḋ an lóċrann 'n ar measg-ne gan spás.
Aiṫḃeoḋuiġ an lóċrann a ṫug do ṡean Éirinn
Clú, onóir a's meas 'measg na n-dúiṫċeaḋ fad ó,
An lóċrann is cosaṁuil le gréin ġil na spéire
A sgapas a glóir ar gaċ taoiḃ dí go deo.
