ag ar n-daoiniḃ air ḃeagán díoḃ mar
"An Maidrín Ruaḋ," "An Móirín."
"Cailín Deas Crúiḋte na mBó," "Gráḋ
mo Ċroiḋe." "Anie Ḋilis," & a leiṫéid;
tá a lán d' ḟonnaiḃ na h-Éireann ann
fós air naċ ḃ-fuil aon ċuiṁne againn,
& measaim gurab iad na foinn is
suairce & is binne atá le fáġail i n¬
Éirinn na foinn a ndeuntar dearmad
a n-diu.
Naċ feárr leis an g-cuid is mó d'ar
n-daoiniḃ — idir sean & óg — fonn mar
"Tar-ra-ra-loom de-ay,” nó “The Man
Who Broke the Bank at Monte Car¬
lo," nó "Daisy, Daisy give me your
Answer do." 7rl? Naċ ḃ-fuilmíd ag
léigean ar ḃ-fearaṁlaċt dul a múġa ins
an niḋ seo! Naċ ḃ-fuilmíd ag caillea¬
ṁuint an ġráḋa a ḃí againn ar na
néiṫiḃ deasa & ar na fuama ḃ binne?
Is fíor é go ḃ-fuilmíd & támaoid sás¬
ta leis! Measaim go m-béiḋmíd an-
ċosaṁuil le drongaiḃ ísle Lúnduin nó
Manċester go luaṫ, aċt táim cinnte
naċ áil le aon duine i n-Éirinn an niḋ
náireaċ so. Má ṫeiḋeann ar d-teanga
go léir uainn, raċfaiḋ gaċ aon niḋ a
ḃaineas le fíor-ḃeaṫa ar d-tíre ḋílse
Éireann léi. Má's cúram naoṁṫa é
cúram teangan na tíre, is cúram
naoṁṫa é cúram ceol na tíre mar an
g-ceudna Naċ ḃ-fuil ceol na h-Éireann
aon de na coṁaraiḃ fíora go
ḃ-fuilmíd 'n ar g-cine fa leiṫ? Naċ
fíor é go ḃ-fuil teanga ceol & cluiṫiḋe
na coṁarṫaiḋe is cumaraiġe go raiḃ
(Le ḃeiṫ leanta.)
aig l. 25a
The vitality of nations is like that of individuals
or any other object in Nature. — It grows and
dies: Rome, Spain, and Holland were the com¬
mercial mistresses of the world, in succession —
they vanished. England succeeded Holland : she
is declining to=day, and in less than ten years Ja¬
pan steps into her boots — she has one boot on al¬
ready. What, then, will those West-Britain Irish
men do who, a few years ago, proclaimed that the
"English language was good enough for them —
that it would be the language of the world"?
Will they cast their lot with England and follow
her into her original and inherent barbarity, or
seek to deck themselves off in the resplendent
Irish plumage which they despised in its day of
tribulation?
Vide "Targaireaċt Ḃ. R
le Miċeál Ó Tiománuiḋe
SEAN ĊÓṀRÁḊ
le Dillon J. McCormick.
Teaċ Mic Maiṫion, Eirris. —
An Teaċ Ba Fuide Siar in Éirinn le
n- a Linn.
Ḃí an teaċ seo deunta faoi ḃun
Ċruic an Tearamoin, ag i ndeárnaiḋ
Brian Ruaḋ Ua Cearaḃáin an targ¬
araċt go n-éireóċaḋ an Rón Glas as
an ḃ-fairge ag Port Glas & go raċfaḋ
sé treasnaḋ air Ċnoc Tearamuin.
Duḃairt an targaraċt mar an g¬
ceudna go marḃóċaḋ fear de ṁuintir
Loċlainn é, & naċ mairfeaḋ an fear
sin bliaḋain. Do ṫainic an targar¬
aċt fíor, mar do ṫarluiġ gaċ níḋ
mar duḃairt sé ċum ċruiṫiġṫe.
Targaireaċt eile do rinne sé naċ d¬
tainic i láṫair fós. —
Dá d-tiocfaḋ Luing an Ċrainn Ċaim
go cuan an Ḟóid Ḋuiḃ, in sin go mbuḋ
trom le Mac Gall a ċóta.
Dul amaċ Dún Dóṁnaill castar
linn gleann deas Ċuing eidir ḋá ċnoc,
ceiṫre ṁíle as Beul Muilit. 'Sé an
fáṫ ar tugaḋ Dún Dóṁnaill ar an n¬
gleann áluinn úd: le linn Ḃaill Ḋeirg
Ui Ḋóṁnaill — ceann de na faiṫiġ mó¬
ra ḃí i g-Contae Ṁaiġeo 'san t-sean
aimsir, ḃí an t-seilg air a ṫóir & iad
teannta dlúṫ leis, ag breaṫnuġaḋ naċ
raḃ aon dul uaṫa aige, ṫug sé léim
uaḋ ḃruaċ an ċnoic, & ċuaiḋ sé as
cionn ceud troiġṫe treasna 'n ḃóṫair,
ṁarḃuiġ an léim é, & cuireaḋ 'san m-
ball ar ṫuit sé é. Is minic a ṫainic
mé 'n uaiġ — tá sí trí troiġṫe deug ar
fad. Tig le duine ar biṫ a ġaḃas ṫríd
an ngleann uaiġ Ḃaill Ḋeirg ḟeicsint.
Tá súil le Dia agam naċ fada uainn
an lá go d-tigiḋ an targaraċt as
cionn ċum ċrutuiġṫe ar nós go d-tioc¬
faiḋ focla 'n ḟile fíor — nuair a dúḃ¬
airt sé go raḃ súil aige le Riġ na n-
gársa go d-tiocfaḋ sé 'san n-gaoiṫ go
fóill go m-beiḋeaḋ orangemen d'a d¬
tréigsint, & ruaig ḋ'a ċur ar luċt na
bperacóat.
