i tugaḋ iad 'na m-bráiġiḃ go h-Éirinn
le riġ Niall; a díolaḋ é le Milco fíoċ¬
ṁar; mar d'ḟulaing sé gaċ leaṫtrom
& anró le foiġid; mar ċleachtaiġ sé
urnaiġe & naoṁaċd air Ṡliaḃ Mis; an
nós gur saoraḋ ṡé le orduġaḋ an ain¬
gil Ḃictor; mar a d'ullṁaiġ sé é féin
ċum a ḃeiṫ 'na ṡagart; go h-áiriġe i d-
taoḃ an léis iongantaiġe a fuair sé
'nuair i ċonnairc sé in aisling cineaḋ
neiṁġeinte na h-Éireann ag glaoḋaċ
air a ṫeaċt le iad a ṡlánuġaḋ; mar
tóigeaḋ é go riaġail Eagluise, ag
glacaḋ Oird ḃeunnuiġṫe; mar rinne sé
cuairt air Róiṁ, & mar i coisrigeaḋ
é le ḃeiṫ 'na Áirdeasboig & 'nna Ṗrío¬
maid os cionn Eagluise na h-Éireann
go h-uile.
D'aiṫris mé cuntas daoiḃ air a ḋára
ṫeaċt go h-Éirinn 'san m-bliaḋain 432,
ní 'na scláḃuiḋe nó 'na ḃráiġe ḃoiċt
mar ṫainic sé roiṁ an am sin, aċt 'na
ṗrionnsa & 'na Apstol. Ċuir mé síos
daoiḃ air a ṡeanmóireaċt & air an ob
air speisialta a rinne sé, air a ċoṁ¬
rac mór le riġ Laoġaire, & le n-a
ḋraoiḋṫiḃ; an m-buaiḋ a fuair sé orra
le deisbóireaċt & le míorḃuile, os cóṁ¬
air na d-teaċtaireaḋ tíoraṁal a ḃí i
láṫair ó gaċ áird i n-Éirinn; ⁊ 'na
ḋiaiġ sin, air a ṁáirseál buaiḋeaċ in
obair ṡoisgeulaiḋe, in ar iompuiġ sé
daoine na h-Éireann ó ṗágánaċt go
creideaṁ Ċríosd; air a ġuiḋe dúraċ¬
daċ do Ḋia air son a ṫreuda Éireann¬
aċ, ionnas naċ g-caillfidís an creid¬
eaṁ fíor go bráṫ; & faoi ḋeireaḋ,
air a ḃás naoṁṫa i g-cionn a ṡé scór
bliaḋan.
'Sé mo rún anois taisbeánaḋ ḋaoiḃ
go raiḃ na toraiḋ fíor-ḃuan a d'éiriġ
ó ṫorus Naoṁ Páḋruic ċum ar sins¬
ear tairḃeaċ, & go m-beiḋid seasṁaċ
go deo ins an g-creideaṁ naoṁṫa an-
aġaiḋ carcair, teineaḋ, & cloiḋṁe.
Béiḋ taisbeánaḋ níos soiléire againn
air an g-ceist seo anuair i ṁeaṁruiġ¬
mid air na trom-ċaṫaiḃ do ṫroid siad;
air an m-buaḋairt a d'ḟulaing siad, &
air an lán-ḟuil do ḋóirt siad ag cos¬
nuġaḋ & ag coiméad an ċreidiṁ ḃean¬
nuiġṫe a múineaḋ ḋóiḃ le Naoṁ Páḋ¬
ruic, Aṫair Spioradálta ciniḋ na hÉi¬
reann.
Ní'l sé riaċdanaċ dam innsint daoiḃ
annso naċ ḃ-foilsiġean stáir na h-Eag¬
laise Caitilice aon raḋarc no sampla
níos glórṁaire ná ḃí le fáġail in Éir¬
inn air feaḋ trí ċeud bliaḋain taréis
a h iompuiġṫe go creideaṁ Ċríosd. Do
ḃí sonas, sólás & suḃáilce ó ċeann go
ceann na tíre ; & mar ṁáṫair ṁaiṫ,
ġeanaṁuil, do roinn sí a sonas & a
suḃáilce — ní ṡé aṁáin le n-a cloinn
féin, aċ ṫug sé ceud míle fáilte do gaċ
coigċriġeaċ a ṫainic ċum a tráiġ ó ṫír¬
iḃ a ḃí malluiġṫe go minic 's na laeṫiḃ
sin le cogaḋ & le fuil-ḋórtaḋ. Is ann¬
sin ḃí 'n creideaṁ faoi ḃláṫ in Éirinn;
ḃí tuir, teampuill & séipéil le feicsint
i m-baile & i d-tuaiṫ; & ḃí a colaisdí, a
sgoilteaċa & a mainistreaċa le fáġail
in gaċ condae & in gaċ paráisde ó
Ċeannḟionn in Aondrum go Ceannlár
i g-Corcaiġ. Ḃailiġ na mílte micléiġin
& ṫangadar ċum a colásdí le teagasg
& naoṁaċd d'ḟáġail. Ísiol & uasal, ó
'n tuata go d-ti prionnsa na coróine,
mar léiġtear dúinn, ṫainic go hallaiḃ
ṫeagaisg ar d-tíre, & deir stáir go
raḃ Alfred é féin, Riġ oirḋeirc na
Sacsan, 'na ṁacléiġin inn árdċoláisde
Ḃeannċoir. Ḃí tráṫ 'nuair i ċóṁnuiḋ
trí ṁíle miċléiġin taoḃ astiġ de ḃall¬
aiġiḃ na caṫraċ so .i. Beannċor. Is
mar an g-ceudna ḃí sé in Árd-Maċa,
caṫair áird-ċille Naoiṁ Ṗáḋruic; i g-
Cluanárd, i g-Cluan mac Nois, i Lios-
mór, & i mainistreaċaiḃ Naoiṁ Enda,
in oileánaiḃ Aran, i g-Cuan na Gilliṁe.
An iongaḋ ar biṫ é gur ġlaoiḋ muintir
na h-Eórpa "Oileán na Naoṁ agus na
n-Ollaṁ' air Éirinn 'san aimsir seo?
Air feaḋ trí ċeud bliaḋan ḃí sonas
& sólás air sud maċairiḋ glasa na h-
Éireann, gan aon toirmeasg nó buaiḋ¬
reaḋ in a sliġe mar ċuaiḋ sí air a h-
aġaiḋ i naoṁaċt & i ḃ-foġluim; mo
ḃrón geur! ḃris an an t-anfa os a
cionn faoi ḋeire i g cuma cogaiḋ fioċ¬
ṁair; & ḃí síoṫċáin na n-daoineaḋ mill¬
te ó ḃun go bárr na tíre. Agus cad
é mar ṫarla 'n aṫarruġaḋ mór seó?
