34
AN GAOḊAL.
DO M' ṀÁṪAIR.
Leis an nGaḃardonn.
1
A ṁáṫair, is uaigneaċ mo ċroíḋe,
Ó tá tú go fuar ins an gcreafóg ag luiḋe,
Ní 'l ceol ag na h-eunaiḃ; is gruamaċ an sruṫ;
Is duḃ, duairc an speur lán de neultaiḃ i n-diú.
2
Buḋ suaiṁneaċ an t-am in ar ṡuiḋe mé led' ṫaoḃ
Ag éisteaċt go grinn leat nuair ḃí tú ag sníoṁ
Breáġ-sgeultaḋ ar d-tíre, nó 'g seinim go binn
Sean-aḃrán na h-Éireann — ceol sulṫṁar, suairc, grinn.
3
Do ṁúin tú ḋam gráḋ ṫaḃairt do ṫír ḋil na m-bárd,
'S do ṫeangaiḋ na Gaeḋilge 'n a ṡeinn siad go h-árd,
A's saoirse na h-Éireann a iarraiḋ go deo,
Ní le 'caint' aċt le 'lann' a's 'láṁ láidir' 's an ngleo.
4
Ní ċluinim do ġuṫ 'nois, aċt cluinim i m' ċroíḋe
Mac-alla do ṫeagaisg do m' ġríosaḋ a ċoíḋ
Mo ḋíṫċioll a ḋeunaḋ sean-Éire a ċur
'Na h-áit measg na náisiún saor, 's d'oibriuġ' gan sgur!
5
Oċón-eó! oċón! cluinim fuaim measg na g-crann
Ag osnaíġil go brónaċ, tá 'n doilġíos go teann
Fá m' anam-sa fáisgṫe mar ṁarḃḟáisg na m-barḃ
Tá smaointiḋe mo ċroíḋe 'stiġ dólásaċ a's searḃ!
6
Tá 'n fiaċ ins an oíḋċe ag sgreadaḋ go geur
Mar an bás féin ag gáire, 's ag líonaḋ an aer
Le fuaim ṁóir an uaṫḃáis ; tá ceo trom ag luiḋe
Ar aġaiḋ na talṁan ó ṁaidin go h-oiḋ
7
Oċ! cluinim an ġaoṫ measg na gcrann n-árd ag caoi
Is cosṁúil a guṫ le guṫ ḃrónaiġ mná-siġe.
Tá 'n ḟairge fá ġruaim ċum na tráġa ag riṫ,
Is duairc, duḃ an speur, tá an ġrian ag dul faoi.
8
A ṁáṫair! a ṁáṫair! gíḋ brónaċ mo ċroíḋe,
Níor ċailleas mo ḋóṫċus i ngráḋ mór Riġ
Go ḃfeicfinn-se tú 'rís ar ḟlaiṫeas na m-beo
Corónta le glóir ṁóir a's sasta le sóġ.
9
Ní ṫig leis an m-bás a ḃreiṫ buaḋa ar Ḋia
Óir i nDia tá 'n ḃeaṫa 'n a cóṁnuiḋe gan gliaṫ —
Nuair ṡéidfeas an stoc mór éireóċaiḋ na mairḃ
Ċum beaṫa no báis — béiḋ an Breiṫeaṁ geur, searḃ.
10
Seaḋ! feicfiḋ mé ṫú, sin an t-aṫas is mó,
A's cluinfead do ġuṫ 'rís do m' líonaḋ de ṡóġ
