air an sean-Dreoilín, & duḃairt sé go
raḃ. D'ḟiafruiġ sé de 'n t-sionnaċ cia
'n gnó ḃí aige de 'n rí. "Tá," ars an
sionnaċ, "go marḃóċaiḋ mé é." "Mais¬
eaḋ," ars an Dreoilín, "an ndeunṫá
slad ar a ċlann?" "Ní ḋeunfainn, ar
an sionnaċ. "Tá go maiṫ," ars an
Dreoilín. "Druid aníos leis an neid."
Ċoṁ fad' a's ḃí an sionnaċ ag druid¬
im aníos duḃairt an sean-Dreoilín,
"tre n-a ċéile, a ċlann, tre na ċéile,
a ċlann" Ċuir an sionnaċ a ċeann as
teaċ san neid, aċ taréis dearcaḋ go
grinn orra, duḃairt, "Ní aiṫniġim cia
agaiḃ an rí." Agus d'imṫiġ leis gan
díoḃáil do ḋeunaḋ do an Dreoilín
nó d'a ċuid cloinne.
AN LIOPREAĊÁN.
(Ó Ṡiams an Ġeiṁriġ.)
Ins an t-sean-aimsir, sul do loḃ na
fataiḋe, — an rud do ḋíbir ar fud an
doṁain muinntir na h-Éireann, agus a
ċoisg gaċ h-uile ṡean-ġnás & gaċ siam¬
sa ḃí aca & do ċleaċtaiḋ a seaċt sin¬
sear — ins 'san am sin ḃí fear ag siuḃ¬
al leis féin ṫríd a ċuid talṁan lá aiṫ¬
riġe le bánuġaḋ 'n lae, & ceurd a ċon¬
naic sé uaiḋ aċ loipreaċán, agus é 'na
ċodlaḋ ar ṫuláinín deas feurṁair do
ḃí air aġaiḋ. Riṫ sé air, rug sé air &
ṫug fé leis a ḃaile é. Ṡaoil sé airgead
ḟáġail uaiḋ, & 'nuair naċ raḃ sé ḋ'a
fáġail ċeangail sé go dlúṫ, doċt é, &
do ċuir sé 'san g-cóṁra faoi ġlas é, &
ḃí mar sin go ċeann seaċt 'm bliaḋna
Faoi ċeann seaċt m-bliaḋna 'na ḋiaiġ
sin do ḃí 'n fear ceudna ag siúḃal le
ciuṁais na fairge lá aṁáin, gur casaḋ
sail ḋó 'Nuair i ṫáinic sé aḃaile d'inn¬
is sé ḋóiḃ mar do fuair sé 'n t-sail, &
leis sin do ṫosaiġ an loipreaċán i gáire
istiġ 'san g-cóṁra. Níor ċuir fear an
tiġe ceist nó cóṁráḋ air cia 'n fáṫ ḃí
leis an an gáire.
Ḃí go maiṫ; do ċongḃaiġ sé ar feaḋ
seaċt m-blaḋan eile é gan greim, gan
deoċ. Faoi ḋeire an ama sin ṫáinic
fear-siúḃail isteaċ 'san teaċ lá aṁáin
naċ raḃ an loipreaċán 'san g-cóṁra;
ḃí biaḋ gleusua, & d'iarr fear an tiġe
ar an ḃ-fear boċt teannaḋ leis an m-
bord & greim biḋ d'iṫe. Ní ḋeunfaḋ
sé sin, & ċuaiḋ sé amaċ arís gan blas
de 'n ḃiaḋ a ċaṫaḋ; &, mar do ċuaiḋ
sé amaċ ṫair an tairsiġ, rinne 'n loip¬
reaċán gáire mór istiġ. Níor ċuir fear
an tiġe aon t-suim' ins an ngáire seo,
in oiread leis an g-ceud ġáire; & ċong¬
ḃuiġ sé faoi ġlas é go ceann seaċt m-
bliaḋna eile.
I g-cinn an ama sin do ċuaiḋ fear an
tiġe in (ċum) aonaiġ do ḃí i ḃ-fad uaḋ,
&, anuair i ṫáinic sé aḃaile, is sé 'n
rud a ċuala sé, an loipreaċán a gáire
amaċ ins an g-cóṁra istiġ "Is sé seo
an tríoṁaḋ gáire a rinne sé le blaḋ¬
ain a's fiċe," arsa fear an tiġe, "agus
beiḋ fios agam cia 'n fáṫ a ḃí leo."
Ċuaiḋ sé go d-tí 'n ċóṁra, & d'ḟosgail
sé í. "A loipreaċáin ġránna," ar sé,
"innis ḋam ar an toirt cia 'n fáṫ ḃí
leis na trí ġáiriḃ a rinne tú. Tá tú a-
agam le bliaḋain a's fiċe, 's ní ḋear¬
naḋ tú aċ na trí ġáire sin."
"B'ḟeárr duit ḟéin gan an fáṫ ċlois¬
tin," ars an loipreaċán.
"Innis ḋam anois cé (cad) faoi a n-
deárna tú an gáire."
"Glac mo ċóṁairle," ars an loipreaċ¬
án, "tá go leor niḋṫeaḋ a mb'ḟeárr
ḋuit do ḃeiṫ gan eolas orṫa, mar deir
an sean-ḟocal "an rud naċ g-cluineann
an ċluais, ní ċuireann sé ḃuairt ar an
g-croiḋe." "Éist liom-sa anois, agus
leig ḋo do ċuid cóṁráḋ; cia 'n fáṫ a
n-deárnaḋ tú gáire, nó diaḃal as seo
i raċas tú go m-bainiḋ mé an cloigeann
díot." "Ná deun sin," ars an loipreaċ¬
án, "aċ glac foiġid, nó beiḋ aiṫṁeul
ort" "Ní ġlacfaiḋ mé níos mó gab¬
saireaċt uaitse," arsa fear an tiġe;
& rug sé ar an loipreaċán, & ḃí sé ar
tí an ceann a ċasaḋ ḋe, mar ċasṫá 'n
cloigeann de ḋreoilín.
"Fóil, fóil," ar an loipreaċán, "is
feárr ḋam fáṫ & áḋḃar na d-trí n-
gárrṫa d'innseaċt ná mo ċeann do
ċailleaṁain. Maise, 'sé 'n fáṫ ḃí leis
an g-ceud ġáire, — an t-sail do fuair
