AN GAOḊAL
15
Nuair ṡeinneann tú do ċeol go binn,
Fá solus suairc na gréine glinn'
'S an saṁraḋ flaiṫeaṁail, fial.
Neaṁċríoċnuiġeaċt — is eisiompláir ṫú
De 'n tsíorruiġeaċt sin atá teaċt dúinn.
8
Aċt is feárr liom ṫú, a ṁuir, nuair táim
Ar ḃárr na sléiḃteaḋ mór —
Binn Eadair árd, gan crann, sgáil;
Nó 'r ṡléiḃtiḃ Cille-Mantáin — áit
Is deise liom 's an dóṁan —
Is dil lem' ċroíḋe gaċ cuan, gaċ calaḋ
A tá 'n a luiḋe fá sgáṫ a gcarraig.
9
I m' aice tá B'l-aṫ'-Cliaṫ 'n a luiḋe;
Tá deataċ mór anois
Ar aġaiḋ na spéire, cóṁarṫa fíor
Gur caṫair ṡluaġṁar ṡaiḋḃir i,
Príoṁáit ar dtíre dil';
Is áil lem' ċroíḋe a daoineaḋ dána —
'S a mná mór-uaisle, míonla, mánla.
10
Aċt, Oċ! is caṫair ḟeoiġte í,
Gan saoirse, Oċ! gan féis;
Oċón! naċ ḃ-fuil ar ndaoine groíḋe
Do ċur ar bun arís mar ḃí
Ar saoirse ġlórṁar, ġlé :
'S do ruagaḋ luċt na feille móire
As Éirinn óiġ na naoṁ go deo deo.
11
A ṁuir atá tú FÓS 'do luiḋe
Idir Éirinn a's a náṁ —
A's déireann tú — ní dliġeaċ ḋaoiḃ
Ḃur muiniġin ċur san drong a ċlaoiḋ
Tre ċluain sean-tír na mbárd;
Aċt muiniġinn ċóir do cur a gcóṁnuiḋe
'N ḃur muintir féin is í is cóir daoiḃ
12
Aċt, tá an t-am ag teaċt go grod
'N a mbéiḋ an ṁuir fá ġlóir,
Ag seinim ceoil is suairce liom
Ná ṡeinn sí riaṁ — ní ḃéiḋ sí duḃ
Aċt glórṁar geal mar ór :
Ceol binn ar saoirse, ceol an ḟlaiṫis. —
A ḟairge Éireann, seinn go ceart dúinn.
13
Seinn, seinn do ċeol, giḋ gruamaċ é —
Seinn, seinn do ċeol go h-árd —
Geur-ḃás do 'n náṁ a sgrios geal réim
A raiḃ fad ó 'n ar dtír gan leun
Ċóṁ glan le maidin ḃreáġ:
Seinn — éirġe ġlégeal d' Éirinn áluinn
Ó ġleann an ḃáis go solus sáiṁeaṁuil.
14
Do ċualaiḋ mé an ṁuir fá ġruaim —
