42
AN GAOḊAL
Is Cell mor Dun-leṫ-Gluisse,
Nim dil ciḋ di-ṫruḃ Teṁair.
23
Patraic dia m-boi il loḃra
Ad coḃra dol do Maċe
Do Luiḋ Aingel ar a ċeann
For seḋ a meaḋan laiṫe
(Le ḃeiṫ leanta)
And the great church of Dundal¬
ethglass [Down].
It is not pleasant that tribeless
be Teamar.
23
Patrick, after he was in sickness,
For comfort, was going to Armagh;
But there sat an angel on his head
On the way, in the middle of the
day.
SLÁNAIĠID DIA ÉIRE.
Aisdriġṫe leis an Aṫair E. O Graṁna
Féaċ Vol. X. l. 374.
As an g-croiċ ag croċaḋ ḃí
Triúr mac do b' uasal croiḋe;
Buailte síos aig dian-riġ díoġaltaċ
'lár a m-bláṫ ;
Aċt do ṡeas siad ós a ċoṁair
Dána 'r nós a sinnsear mór —
Agus ċuadar ċum ḃáis le croiḋe gan
sgáṫ.
(Luinneog)
"Slánuiġiḋ Dia Éire," ar na gaisgiḋiġ,
"Slánuiġiḋ Dia Éire," a n-aon ráḋ,
'S cuma linn cá d-tuitfimid
Ar an g-croiċ, nó ins an troid,
O nach cuma! aċt bár ḟáġail d' Éirinn,
tír ar ngráḋa.
Air gaċ taoiḃ ḃí náiṁde dúr,
Aċt go dána ṡeas an triúr,
Óir ba cuiṁnaeċ leo dil-ċroiḋṫe ngar
's i g-céin;
Mílte croiḋṫeaḋ, cróḋa, fíor,
Tars an t-sáile tonntaċ ṡiar,
A's na cáirde dil' in Éirinn Naoṁṫa
séin.
(Luinneog)
"Slánuiġiḋ Dia Éire" 'n gáir ḃródaċ,
"Slánuiġiḋ Dia Éire," a n-aon ráḋ,
'S cuma linn cá d-tuitfimid,
Air an g-croiċ, nó ins an troid,
Ó naċ cuma! aċt bár ḟáġail d' Éirinn
tír ar ngráḋa
Ċuadar fuas an staiġre cam,
Ġlaoḋadar ar Ḋia 'r an am,
A's annsin, a's teud na Sacsan gleus¬
ta leo —
Ṗógadar le gráḋ an ṗóg,
Ar nós dearḃráṫar dílis, óg.
D'a d-Tír féin, d'a nDia, 's do 'n t-
saoirse, fíor go deo —
(Luinneog)
"Slánuiġiḋ Dia Éire," a'n gáir ḃródaċ
"Slánuiġiḋ Dia Éire," a n-aon ráḋ,
'S cuma linn cá d-tuitfimid,
Ar an g-croiċ, nó ins an troid,
Ó naċ cuma! aċt bár ḟáġail d' Éirinn
tír ar ngráḋa.
A's ní léigfimid go deo
As ar n-inntinn cuiṁne ḃeo
Ar an triúr a ṫug a n-anmanna d'ar
d-tír;
Aċt ar aġaiḋ ag dul go bráṫ
'S cuma linn seun, soġ, a's cráḋ,
Nó go m-béiḋ ar d-tír 'na Dúiṫċe ṁóir
a's saoir.
(Luinneog)
"Slanuiġiḋ Dia Éire" ar ngáir ḃródaċ,
"Slánuiġiḋ Dia Éire" ar n-aon ráḋ,
'S cuma linn cá d-túitfimid,
Ar an g-croiċ, nó ins an troid,
Ó naċ cuma! aċt bár ḟáġail d'Éirinn,
tír ar ngráḋa.
We would recommend all those de¬
sirous of possessing a solid interesting
Gaelic reading matter to write to Mr.
Patrick O'Brien, the Gaelic publisher,
46 Cuffe st. Dublin, for his very in¬
teresting book, Bláiṫḟleasg de Ṁil¬
seáiniḃ na Gaeḋailge. Price, in cloth,
3s.
