"i., iad a sgapas na fuama suaimneaċa
"úd a ṫreoruiġeas na ceudfaḋa mar
"bráiġdiḋ 'n a n-diaiġ; noċ a ṫug ar
ċuid ḋíoḃ deora a ṡileaḋ 'n a ḃ-fras¬
"aiḃ, & ar ċuid eile ḋíoḃ ḃeiṫ luaṫġáir
"eaċ; do ġaiḃ sé an ċláirseaċ ċuige a¬
"rís & do sgeiṫ sí fuama binne amaċ
"mar ċeileaḃar na n-eun ionnus gur
"ċodail na daoine creuċta, mná torr¬
"aċa, & an naṫairniṁe cealgaċ anfad
"do ḃí sé ag imirt uirri; do ḋeasuiġ sé
"an ċláirseaċ arís & do ṁúsgail sí nó¬
"taiḋe iongantaċa uaṫḃásaċa an ċog¬
"aiḋ ; do ḃuail sé na teuda raṁra ⁊
"sgaip sí fuama malla gruamaċa an
"doḃróin lán de ḋuairceas & ḋuḃaċas
"ċóiṁṁeasgṫa le fuamaiḃ binne."
Measaim go ḃ-fuil an cúmaċt ceud-
so ag ar g-ceol féin a n-diu, óir naċ d-
tig leis áṫas mór a ċur ar ḋuine 'nuair
a ċluinneann sé "Feusta Ui Ruairc" no
"An Bóṫar Garḃ go Dúiḃlinn"? Naċ
d-tig leis suaiṁneas & sásaḋ a ċur air
nuair a ċluineann sé "Peurla an Ḃrol¬
laiġ Ḃáin" no "Máire ó Ḃeul-áṫ-h-Aṁ¬
nais"? Naċ d-tig leis é a ḋeunaḋ ard-
aigeantaċ, cogaṁuil nuair a ċluineann
sé "Síos & Síos liom' no "Cruaċan na
Féinne'? Agus naċ d-tig leis an g-ceol
so an brón is mó a ċur air nuair a
ċluineann sé "An t-Ullagón Duḃ O' no
"'Sa Ṁuirnín Dílis"? Táim cinnte
níor ċum aon ċine eile 'san doṁan
ceol leaṫ cóṁ cuṁaċtaċ no ċóṁ cum¬
asaċ le ceol na hÉireann, & ní ḋeirim
an niḋ seo de ḃríġ gur rugaḋ mé & do
tógaḋ mé ameasg daoineaḋ na h-Éir¬
eann; óir deireann an doṁan mór an
niḋ ceudna do ċualas 'nuair do ċuir
Flotó abairċeol "Márta" os coṁair
an doṁain i m-Berlin & nuair a ċualaiḋ
an ċuideaċt a ḃí 'san tiġ-imire an
fonn Gaoḋalaċ sin 'Rós Déiġeanaċ an
t-Saṁraiḋ" go raiḃ siad ċóṁ sáruiġṫe
le n-a ḃinneas gur ġaḃ na mná-ḟlaṫa a
mionna no coróna de n-a g-ceannaiḃ ⁊
gur ṫeilgeadar ar an sgalán iad Do
ḃiḋeadar ceart, óir ní'l ceol le fáġail
ann is binne no is suairce ná é.
Do rinne na sean Ġaoḋail a n-díṫ¬
ċioll a d-teangan a ḋeunaḋ ċóṁ binn,
ċóṁ blasta sin & a d-táinic leo, & ní
iongantaċ é go n-deárnadar a n-díṫ¬
ċioll ċum a g-ceoil a ḋeunaḋ ċóṁ binn,
blasta leis. Freagrann an ceol do'n
teangaiḋ & an teanga do'n ċeol. Má
's milis an teanga is milis an ceol, má
's bríoġṁar an teanga is bríoġṁar an
ceol Táim cinnte ní'l ceol no teanga
'san doṁan ag a ḃ-fuil an cuṁaċt
ṁór so Má ḃ-fuil cluas ag duine &
má ḃ-fuil fios ar ṫeangaiḋ & ar ċeol
na hÉireann aige, tig leis an
niḋ seo a ḋearḃuġaḋ & feicfiḋ sé go
ḃ-fuil sé níos fíre ná dúḃras.
Tá ceol fá leiṫ ag gaċ uile ċine faoi
neaṁ & deunan siad a n-díṫċioll ċum
a g-ceoil a ċongḃáil beo 'na measg,
múineann siad d'a g-clannaiḃ é ins na
sgolaiḃ & insna coláistiḃ, & measaim gur
ċóir ḋúinn an niḋ ceudna ḋeunaḋ Is
mór an diṫfir atá idir ceol Gearmán¬
aċ & ceol Iodálaċ, is mór an diṫfir a
tá idir ceol na Fraince & ceol na Sac¬
san, & congḃuiġeann gaċ n-aon díoḃ a
ċeol féin aige gan truailleaḋ gan bás,
óir is cuid de 'n ḃeaṫa ṫíoraṁuil é, &
is luaiṫe léigfid a maoin ḋul amúġa
ná léigfid a d-teanga nó a g-ceol bás
d' ḟáġail. Is fíor go ḃ-fuil riaċtanas
orruinn uile ṡaoṫar a ḋeunaḋ ċum ar
n-aráin & ar n-ime d' ḟáġail, aċt ní'l
riaċtanas ar biṫ orruinn ar d-teanga
nó ar g ceol a ṫréigean ar a son; ní'l
riaċtanas ar biṫ orruinn aon niḋ a
ḃaineas le fíorḃeaṫa ar d-tíre a ṫréig¬
ean. Is mór an truaġ é gur iompuiġ
ar d-treoruiġṫeoiriḋe daoine na h-Éir¬
eann ó na néiṫiḃ seo, is mór an truaġ
é nár ċuireadar teanga & ceol na h-
Éireann ins an g-ceud áit, & gaċ niḋ
eile in a orduġaḋ féin 'na n-diaiġ, óir
táim cinnte naċ ḃ-fuil ar n-daoine —
an ċuid is mó díoḃ — ċóṁ suaraċ, spa¬
dánta sin, nó ċóṁ sanntaċ, mianṁar
sin ċum an t-airgid a ḃailiuġaḋ & go g-
cuirfeaḋ siad a d-teanga nó a g-ceol
nó niḋ a ḃaineas le beaṫa ar d-tíre ar
leaṫ-taoiḃ ar a son.
Cuirimíd an onóir is mó ar na fea¬
raiḃ a fuair bás ar son a d-tíre, is
cóir dúinn sin a ḋeunaḋ, óir is fiú iad
