402
AN GAOḊAL
Do ḃuailidís talaṁ an t-am ṡéidfeaḋ an garḃaċan,
Ag fáġail beaṫa saor gan buiḋeaċas gan airgead,
Aċ ó ḋíbir Bóróiṁe as Éirinn na Loċlainniḋe,
Ní raḃ gráḋ acu ar Ġaoġail, as cia ṫóigfeaḋ orṫu é.
Seinn, ⁊c.
Ṫainic aṫair h aṫar as státa san nGearmain,
A's ní raḃ leis do ṁaoin aċ aḋarc ċeoil a's as agán,
Ċuaiḋ sé i g-cleaṁnas le bunaḋ ḃí áḋaṁuil, ainmnaṁail
A's ṗós sé bean óg a fuair spré anċuimseaṁuil
Riġ-ṗrionna d'a ṡinsir a ḋíol saiġdiúiriġe i Sasanaiġ,
Mar ḃeiḋṫeá díol caoraċ lá aonaiġ nó maragaiġ;
'Nois air aon taoḃ ní 'l náire, sgáṫ, nó aiṫreaċas,
Oir sin é 'n ċaoi 'r ṫárla 'n gráḋ 's an caradas.
Seinn, ⁊c.
Air ais ag an g-cleaṁnas, cia 'n fear a ġeoḃfas í?
Tá ceannfuirt na g-Comain, a deir siad, a braṫ uirre,
Ṫiocfaḋ mío-áḋ do 'n coróin dá b-pósaḋ sí eaċtran,
'S sin é 'n t-áḋ buan do ḟear boċt san nGearmain.
An lá pósfar an lánaṁain béiḋ luṫġáir 'sna caiṫreaċa,
Béiḋ an t-arm-dearg a triall le h-uile ġleus n ai ḃṫa ;
Béiḋ fir séide ceoil air ḋiṫċioll a n-anmana,
'S béiḋ sluaiġte ar na sráidiḃ a béiciġil 'sa glamara.
Seinn, ⁊c.
Dob ait liom dá mbéiḋinn ag an m-banḟeis am' ċlamasa,
Ag éisteaċ le mnáiḃ a ċur síos dóiġ a maranna:
Déarṫaiḋ bean ruaḋ, "naċ mífear an t-aṁarc í,
Ní ḟacaiḋ mé riaṁ a ceirteaċa 'gceart uirri;'
Déarṫuiḋ bean ḃán, "Ní'l ainti aċ leibide,
'S béiḋ aiṫḃeul a ṡáiṫ ar an ḃ-fear atá ceangailte,"
Aċ déarṫuiḋ an ḃean ḋonn. "Ceurd í aċ geárrċaile,
Ċo d-tig sí an aois is aoiḃinn a cuideaċda
Seinn, ⁊c.
Gan aṁrus tá ciall ṁaiṫ ag ceannfurtaiḃ Éireannaiġ,
'S ní ḃeiḋ siad ag eud faoi inġean riġ Ṡasanaiġ,
Óir is dóiġ liom gur léiġiḋ siad ar ṫuisiḃ 's ridiriḃ,
'San ċaoi m-buailidís cleaṁnas san am ársa 'r impíriḃ.
'Nois ní raḃ ḋam aċ fán ḋul ċo fad siarr sa t-seanċus,
Is é an fear atá ġeoḃfas congnaṁ ó an t-Sasanaċ,
Arís ní'l sé áḋṁuil do Ġaeil fáġail suaiḋte gnóṫa ban,
'Gus fágaim an cleaṁnas eidir Briotain 's Alabain
Seinn — Tá cailín deas ríoġaṁuil le pósaḋ i Sasanaiġ,
'S béiḋ sgiorta de'n áḋ ar an stócaċ a ġeoḃfas í
A d-taoḃ bisiġe as líonraḋ léir dúiṫċeas ní ṫeipiḋ sí,
As ní ḃéiḋ ganntan tuiseaḋ i n-aon am i Sasanaiġ.
