413
AN GAOḊAL
A ṡlanda ċrú na nGaeḋeal fial
Na leig-se do ṫriaṫ as do láiṁ,
Seaċain ort peist na seaċt g-ceann,
An Ḃabilion ṁillteaċ is a h-ál.
Mairtín, Seón is Belsibúb,
Triúr is lúbaiġe ṡóir no ṡiar,
Crúcaiḋ lucifer na loċt,
Seaċan ort, a ċrú na gcliar.
Is ísiol goṫa na mórsruṫ mór,
Is árd goṫa na mbeagsruṫ mbeag;
An ṁairt is mó géim is greadáin
Is aice ḃíos an bleaġan beag.
Ná pós bean as a asgéiṁ
Go ḃfiosa tú go de a loċt;
Na sanntaiġ í as a beiṫ dearg,
'S gur searḃ blas na gcaora con.
ṗlanda ċroġa
gradam?
ar?
?
caorṫa caorṫainn
vide Seanḟocla
Ulaḋ. l 298.
From MS. in Edinburgh Library.
Neaċ sin ḃíos corraċ do ġnáṫ,
Ionann gné ḋó is don dris,
An tí sin naċ ḃfaiġṫear aċt cearr
Foiġdne is fearr a ḋeanaṁ leis.
Mur ḟadaḋ teine fuiḋ loċ
Mur tiormaċaḋ cloċan gcuan
Teagasg ṫabair ar ṁnaoi ḃuirb
Mur ḃuille uird ar iaruinn fuar.
All the foregoing have been received from James
Craigie, Esqr., Public Library, Brechin, Scotland, and
were transcribed by his brother, W. A. Craigie, Esqr.
Respectfully addressed to M. P. Ward, Esqr.
1
Ár ngráḋ tú ċoiḋċe, do ló 'gus d' oiḋċe,
A ċroiḋe na laoiṫe, na sgeol 'sna n-dán,
Ár g cara ḃuan tú cé fad ó ċuanta
Iar-Ċonnaċt uainn tú na m-binn aḃran ;
'S tú an sár-ḟear dúinne nár staon do ġlúine,
'S ná leigfeaḋ fúinne díṫṁeas do ráḋ —
'S tá gráḋ 'nar g-croiḋe ḋuit,
'S na mílte guiḋe ḋuit
Eidir eiriġe 's luiḋe ḋuit, is gaċ uair de 'n ló.
2
A ċroiḋe na dílse 'sna na Gaeḋilge ṁílse,
'S tú scaipeann saoilse ár d-teangan ċóir,
'S tú 'n saoi nár ṫréig í 'san bárd nár leig í
