AN GAOḊAL
17
AN ĊLÁIRSEAĊ.
le Tomás Ua Gríoṁṫa.
1
Tá an Ċláirseaċ ḃinn do ċan go grinn,
Na ceolta síġe fad ó,
Anois 'na luiḋe air ḃallaiḋe an tíġe,
Gan greann nó bríġ 'na glór;
Mar so do ċuaiḋ an ġlóire ṁór,
Ḃí 'n Éirinn suairc, gan gó,
Do ḃris a gcroiḋe i ḃ-fear 'sa mnaoi,
Is d'ḟág ár dtir faoi ḃrón.
2
Ní ċloisfiḋ saoi nó ainder ġrinn
Do ġuṫ arís go deo,
Do ḃris an dlaoiḋ, d'ḟág duḃaċ do ṫír,
Ṫug sgéala cruinn ded ṗór;
An tsaoirse ḃí ag rún mo ċroiḋe,
Mo leun! ni'l sí níos mó,
Aċt búiraiḋ an ḟill ad ċráḋ le cíos,
A ṁúirnín ḋílis óg.
3
A ċláirsiġ ċaoin, tá gean mo ċroiḋ;
Ded' ḋán, ded' laoi 's ded' ċeol,
IS iomaḋ oiḋċe meire a Hallaiġe an Riġ,
Do ḃí aige críonna 's óg ;
Tá súil le Críosd agam aṁaoin
Go mbeiḋ tú arís go sóḋ,
Ar ḃallaiġ an ríġ a cana grínn,
A réim, mar ḃiḋis fadó.
DO 'M ĊAILÍN DIL.
Leis an nGaḃardonn.
Mo ċailín ġil atá tú;
Mo ṁúirnín áluinn glé ;
Gráiḋeóċaiḋ mé gaċ lá ṫú
Go mbéiḋ mé fuar 'san gcré.
Oċón! is duḃ an lá liom,
Ní 'l reult ar biṫ 'san oíḋċ',
'Nuair ḃfad óm' ṫaoiḃ atá tú
A stóirín óig mo ċroiḋe.
Druid liom, a stóirín áluinn,
Druid liom, a's béiḋ mo ċroíḋe
Lán, lán de ṡóġ, de ġáire,
De ṡuaiṁneas geal, a ċoíḋċ.
Mo ċailín ḋil atá tú,
Mo ṁúirnín óg gan cráḋ.
Gráiḋeóċaiḋ mé go bráṫ ṫú
A stóir, a rúin, a ġráḋ.
