26
AN GAOḊAL.
Crainn 's sléiḃte reuba,
'S Carraigeaċa i pleusgaḋ,
Na h-éisg ar fad ag eugaḋ,
'San ṁuir i tiormuġ' suas.
9
Iomḋa sligeán cnáṁa,
Ceanna, cosa, láṁa,
An ṁuir an ṁéid i báṫa
Ainti féin a riaṁ —
Ní'l duine 'nuas ó Áḋaṁ,
Leanḃ, feara, mnáiḃ,
Naċ n-éireoċaiḋ suas an lá sin
Le triall ar an sliaḃ.
10
Leis na briaṫra ráḋ,
Éireoċaiḋ suas 'san tráṫ
An méid a ṡiolruiġ ó Áḋaṁ
In a g-colonnaċa arís —
Is maiseaċ, áluinn, glanṁar,
Aoiḃinn, seunṁar, fonnṁar,
Ceol-ḃinn, sona an ḟólaċt
Ṫigfeas in siúd le Críosd.
11
Ní'l cáiliġeaċt ċiuin d'a ṡéaṁa
D'a ḃ fuil ag na fíreunaiḃ
Naċ ḃ-fuil mar an g-ceudna
Bun-os-cionn, arnoḋ,
Ag an méid a ġluais a níos
Le diaḃal na tnúṫ 's craos,
Díṫṁeas, saint 's drúis,
Fearg, leisg 's gleoġ.
12
Siud é lá na méiḋle,
Mallaċt, osna 's béice
Ag sluaḋ na láiṁe cléiṫe
Ar raḋarc na ḃ-fíreun;
'S go mb'ḟearr leo fanaċt ċoiḋċe,
Mílte bliaḋan de ṡaoġalta,
Ná ṫeaċht ar ais faoi ḋídean
A g-colannaċa féin.
13
Siud é lá na spórta,
Ceol-ḃinn, aoiḃinn, glórṁar,
Fáilte, na mílte póga
Ó anmanna na ḃ-fíreun
D'a g-colannaċa ceannsa,
D'iomċair iad go mánla
'S d'árduiġ iad mar ċlann Dé
Na milte suas ó'n ngréin.
14
In siúd i ḃeiḋeas n-a suiḋeaṁ,
Na h-abstail & na naoiṁ,
Le fuil an Uain a niġeaṁ
I ngleann so na n-deor;
Is leo do ḋéarfas Criosd,
"Tairiġiḋ ar ais arís
Mar riġṫiḃ ar riġeaċt
Tá agam faoi n-ar g-cóṁair."
15
Iontóċaiḋ in sin 'na a ṁóraċt,
Le fearg ṁilleaċ, leonṁar,
Ar ṡluaġ na mallaċt ḋiaḃalṁar
Ar ṫaoḃ na láṁe clé,
'Gus éamfaiḋ 'maċ mar ṫuirneaċ
Imṫiġiḋ as mo ċóṁair-se
Go h-ifrionn, a ḋiaḃalaiḃ,
'S mo ṁallaċt ḋíḃ go h-eug.
16
Siud é an sgaraḋ déiġionaċ
Naċ mbeiḋ casa 'r ais go h-eug air
Eidir bean agus céile
Agus leanḃ ciúin na g-cíoċ.
Páirtfiḋ gaol 's gaoltaiḃ,
'Gus cóṁursanaiḃ, mar léiġtear,
Naċ ḃ-feicfiḋ arís a ċéile
Le linn na síorruiġeaċt.
17
Ċuiṁniġiḋ-se a daoine
Go d-tiocfaiḋ lá na críoċa,
Go m-beiḋ deire leis an saoġal,
'S gan fios cad é 'n spás.
Réir mar deir na h-úġdair
Tiocfaiḋ nuair naċ sílfear
Mar ġaduiḋ ar ṡiúḃal na h-oiḋċe,
An gruagach sladaiḋe, an bás.
18
Glacaiġiḋ-se coṁairle,
Anois i neart 'sa n-óige,
An cuntas do ḃeiṫ i g-cóir;
'San aiṫriḋe ḋeunaḋ i n-am,
No tiocfaiḋ an lá ḃeiḋeas brónaċ
'Snaċ mbeiḋ áirde ar ḃur nglór-sa
Dá leáġóċ' siḃ le deoraiḃ
Na súile astiġ 'n ḃur gceann.
19
Tá sé againn sgríoḃṫa
Ó ḃeul an Spioraid Naoṁṫa
Barr os cionn na mílte
Ṡíos i d-teampull Dé,
Go mbeiḋ trioblóid ṁór i dtíriḃ,
Cogaiḋe treun' ag riġṫiḃ,
Díoṫċáin ar na daoiniḃ,
