426
AN GAOḊAL.
Do ḋeunfainn seaċrán tré mo ḃeaṫa.
Cóiṁṡeinm.
A ṡean tír na ḃ-fíor 's na d-treun,
A áitreaḃ mo ṁian a's mo róġa,
Tobar an t-súḃaċais gan srian,
Innis breáġ, áluin na mara!
Tobar an t-súḃaċais gan srian,
Innis breáġ, Innis breáġ, áluin na
mara.
Ba ġnáṫ air do ṗoirt sligéaḋ grinn,
Tráṫnóna go ḃ-fuiġṫiḋe mé ag síne,
Ag aisling air óigeaċd mo ṡaoġail,
Mar a m-bíoḋ an teaċ-soluis ag
soillsiúġaḋ.
A ḃ-fad ó gaċ sólás do ġeiḃinn,
A ḃ-fad ó gaċ niḋ gur fiú áirioṁ,
Aċt fós ós tonn uaigneaċ a g-céin,
Braiṫim do ḃeannaċd cóiṁéadaċ!
Cóiṁṡeinm — Tomás D. de Norraḋ
Oh! could I wander for ever
CHORUS.
Land of the true and the old
Home ever dear unto me —
Fountain of pleasures untold,
Beautiful Isle of the sea!
Fountains of pleasures untold —
Beautiful, beautiful Isle of the sea
Oft, on your shell-girded shore,
Evening has found me reclining,
Visions of youth dreaming o'er,
Down where the light-house was-
shining
Far from the gladness you gave,
Far from all joys worth possessing,
Still, o'er the lone weary wave,
Comes to the wanderer your blessing !
Chorus.
FÁILTE DO'N OIDE O'GRAṀNA
le P. A. Dougher.
Ceud míle fáilte 's sláinte roṁat, a Ṡagairt a rúin,
Go m-beannuiġe Dia do ṫorus, go raḃ do ġoraḋ ciúin;
Is fada támar dúil leat, mar do ċaraid 's do ġaol,
Leis an Gaeḋilge ḃinn ċuir ar g-cinn san oileán úr so fial
Tá do ċuairt, Aṫair ḋílis, níos feárr ná cuairt ó 'n riġ,
Teaċt ar Éirinn áluin, talaṁ glas na naoṁ,
Lán le tír-ġráḋ, fiosraċt, macántaċt 'gus ciall,
Sgapfaid teagasg Ṗádruic ṫríd an oileán úr seo fial.
Tá súile ar n-daoineaḋ fosgailte, le bliaḋantaiḃ ḃí dall,
Sraoille le beurla Ṡasanaiġ 's é 'g imirt orrainn feall;
Tá sé in am an gníoṁ so ḃagairt, air ar d-teanga féin
ní 'l baoġal.
Ċo fad a's ḃéiḋeas sí múinteaḋ san oileán úr seo fial.
Tá dúil againn le Riġ na ngrása go ḃ-fuil an lá 'g teaċt
Nuair ḃeiḋeas ar náisiún críonna 'sar d-teanga féin fa
ṡlaċt;
Ann sin beiḋ cúis ḋíl na h-Éireann láṁta réir ar riaġal,
'Gus ar n-daoine cur le ċéile mur tá san oileán úr so fial
Seo guiḋim ó mo ċroiḋe ḋuit, a Saorṫóir na nGael.
Solus ríoġaċt na ḃ-flaiṫis roṁat, na ġréin, 's na reul;
Sásaḋ cróiḋe 's inntinn' duit san obair i ḃ-fuil tú triall
Agus comaraḋ do ṁuintir' leat san oileán úr seo fial.
