424
AN GAOḊAL
AḂRÁN NA h-ÉIREANN.
Focla le J. Ua Ruiġín.
Fonn — "An Cailín d'Ḟág mé mo ḋiaiġ.
Aṫarruiġṫe leis an taoiseaċ tírġrá¬
ḋaċ, Caiptín Tomás D. de Norraḋ, de
'n Ṗílo-Celtiġ an Eabraiġ Nuaiḋe.
O! d'ḟás na laeṫe go faid na mbliaḋan
A's na bliaḋanta go h-aoisiḃ liaṫ-ġlas,
Ó ṗóg na deorṫa air d-tús mo ġné,
A's o ċaill mo ġlóire a soillseaċd;
Aċt fós tre eagla a's tre ṫrioblóid,
Nuair ḃuail donas mé a's diaċair,
Do ṁair astiġ am' ċroiḋe, gan tóṁas,
Dóṫċus riaṁ nár ṫréig mé.
Giḋ brúiġte tinn le h-olc na n-diaḃal,
Go h-éadóṫċus anois seolta,
Giḋ riaġluiġ dorċaċd os ar g-cionn,
'S gan splanc ó neaṁ d'ar d'treoraċd;
An ṁuiniġin ḃí beo am' uċt gan sgíṫ,
A's do ċosain mé 'na h-aonar,
Ċum gur sona ḃeiḋinn 'san am atá ag teaċt,
Faoi ṁórán meas' a's treunais.
Giḋ brúiḋte síos faoi ualaċ bróin,
Do ṡeas mé i g-cóṁnuiḋe fógraċ,
Díreaċ, dána, an aġaiḋ mo náṁaid,
A's ní mar ḋéarcóir suaraċ;
Go síorruiḋe d' éiliġ mé mo ċeart,
Air ṁáġ a troid 's a seanaid,
'S giḋ gur claoiḋeaḋ mé ins an g-caṫ,
Ġeoḃad é nó an bás in ionad!
Am' anam braiṫim é go fíor!
Laḃartar é mór-d-timċioll,
Gur geárr go m-béiḋ an báire liom,
'San t-aintiġearna, do ruag mé, caillte
An Fleasg arís air mo ċeann mar ḃí,
Ann aimsir ṁaiṫ na saoirse,
A's ní ḃéiḋ air tír ná in ifrionn ṡíos,
Neart mé ċur i n-daoirse!
Inis Ḃreáġ Áluin na Mara.
Innis ḃreáġ áluin mo ṫír',
Smig os cionn mala na mara,
Ní éagfaiḋ do ċuiṁne ó 'm ċroiḋe,
Ní ṫréigfiḋ do ḃinn ṗort do ċara
Tar bárr do ġleannta 's do ṡléiḃte,
Síos cois d' aḃainne 's do ṡruṫa,
Am' ġríosuġ'd le gaoṫ ḃolaḋ na mbláṫ;
