(12)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
GIONḂAR.
1895.
Simpliġeaċt na Sean nDaoineaḋ.
'Nuair i castar linn Gearmánaċ, It
álaċ nó duine ar biṫ eile naċ d-tuig-
eann an teanga a laḃramaoid féin ab-
ramaoid ar an toirt naċ ḃ-fuil ann aċ
tuata aineolgaċ, giḋ go m-beiḋeaḋ an
te sin 'na oide in a ṫeanga féin; agus
ní'l aiṁreas naċ h-ionann a ḃaraṁuil-
san iona 'r leiṫ-ne. Sin é nós an t-
saoġail, agus caiṫfimid glacaḋ leis
mar ḃuailtear orrainn é.
Timċioll deiċ m-bliaḋna 's da ḟiċead
ó ṡoin ḃí fear 'na ċoṁnuiḋe ann aice
Ḃaile-an-daingean, ar ṫeorain condae
na Gailliṁe, darab ainm Marcus Ua
Dulláin. Ḃí gaḃaltas beag talṁan ag
Marcus, aċ buḋ é a ċeird seilḃéaraċt,
agus giḋ gur raḃ sé an-ḟóġluimte ní
rab aon ḟear 'sa tír ní ba simpliḋe ná
é. Le linn loḃṫa na ḃ-fataiḋe ní raḃ
mórán seilḃéaraċt le deunaḋ ag Mar-
cus de ḃriġ naċ raḃ na feilméaraiḋe
beaga 'nan con-acra ċur nó ċeannaċ, ⁊
b'éigin dó sliġe eiciant ḟeuċaint le cíos
a ġaḃaltais ḃig a ḋeunaḋ amaċ ⁊ le n-a
ṁuirín do ċongḃáil ó ṫeaċ na m-boċd.
'San am air a ḃ-fuileamar a tráċd-
úġaḋ, buḋ ġnás le mórán de ḟir-oibre
na h-áite 'ḋul go Sacsanaiġ i g-coinne
an Ḟóġṁair a saorṫuġaḋ a g-cís ; ⁊
go coitċeanta ḃeiḋeaḋ brabaċ beag n-a
ḋiaiḋ le eudaċ do ċur ar na malraiġ.
Teaċt Lá Linn Seáġain, an ḃliaḋian
áiriġe seo, duḃairt Marcus leis féin
go raċfaḋ sé go Sacsanaiġ in einfeaċt
le n-a ċóṁursanaiḃ le beagán do ṡaor-
ṫúġaḋ leis an g-currán nó leis an speil,
nuair naċ ḃ-feudfaḋ sé aon ċeo ḟáġ-
ail le deunaḋ leis an slaḃra.
Sul a d' imṫiġ sé d'ullaṁaiġ Eiḃlín
[a ḃean] péire stocaiḋe olla ḋó, do
ċriotáil sí féin. Ḃí na stocaiḋe ro
[Continued] on page 423.]
