Trom Ḃuilliḋe do na E. P. E's,
Le Maitias Ua Guairiam, Boston.
Fonn — Seáġan O'Duiḃir an Ġleanna.
Aḋramaoid Riġ na ḃ-flaiṫeas, an té ċoṫuiġ neaṁ & talaṁ,
A ṡoillsuiġ grian a's gealaċ agus na reulta anns an spéir,
Agus aḋramaoid a ṁac-san an te le gráḋ clann Áḋaṁa ċeannaċt,
A céasaḋ idir ḋá ġaduiḋe go h-árd air ċrios na b-pian.
Aḋramaoid an Tríoṫṁaḋ Pearsa Naoiṁ ó ḟlaiṫeas,
An te neartuiġ naoiṁ a's abstoil & beannuiġ Eagluis Dé,
Molamaoid Bainrioġan ġlé na ḃ-flaiṫeas, díl reult ġeal na mara,
Coimirca na b-peacaċ agus sláinte na g-cléir.
Naċ suaire an sgeul le h-aiṫris ag gaċ Críostaiġ a fuair baisdeaḋ,
Go ḃ-fuil seula ó Ḋia air anam naċ sgarfaiḋ leis go h-eug,
Agus crois Ċriost, an crann seasta, ann gaċ rioġaċt, gaċ tír 's gaċ baile,
Gan smuit, gan smál, gan sgamal ag fíor eaglais Dé;
Sin agus aingeala glé na ḃ-flaiṫeas d'ar d-treoruġaḋ ar ṡliġe 'r leasa,
Ionnus go seaċnóċamaoid an peacaḋ agus bealaiġe cam an t-saoġail,
Óir tá 'n diaḃal go lúṫḃar, lúḃaċ, cleasaċ, borbaċ le gráin 's aṫais.
Ag sgeiṫe gaeṫe ó n-a ṫaisge faoi ġné an E. P. E.
Naċ iomḋa claḋaire meata fuair árd scoil agus deáġ-ṫeagasg,
Agus ṫug moide a ḃeiṫ buan-ṡeasṁaċ go bráṫ do eaglais Dé,
Aċt buḋ suaraċ fann a ngaisge ann rúd air uair an ċaṫa,
Is obann a ṫuit siad i láiḃ an ṗeacaḋ, aṁuil do ċleaċt a d-tús a saoġail.
Aċ anois naċ árd í uaill na naṁus táid lán le siosma dall 's seaċmall,
A ngeur ḃruid ag mac na mallaċt faoi riaġail an E. P. E,
Is é 's aṁail súd uaill madraḋ conan na n-aiṫniġeann traeḃ no aṫair,
Aċt iompuiġeas airís an ainfios a d'ḟág sé n-a ḋiaiġ.
Gaċ méirleaċ d'ar ṫréig an t-aifrionn agus a ṫug cúl do ḃeaṫa sagart,
A ḋiúltaiġ creideaṁ Ṗeadair agus a ṁaslaiġeas eaglais Dé,
As uċt drúis, míċliú agus sgannal, a ḃris gaċ moide 's geallaṁ,
A ṡáltraiġeann air órd a's air aibíd, & a d'iompuiġ air an láiṁ ċlí.
Naċ buaiḋearṫa, d'uailleaċ le dearca gnúis agus snóg an ṗeacaiḋ,
Naċ ndeunann úġaċd 's aiṫriġe sul d'ḟágann sé an saoġal,
Agus an tráṫ ḃéiḋeas an t-eug d'a ṫaċtaḋ béiḋ deaṁain ann súd ag faire,
Le súil seilḃ d'ḟaġail air anam in ainm an E. P. E
Gaċ claḋaire geilt agus aṁus, gaċ gioḋarsaċ uaid a's amaid,
Gaċ caorṫannaċ liaṫ cailliġe ná'r ḃeannuig Riġ na ngrás,
Atá le breug, míċliú agus sgannall ag masluġaḋ rioġal 's órd na sagart,
Agus iad súd go léir faoi ṫeagasg ċreidiṁ seaċráin Ċlanna Gaill
Súd iad na naċ n adṁuiġeann baisde, súd iad naċ ndeunann aiṫriġe,
Súd iad atá deunaḋ mailís go síor agus do ġnáṫ,
Súd iad an sgéan gan anam atá ann aiṁréiḋ ar ṡluaiġ na marḃ,
Agus naċ nglacaiḋ Dir a n-anam go luan an lae ḃráiṫ.
